Maidir linn
-
Ó: An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
- Foilsithe: 1 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 10 Meitheamh 2024
Is é ról Aonad Cuntasaíochta an Rialtais beartas a fhorbairt agus comhairle a thabhairt ina leith maidir le cuntasaíocht, bainistíocht airgeadais, iniúchadh inmheánach agus bainistíocht riosca do réimse an rialtais láir agus do Cheapacháin Boird Stáit. Tá freagracht ar Aonad Cuntasaíochta an Rialtais as an leabhar Nósanna Imeachta Airgeadais Phoiblí (PFP), An Cód Cleachtais um Rialachas Comhlachtaí Stáit (2016), an Cód Caiteachais Phoiblí, Miontuairisc an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Treoir maidir le Bainistiú Riosca agus Caighdeáin na hIniúchóireachta Inmheánaí do Ranna agus d’Oifigí Rialtais.
I measc na bhfeidhmeanna eile, tá:
- idirchaidreamh a dhéanamh leis an gCoiste um Chuntais Phoiblí (PAC) thar ceann na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir le Miontuairiscí an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus maidir le freastal oifigeach ar chruinnithe an choiste
- comhairliúchán le hOifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (C&AG) de réir mar is gá
- comhairle a sholáthar agus Ciorcláin a eisiúint do ranna agus d'oifigí a bhaineann le cúrsaí Cuntasaíochta an Rialtais
- freagracht as an leabhar Nósanna Imeachta Airgeadais Phoiblí, 'An Leabhar Gorm'
- barántais a eisiúint maidir le hoifigigh chuntasaíochta a cheapadh
Government Accounting Unit
- Seoladh:
- Department of Public Expenditure and Reform, Floor 1, Block 1, 53-58 Miesian Plaza, Baggot Street, Dublin 2
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
+353 1 6767571;
1890 661010