Rialachas
-
Ó: An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
- Foilsithe: 29 Meitheamh 2021
- An t-eolas is déanaí: 16 Nollaig 2024
Nuashonrú: An 29 Meitheamh 2021, d'aontaigh an Rialtas an creat reatha nósanna imeachta rialachais a bhfuil feidhm acu maidir le Comhlachtaí Tráchtála Leathstáit (CSSBanna) a athdhearadh agus a athbhreithniú i ndáil le moltaí sonracha aoisliúntais agus íocaíochta. Chun an cinneadh a chur i bhfeidhm, tharla na hathruithe seo a leanas:
Athruithe ar an gCód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú, Iarscríbhinn ar Luach Saothair & Aoisliúntas
- Tá mír nua maidir le scéimeanna téarfa (Iomarcaíocht Dheonach agus Scéimeanna Luathscoir Dheonaigh) curtha san áireamh in alt 1.7.
- Tá mír nua maidir le scéimeanna pinsin curtha san áireamh in alt 2.13.
- Tá leagtha amach sa téacs in ailt 1.7 agus 2.13 go gcuirfidh RÉNua comhairle ar fáil maidir le tograí d'Airí aonair agus don RCPA araon.
Athruithe ar Litir Ionchas Scairshealbhóirí Shamplach.
I gcuid 4. Socruithe Rialachais, táthar tar éis mír nua, Luach Saothair agus Aoisliúntas, a chur isteach lena dtreoraítear and t-úsáideoir chuig an larscríbhinn a ghabhann leis an gCód Cleathais um Rialachas Comhlachtaí Stáit.
Foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2020 Iarscríbhinn nua maidir le Cothromaíocht Inscne, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht chun cur leis an gCód Cleachtais um Rialachas Comhlachtaí Stáit atá ann cheana.
Tá an Iarscríbhinn maidir le Cothromaíocht Inscne, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht le fáil anseo.
Tá an preasráiteas maidir le seoladh na hIarscríbhinne a ghabhann leis an gCód Cleachtais le fáil anseo.
Tá an Cód Cleachtais athbhreithnithe agus nuashonraithe um Rialachas Comhlachtaí Stáit (2016) deartha lena chinntiú go gcomhlíonann comhlachtaí Stáit tráchtála agus neamhthráchtála araon na caighdeáin is airde rialachas corparáideach. Cuireann sé creat ar fáil chun dea-chleachtas a chur i bhfeidhm agus tá sé i gceist forbairtí maidir le maoirseacht, riachtanais tuairiscithe agus ceapadh chomhaltaí an Bhoird a chur san áireamh. Tá an Cód bunaithe ar bhunphrionsabail an dea-rialachais: cuntasacht, trédhearcacht, ionracas agus fócas ar rath inbhuanaithe na heagraíochta san fhadtéarma.
Tá an Cód Cleachtais nuashonraithe um Rialachas Comhlachtaí Stáit (2016) roinnte ina shraith doiciméad ina bhfuil an príomhchód agus doiciméid níos mionsonraithe inar leagadh amach riachtanais an Chóid mar seo a leanas:
An Cód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú
Riachtanais Tuairiscithe Gnó agus Airgeadais
Treoir an Choiste Iniúchóireachta agus Riosca
Luach Saothair agus Aoisliúntas
Ceistneoir Mheastóireacht Féinmheasúnaithe an Bhoird
agus
Treoir maidir le hAthbhreithniú Criticiúil Tréimhsiúil ar Chomhlachtaí Neamhthráchtála Stáit
Tá Cód Cleachtais comhdhlúite um Rialachas Comhlachtaí Stáit 2016 ar fáil anseo. Tá an príomhchód agus na 4 dhoiciméad níos mionsonraithe ann in aon doiciméad pdf amháin, a d'fhéadfadh tagairt dó a éascú.
Maidir le comhlachtaí tráchtála Stáit, is é an Litir Ionchas Scairshealbhóirí Shamplach an comhaontú maoirseachta idir an tAire/máthair-Roinn ábhartha agus an comhlacht Stáit. Tá sampla den Litir Ionchas Scairshealbhóirí san áireamh le haghaidh faisnéise: Litir Ionchas Scairshealbhóirí Shamplach.
Is féidir teacht ar an bpreasráiteas maidir le seoladh an Chóid Cleachtais anseo.
Tá liosta de na hathruithe suntasacha i leagan 2016 den Chód Cleachtais ó leagan 2009 le fáil anseo.
Nóta le haghaidh tréimhsí tuairiscithe airgeadais 2016.
Treoir maidir le Ráitis Airgeadais a Ullmhú agus a Chur i Láthair faoin gCód Cleachtais um Rialachas Comhlachtaí Stáit 2016
Treoir maidir leis na hImpleachtaí do na Ráitis Airgeadais Bhliantúla agus don Tuarascáil Bhliantúil
Tá leaghta amach sa treoir seo conas ba cheart na riachtanais agus an nochtadh tuairiscithe airgeadais sa Chód Cleachtais um Rialachas Comhlachtaí Stáit (2016) a thuairisciú i ráitis airgeadais comhlachtaí Stáit.
Is féidir teacht ar an treoir anseo.
Ceapachán Príomhoifigigh Feidhmiúcháin Comhlachtaí Stáit Neamhthráchtála
I mí Aibreáin 2019, d'fhoilsigh an Rannóg um Pá agus Pinsin Seirbhíse Poiblí (RCPA) Treoirlínte maidir le Príomhfheidhmeannaigh Comhlachtaí Stáit Neamhthráchtála a Cheapadh.
Is é aidhm na dTreoirlínte seo cabhrú le Bord na gComhlachtaí Neamhthráchtála Stáit (NCSB) agus le Máthair-Ranna maidir leis an bpróiseas atá le leanúint agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin (POF) de chuid Comhlachta Stáit Neamhthráchtála á cheapadh.
Tá na Treoirlínte sin ar fáil ar líne anseo.
Teimpléid
D'ullmhaigh an Rannóg um Pá agus Pinsin Seirbhíse Poiblí (RCPA) na teimpléid seo a leanas le húsáid ag Comhlachtaí Stáit Neamhthráchtála agus ag a máthair-Roinn:
Ceapachán Príomhoifigigh Feidhmiúcháin Chomhlachtaí Tráchtála Stáit a cheapadh
I mí na Bealtaine 2019, d'fhoilsigh an Rannóg um Pá agus Pinsin Seirbhíse Poiblí (RCPA) conradh fostaíochta teimpléadach athbhreithnithe i gcomhair ceapachán Príomhoifigigh Feidhmiúcháin Comhlachtaí Tráchtála Stáit.
Tá an teimpléad seo ann lena chinntiú go gcuirtear téarmaí caighdeánacha conarthacha i bhfeidhm ar phoist Príomhoifigeach Feidhmiúcháin i gComhlachtaí Tráchtála Stáit. Tá téarmaí agus coinníollacha na bpost seo faoi réir thoiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
Déantar an conradh teimpléadach seo a nuashonrú ó am go ham agus tá an leagan is déanaí ar fáil thíos:
Táillí is iníoctha le Cathaoirligh agus le Comhaltaí na mBord Stáit
Tá na táillí reatha atá iníoctha le Cathaoirligh agus le Comhaltaí na mBord Stáit ar fáil anseo.
Iniúchadh Inmheánach
Is féidir treoir a fháil ar ár bhfeidhm i leith Iniúchadh Inmheánach anseo.
Bainistíocht Riosca
Is féidir leat treoir a fháil ar ár bhfeidhm i leith Bainistíocht Riosca anseo.
NÓTA
Is féidir na doiciméid seo a nuashonrú ó am go ham gan réamhfhógra ó Aonad Cuntasaíochta an Rialtais. Foilseofar an leagan is déanaí ar an leathanach gréasáin seo.
Tá an Cód Cleachtais um Rialachas Comhlachtaí Stáit (2009) ar fáil anseo le tagairt dó.