Seirbhísí Poiblí Níos Fearr: Acmhainní Nuálaíochta
-
Ó: An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
- Foilsithe: 20 Meán Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 4 Samhain 2024
Ciste Nuálaíochta na Seirbhíse Poiblí 2024
D’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe, Paschal Donohoe TD na tionscadail a dtacófar leo faoi Chiste Nuálaíochta na Seirbhíse Poiblí 2024. Áirítear leis na sé thionscadal, ar bronnadh €500,000 san iomlán orthu, tionscnaimh ó earnálacha na sláinte, an oideachais, an rialtais áitiúil agus earnálacha deonacha.
Fuair Ciste Nuálaíochta na Seirbhíse Poiblí 2024 os cionn 50 iarratas ó Chomhlachtaí Seirbhíse Poiblí ar fud na hÉireann a thagann le croíthéamaí straitéis chlaochlaithe na Seirbhísí Poiblí Níos Fearr de chuid an Rialtais – Digiteach agus Nuálaíocht ar Scála, Fórsa Saothair agus Eagraíocht na Todhchaí agus Beartas agus Seirbhísí Fianaise-Bhunaithe.
I measc na dtionscadal nua molta ar dámhadh maoiniú orthu, tá:
- Tionscadal úsáideoir-láraithe, a dtacaítear leis go digiteach, ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath (i gcomhar le NCAD agus FSS) chun a Seirbhís Cothabhála Tithíochta Sóisialta a chlaochlú.
- Gaireas inchaite á fhorbairt ag Ospidéal Ollscoile Thamhlachta (i gcomhar le hOspidéal San Séamas) a úsáidfear agus cóireáil plúchta á cur ar othair.
- Tairseach tuairiscithe dhigitigh do ghardaí tarrthála, a fhorbróidh Comhairle Contae an Chláir.
- Staidéar a dhéanfaidh Ospidéal Naomh Uinseann (i gcomhar le FSS agus COBÁC) chun scrúdú a dhéanamh ar a indéanta a bheadh sé córas bunaithe ar IS a úsáid chun galar croí a thriáiseáil agus a mheas i suíomh pobail.
- Aip a fhorbróidh Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le clár Localize um Obair Dheonach a chuirfidh spás ar fáil do dhaoine óga chun éachtaí oibre deonaí a thaifeadadh.
- Tionscadal chun cúram máithreachais a athrú as éadan ach uirlis nuálach measúnaithe riosca a chomhtháthú leis an gCóras Bainistíochta Cliniciúil Náisiúnta do Mháithreacha agus Naíonáin Nuabheirthe.
Ó bhí 2019 ann, le Ciste Nuálaíochta na Seirbhíse Poiblí cuireadh thart ar €3.5 milliún ar fáil i dtacaíocht mhaoiniúcháin chun tacú le breis agus 105 tionscadal ar fud na hÉireann. Is é Ciste Nuálaíochta na Seirbhíse Poiblí 2024 an séú leagan den chiste agus i gcomórtas na bliana seo, leagadh béim láidir ar chlaochlú digiteach traseagrúcháin chun an fhís do Sheirbhís Phoiblí dhigiteach a bhrú chun cinn mar a leagtar amach i straitéis chlaochlaithe na Seirbhísí Poiblí Níos Fearr.
Míle buíochas leo siúd ar fud na Seirbhíse Poiblí a chuir isteach ar chiste na bliana seo. Má oibríonn tú sa tSeirbhís Phoiblí, is féidir leat iarratas a dhéanamh chun dul isteach i Líonra Nuálaíochta na Seirbhíse Poiblí le coinneáil ar an eolas faoi thionscnaimh nuálaíochta amach anseo, Ciste Nuálaíochta na bliana seo chugainn san áireamh.
Ciste Nuálaíochta na Seirbhíse Poiblí 2023
Faoi Chiste Nuálaíochta na Seirbhíse Poiblí 2023, roghnaigh painéal meastóireachta sinsearach 18 dtionscadal rathúla chun maoiniú a fháil i gceithre chatagóir – claochlú digiteach, nuálaíocht na tacaíochta do shaoránaigh, dearadh nuálach seirbhísí, agus tionscnaimh ghlasa agus inbhuanaitheachta. Ar an iomlán, dhámh an Roinn €750,000 i dtacaíochtaí ar fud na dtionscadal uile.