English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Seirbhísí Poiblí Níos Fearr: Líonraí


Leis na líonraí thíos cuirtear deiseanna ar fáil le heolas a chomhroinnt agus comhoibriú a dhéanamh i measc Státseirbhíseach agus Fostaithe sa tSeirbhís Phoiblí.


An Líonra Nuálaíochta

Is é is aidhm don Líonra Nuálaíochta tacú le cultúr nuálaíochta a chothú ar fud na Seirbhíse Poiblí. Tá an bhallraíocht fadréimseach agus cuirtear fócas an líonra ar phríomhtheachtaireachtaí nuálaíochta a chur in iúl, eolas a chomhroinnt agus díocas chun nuálaíochta a chothú ar fud na Seirbhíse Poiblí. Is meicníocht atá sa líonra freisin chun scileanna a chothú sa nuálaíocht agus chun uirlisí agus acmhainní a chur ar fáil do na baill.

Chun tuilleadh eolais a fháil, seol ríomhphost chuig innovation@per.gov.ie nó déan iarratas chun dul isteach sa líonra tríd an bhfoirm iarratais ar líne.

Tabhair cuairt ar an seinnliosta ábhair Nuálaíochta ar ár gcainéal YouTube chun féachaint ar sheimineáir ghréasáin arna n-eagrú ag an líonra agus tuilleadh a fhoghlaim faoi nuálaíocht sa tSeirbhís Phoiblí.


An Líonra Sonraí Oscailte

Cuireann an Líonra Oifigeach Teagmhála Sonraí Oscailte trédhearcacht agus comhoibriú chun cinn ach foilsiú sonraí eagraíochtúla mar Shonraí Oscailte a éascú. Agus tacaíocht á fáil aige ón Aonad Sonraí Oscailte, cumasaíonn an líonra seo na baill le hoiliúint agus tacaíocht theicniúil. Chun tuilleadh a fhoghlaim faoin gcaoi a spreagann sonraí oscailte athruithe dearfacha sa tseirbhís phoiblí, nó le bheith páirteach sa líonra seo, bí i dteagmháil linn ag opendata@per.gov.ie


An Líonra Seirbhíse Ardchaighdeáin do Chustaiméirí

Cuid lárnach de chreat an rialtais um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí is ea feabhas a chur ar an mbealach a mbíonn an tSeirbhís Phoiblí i dteagmháil lena custaiméirí, agus feabhas a chur ar dhearadh agus seachadadh seirbhíse. Faigh tuilleadh eolais faoi Thionscnamh na Seirbhíse Ardchaighdeáin do Chustaiméirí nó déan iarratas chun dul isteach sa Líonra Seirbhíse Ardchaighdeáin do Chustaiméirí ach ríomhphost a sheoladh chuig qcsofficersnetwork@per.gov.ie

Tabhair cuairt ar an seinnliosta ábhair QCSN ar ár gcainéal YouTube chun féachaint ar sheimineáir ghréasáin arna n-eagrú ag an líonra agus tuilleadh a fhoghlaim faoi nuálaíocht sa tSeirbhís Phoiblí.