Open Government in Ireland
-
Ó: An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
- Foilsithe: 1 Deireadh Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 27 Feabhra 2025
Ceathrú Plean Gníomhaíochta Náisiúnta Comhpháirtíochta Rialtais Oscailte na hÉireann 2023–2025
Trí obair chomhchruthaithe arna stiúradh ag an ngrúpa Comhchéime, ar a bhfuil ionadaithe ón tsochaí shibhialta agus ionadaithe ó Ranna Rialtais, forbraíodh Ceathrú Plean Gníomhaíochta Náisiúnta Comhpháirtíochta Rialtais Oscailte na hÉireann. Tá sé ar fáil le léamh i nGaeilge agus i mBéarla.
Tá gealltanais sa phlean seo ó chúig Roinn rialtais chun trédhearcacht, ionracas, cuntasacht agus rannpháirtíocht páirtithe leasmhara a neartú chun tacú leis an daonlathas agus le fás ionchuimsitheach.
An Réamhrá
Is cultúr rialachais é rialtas oscailte a chuireann prionsabail na trédhearcachta, an ionracais, na cuntasachta agus rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara chun cinn chun tacú leis an daonlathas agus le fás ionchuimsitheach.
Ní féidir leis an Rialtas amháin saincheisteanna casta beartais a réiteach. Nuair a bhíonn baint ag saoránaigh le ceapadh beartais phoiblí, déantar cinntí níos eolasaí dá bharr. Is féidir le beartais agus seirbhísí freagairt níos fearr do riachtanais daoine ansin. Tuigfear níos fearr conas a d’fhéadfadh an pobal freagairt do bheartais agus do sheirbhísí nua nó leasaithe. Is féidir le saoránaigh agus úsáideoirí seirbhísí tuiscint níos fearr a fháil ar na cúiseanna atá taobh thiar de roinnt cinntí agus níos mó muiníne a bheith acu go bhfuil rudaí ag bogadh sa treo ceart.
Is iad prionsabail agus luachanna an rialtais oscailte:
• Trédhearcacht: Rochtain ar fhaisnéis atá i seilbh an rialtais a fheabhsú a thuilleadh, seachas faisnéis ar ghníomhaíochtaí an rialtais amháin.
• Rannpháirtíocht Saoránach: Rannpháirtíocht gach baill den phobal a bhfuil suim aige ann a mhéadú a thuilleadh le bonn eolais a chur faoi chinnteoireacht ar feadh an timthrialla beartais, trí rannpháirtíocht fhoirmiúil an phobail agus/nó rannpháirtíocht saoránach níos leithne.
• Cuntasacht Phoiblí: Chun cuntasacht a fheabhsú a thuilleadh, lena n-áirítear rialacha, rialacháin agus sásraí lena n-iarrtar ar ghníomhaithe rialtais údar a thabhairt dá ngníomhaíochtaí, gníomhú de réir cáineadh nó ceanglais atá orthu, agus freagracht a ghlacadh as mainneachtain déanamh de réir dlíthe nó gealltanais. Tá gá le gné atá os comhair an phobail.
• Teicneolaíocht agus Nuálaíocht ar mhaithe le trédhearcacht, rannpháirtíocht agus cuntasacht: Úsáid na teicneolaíochta agus na nuálaíochta a fheabhsú a thuilleadh chun bainteacht an phobail sa rialtas a chumasú trí rochtain ar cheann amháin ar a laghad as faisnéis, rannpháirtíocht phoiblí nó cuntasacht phoiblí a fheabhsú.