English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

Prionsabal Threoracha na Seirbhíse Ardchaighdeáin do Chustaiméirí

Cuireadh tús leis an Tionscnamh Seirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí in 1997 agus leagtar amach ann 9 dTreoirphrionsabal Seirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí - méadaíodh é seo go dtí 12 in 2000 agus tá siad leagtha amach thíos.

1. Caighdeáin Seirbhíse Ardchaighdeáin

Ráiteas a fhoilsiú ina dtugtar cuntas ar chineál agus cáilíocht na seirbhíse ar féidir le custaiméirí súil a bheith acu leo agus iad a thaispeáint go feiceálach ag pointe an tsoláthair seirbhíse.

2. Comhionannas/Éagsúlacht

An ceart ar chomhionannas, faoi mar atá bunaithe i reachtaíocht chomhionannais, a chinntiú agus riar ar éagsúlacht ionas go gcuirfear le comhionannas do na grúpaí atá cumhdaithe sa reachtaíocht chomhionannais (ar bhonn inscne, stádas pósta, stádas teaghlaigh, claonadh gnéis, creideamh reiligiúin, aoise, míchumais, cine agus a bheith mar dhuine den Phobal Taistil). Bacainní ar rochtain seirbhísí do dhaoine atá faoi bhochtaineacht agus eiseamh sóisialta a shainaithint agus féachaint le deireadh a chur leo, agus dóibh siúd a bhfuil bacainní geografacha rompu i dtaobh seirbhísí.

3. Rochtain Fhisiciúil

Oifigí glana inrochtana poiblí a sholáthar a chinntíonn príobháideachas, a chomhlíonann na caighdeáin ghairme agus sábháilteachta agus, mar chuid de seo, a éascaíonn rochtain do dhaoine faoi mhíchumas agus daoine eile a bhfuil riachtanais ar leith eile acu.

4. Faisnéis

Cur chuige réamhghníomhach a ghlacadh chun faisnéis a sholáthar atá soiléir, tráthúil agus cruinn, atá ar fáil ag gach pointe teagmhála, agus a fhreastalaíonn ar riachtanais daoine a bhfuil riachtanais ar leith acu. A chinntiú go mbaintear leas iomlán as an acmhainn atá i dTeicneolaíocht na Faisnéise agus go gcomhlíonann an fhaisnéis atá ar fáil ar láithreáin ghréasáin seirbhíse poiblí na treoirlínte maidir le foilsiú ar an ngréasán. Leanúint leis an bhfeachtas chun rialacha, rialacháin, foirmeacha, bileoga eolais agus nósanna imeachta a shimpliú.

5. Tráthúlacht agus Cúirtéis

Seirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar le cúirtéis, íogaireacht agus a laghad moille agus is féidir, cóimheas a a chothú idir an soláthraí agus an custaiméir.

6. Gearáin

Córas a choimeád atá dea-phoiblithe, inrochtana, trédhearcach agus éasca le húsáid chun déileáil le gearáin faoi cháilíocht na seirbhíse a chuirtear ar fáil.

7. Achomhairc

Ar an gcuma chéanna, córas a choimeád atá foirmiúil, dea-phoiblithe, inrochtana, trédhearcach agus éasca le húsáid d’achomharc/athbhreithniú do chustaiméirí atá míshásta le cinntí maidir le seirbhísí.

8. Comhairliúchán agus Meastóireacht

Cur chuige struchtúrach a sholáthar i leith comhairliúchán bríoch a dhéanamh leis, agus rannpháirtíocht ag, an custaiméir maidir le forbairt, soláthar agus athbhreithniú seirbhísí. A chinntiú go ndéantar meastóireacht bhríoch ar sholáthar seirbhíse.

9. Rogha

Rogha a thabhairt, sa chás gur indéanta, sa soláthar seirbhíse, lena n-áirítear modhanna íocaíochta, láthair pointí teagmhála, uaireanta oscailte agus amanna seachadta. Teicneolaíochtaí atá ar fáil agus atá ag teacht chun cinn a úsáid lena oiread rochtana agus rogha agus is féidir, agus soláthar ardchaighdeáin a chinntiú.

10. Comhionannas na dTeangacha Oifigiúla

Seirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar trí Ghaeilge agus/nó go dátheangach agus custaiméirí a chur ar an eolas faoin gceart atá acu a roghnú go ndéileálfar leo trí theanga oifigiúil amháin nó eile .

11. Comhordú Níos Fearr

Cur chuige níos comhordaithe agus comhtháite a chothú nuair a bhíonn seirbhísí poiblí a sholáthar.

12. Custaiméirí Inmheánacha

A chinntiú go n-aithnítear an fhoireann mar chustaiméirí inmheánacha agus go dtacaítear i gceart leo agus go dtéitear i gcomhairle leo i dtaobh saincheisteanna soláthar seirbhíse.

Cliceáil anseo i gcomhair tuilleadh eolais ar an Tionscnamh Seirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméiri agus anseo i gcomhair Thionscnamh agus Threoirlínte na Cairte Custaiméirí.