English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Róil

Ard-Runaí an Roinn Caiteachais Phoiblí Sheachadadh PFN agus Athchóirithe

Is é an tArd-Rúnaí Ceann na Roinne.

Tacaíonn sé leis ina mhisean freastal ar leas an phobail trí thacú le seachadadh caiteachais phoiblí atá dea-bhainistithe, dea-spriocdhírithe trí sheirbhísí poiblí atá nua-aimseartha, éifeachtach agus cuntasach.

Tá an obair seo dírithe go háirithe ar thacú agus maoirseacht a dhéanamh ar chreat comhleanúnach inbhuanaithe le haghaidh caiteachais phoiblí agus athchóirithe; leanúint le ceannaireacht a léiriú maidir le rialú agus maoirseacht éifeachtach ar airgeadas poiblí agus déileáil le brúnna caiteachais chun tacú le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach; agus ceannaireacht a sholáthar maidir le hathchóiriú agus nuálaíocht a thiomáint ar fud na státseirbhíse agus na seirbhíse poiblí.

Tá na freagrachtaí seo a leanas ar an Ard-Rúnaí faoin Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí 1997:

  • gnó ginearálta na Roinne a bhainistiú;
  • beartais rialtais is iomchuí don Roinn a chur i bhfeidhm;
  • monatóireacht a dhéanamh ar bheartais rialtais a théann i bhfeidhm ar an Roinn;
  • aschuir a chur ar fáil de réir mar a chinnfidh an tAire;
  • comhairle bheartais a sholáthar don Aire ar gach ábhar faoi shainchúram na Roinne;
  • Ráitis Straitéise a ullmhú le cur faoi bhráid an Aire;
  • tuarascálacha ar dhul chun cinn a sholáthar don Aire ar chur i bhfeidhm an Ráitis Straitéise;
  • úsáid cheart acmhainní a chinntiú agus seirbhísí poiblí costéifeachtacha a sholáthar;
  • imlíne a ullmhú ar an gcaoi a sannfar freagrachtaí ar leith d’oifigigh eile
  • tríd an Roinn
  • ábhair a bhainistiú a bhaineann le ceapacháin, feidhmíocht, disciplín agus dífhostú státseirbhíseach faoi ghrád an Phríomhoifigigh nó a choibhéis

Is é an tArd-Rúnaí an tOifigeach Cuntasaíochta freisin don Roinn Caiteachais Phoiblí Sheachadadh PFN agus Athchóirithe.

Holders