Rúnaí Cúnta na Rannóige Aeráide
-
Ó: An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
- Foilsithe: 8 Iúil 2022
- An t-eolas is déanaí: 14 Lúnasa 2024
Freagracht ag leibhéal Rúnaí Cúnta as maoirsiú a dhéanamh ar mhaoiniú gníomhaíochta aeráide, ar bheartais infheistíochta caipitil agus ar thaighde agus luacháil aeráide na Roinne. Cuireann an Rannóg comhairle ar an Aire agus ar an Rialtas freisin maidir le himpleachtaí caiteachais phoiblí na ngealltanas um ghníomhú aeráide.
Tiomáineann Ceann na Rannóige Aeráide cur i bhfeidhm an Phlean Forbartha Náisiúnta i gcomhthéacs Thionscadal Éireann 2040 agus tá sé freagrach ag leibhéal Rúnaí Cúnta as bainistiú na Vótaí seo a leanas:
- Iompar
- Talmhaíocht, Iascach agus Muir
- OOP (OPW)
- Cumarsáid Aeráide agus an Comhshaol
- Gnóthaí Eachtracha agus Forbairt Thar Lear