Rúnaí Cúnta Rannóg Athchóirithe na Seirbhíse Poiblí
-
Ó: An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
- Foilsithe: 17 Nollaig 2021
- An t-eolas is déanaí: 28 Iúil 2023
Freagracht ag leibhéal Rúnaí Cúnta don Rannán um Chlaochlú na Seirbhíse Poiblí ina bhfuil 4 fhoireann: an tAonad um Bheartas Claochlaithe na Seirbhíse Poiblí, an tAonad Seachadta Claochlaithe, Aonad na Cumarsáide agus an tAonad Preasoifige agus an tAonad Lár-Vótaí, Vóta TCAGSM agus Comhlachtaí Corparáideacha.
Cuimsíonn sé seo freagracht as:
- clár an Rialtais um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí, Nuálaíocht agus Athnuachan na Státseirbhíse a fhorbairt, a thiomáint, a chomhordú, a sheachadadh agus a mheas;
- Aonad Cumarsáide agus Preasoifige na Roinne a threorú agus tacú leis; agus
- bainistíocht agus maoirseacht a dhéanamh ar chaiteachas do Lár-Vótaí (lena n-áirítear DRCD), vóta TCAGSM & Aonad na gComhlachtaí Corparáideacha, lena n-áirítear comhairle maidir le saincheisteanna beartais earnála agus saincheisteanna a bhaineann le réadmhaoin stáit agus Coimisiún Thithe an Oireachtais.