An Scéim Liúntais Leasa Fhorlíontaigh (LLF)
- Foilsithe: 17 Meán Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 30 Meitheamh 2022
- Liúntas Bunúsach Leasa Forlíontach
- Forlíonadh Cíosa
- Íocaíochtaí ar Riachtanais Eisceachtúla
- Íocaíochtaí ar Riachtanais Phráinneacha
- Forlíontaí LLF
- Liosta oifigí ina soláthraítear seirbhísí LLF
Cuireann an scéim Liúntais Leasa Fhorlíontaigh líontán sábhála ar fáil laistigh den chóras leasa shóisialaigh foriomlán trí chúnamh a sholáthar do dhaoine sa Stát nach leor a maoin chun freastal ar a riachtanais agus ar riachtanais a gcleithiúnaithe.
Is é príomhchuspóir na scéime cúnamh láithreach agus solúbtha a sholáthar dóibh siúd atá i ngátar.
Tá roinnt íocaíochtaí laistigh den scéim agus cuirtear eolas breise ar fáil thíos.
Riarann Seirbhís Leasa Pobail na Roinne an Liúntas Leasa Forlíontach.
Liúntas Bunúsach Leasa Forlíontach
Íocaíocht sheachtainiúil é an Liúntas Bunúsach Leasa Forlíontach a íoctar le daoine nach bhfuil dóthain maoine acu chun freastal ar a riachtanais agus ar riachtanais a nduine fhásta cháilithe nó aon leanaí cáilithe. Is féidir é a íoc le daoine atá ag feitheamh le toradh éilimh nó achomhairc ar bhuníocaíocht leasa shóisialaigh nó dóibh siúd nach gcáilíonn d’íocaíocht faoi scéimeanna Stáit eile.
Forlíonadh Cíosa
Íocaíocht ar a ndéantar tástáil mhaoine is ea Forlíonadh Cíosa a íoctar le daoine áirithe atá ina gcónaí i gcóiríocht phríobháideach ar cíos nach féidir leo íoc as costas a gcóiríochta féin óna n-acmhainní féin.
Íocaíochtaí ar Riachtanais Eisceachtúla
Is íocaíocht aonair iad Íocaíochtaí ar Riachtanais Eisceachtúla a chabhraíonn le híoc as caiteachas bunriachtanach aonuaire eisceachtúil nach bhféadfadh súil réasúnta a bheith leis go mbeadh duine in ann a íoc as a n-ioncam seachtainiúil.
Íocaíochtaí ar Riachtanais Phráinneacha
Is éard atá in Íocaíochtaí ar Riachtanais Phráinneacha ná íocaíocht aonuaire a dhéantar le daoine nach gcáilítear iad faoi Liúntas Leasa Forlíontach de ghnáth ach a bhfuil riachtanas práinneach acu agus nach bhfuil sé d’acmhainn acu é a íoc as a gcuid acmhainní féin nó níl rogha eile ar fáil ag an tráth sin.
Forlíontaí LLF
Íoctar Forlíontaí Liúntais Leasa Fhorlíontaigh gach seachtain nó mí le cabhrú le híoc as costais leanúnacha riachtanacha nach bhféadfadh súil réasúnta a bheith leis go mbeadh duine in ann a íoc as a n-ioncam seachtainiúil.
Bronntar na híocaíochtaí seo faoi lánrogha an Oifigigh Leasa Pobail i ndiaidh breithniú a dhéanamh ar chúinsí ábhartha uile an cháis.
I measc na samplaí d’íocaíochtaí a dhéantar faoin scéim seo, tá an méid seo a leanas:
- Is féidir forlíonadh teasa a íoc nuair a bhíonn costais eisceachtúla bhunriachtanacha téimh ag an duine mar gheall ar dhrochshláinte nó éiglíocht.
- Is féidir forlíonadh taistil a íoc nuair a bhíonn costas leanúnach taistil, mar shampla, nuair a bhíonn costais taistil leanúnacha ag duine chun cuairteanna a thabhairt ar an ospidéal.
- Is féidir forlíonadh aiste bia a íoc chun cabhrú leis an gcostas a bhíonn ar aiste bia speisialta a d’ordaigh do dhochtúir nó do shainchomhairleoir ospidéil. (Tá an forlíonadh seo dúnta d’iarratasóirí nua anois.)