Clár na nÚsáideoirí UPSP
- Foilsithe: 28 Meán Fómhair 2017
- An t-eolas is déanaí: 25 Bealtaine 2022
Iarrtar ar Chomhlachtaí Sonraithe tuairisceán a sheoladh ar ais don chlár seo ina dtugtar cuntas ar an úsáid leanúnach a bhaintear as an Uimhir PSP agus ar phleananna amach anseo di. Léirítear sa chlár thíos na comhlachtaí siúd a chur leis go dtí seo. Is féidir leis an eolas a chuirtear ar fáil sna tuairisceáin seo cabhrú le cliaint an fáth gur iarr eagraíocht ar a nUimhir PSP a thuiscint. Nuashonraítear an Clár nuair a fhaightear eolas nua.
Freagraíonn comhlachtaí sonraithe a chuireann leis an gClár na ceisteanna seo a leanas:
- An úsáideann d’eagraíocht an Uimhir PSP faoi láthair?
- Má úsáideann, cad dó a n-úsáidtear í?
- An roinneann d’eagraíocht an Uimhir PSP le haon chomhlacht eile?
- Má roinneann, ainmnigh na comhlachtaí ábhartha agus cuspóir(í) na roinnte.
- An bhfuil aon phleananna eile ag d’eagraíocht a bhaineann leis an Uimhir PSP a úsáid?
Tá dualgas ann a chinntiú go gcomhlíontar prionsabail próiseála sonraí pearsanta a leagtar amach in Airteagal 5(1) agus 5(2) den RGCS. Tugtar an achoimre seo a leanas ar na prionsabail seo
- iad a phróiseáil ar bhealach dleathach, cothrom agus trédhearcach
- gan iad a bhailiú ach ar chuspóir amháin nó níos mó sonraithe, soiléir agus dlisteanach, agus gan iad a úsáid ar bhealach eile nach gcomhoireann do na cuspóirí siúd
- a chinntiú go bhfuil siad leordhóthanach, ábhartha agus teoranta don mhéid atá riachtanach maidir leis an gcuspóirí dá bpróiseáiltear iad
- iad a choimeád cruinn agus cothrom le dáta agus aon sonraí míchruinne a scriosadh nó a cheartú gan mhoill
- nuair a choimeádtar iad ar bhealach a cheadaíonn duit cé faoi a bhfuil na sonraí, gan iad a choimeád ar feadh níos faide ná mar is gá
- iad a choimeád slán trí úsáid a bhaint as bearta slándála cuí teicniúla agus/nó eagraíochta
- bheith in ann a thaispeáint go gcomhlíonann tú na prionsabail thuas, agus
- freagairt d’iarrataí a dhéanann daoine aonair a lorgaíonn a gcearta cosanta sonraí a fheidhmiú (mar shampla, an ceart rochtana)
An bhfuil bearta i bhfeidhm agat lena chinntiú go bhfuil na sonraí Aitheantais Seirbhíse Poiblí atá á gcoimeád agat, cibé acu má choimeádtar iad i bhformáid leictreonach nó scríofa, slán agus go bhfuil siad inrochtana agus nach bpróiseáiltear iad ach i dtaca leis an gcuspóir dár soláthraíodh iad?
Is féidir aon cheisteanna i dtaca le Clár na nÚsáideoirí a sheoladh chuig:
Compliance Section
- Seoladh:
- Compliance Section, Client Identity Services, Department of Social Protection, Shannon Lodge, Carrick-on-Shannon, Co Leitrim, N41 KD81
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
071 9672338
Ní eisíonn an Rannóg Comhlíonta Uimhreacha PSP agus ní dhéileálann sé le ceisteanna a bhaineann le Clár na nÚsáideoirí
Comhlachtaí atá údaraithe úsáid a bhaint as an Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí faoin reachtaíocht Leasa Shóisialaigh*
Cuireadh an t-eolas a foilsíodh ar thuairisceán Chlár na nÚsáideoirí le chéile ó go leor foinsí. Cé go rabhthas an-chúramach nuair a bhí ábhair an Chláir á gcur le chéile, tá teacht ar agus úsáid a bhaint as an eolas anseo istigh i bpriacal an úsáideora, agus iad siúd amháin. Cé go ndéantar gach iarracht chun ábhar a ullmhú lena bhfoilsiú, ní ghlacann an Roinn le haon fhreagracht ná ní ghlactar le haon fhreagracht thar ceann na Roinne as aon earráidí, easnaimh nó ráitis mhíthreoracha ar an gClár. Níor cheart brath ar an eolas, leis féin, nuair a bhíonn cearta dlíthiúla nó cinntí eile á ndeimhniú. Ní ghlacann an Roinn Coimirce Sóisialaí le dliteanas dlíthiúil nó eile d’aon mhíchruinneas, botún, mí-ráiteas nó aon earráid eile dá laghad a sheol aon aonán earráid lasmuigh den Roinn.
- Cliceáil na naisc thíos, le do thoil, chun súil a chaitheamh ar an liosta iomlán faoi gach teideal
- Clár Úsáideoirí UPSP - Ranna Rialtais
- Clár Úsáideoirí UPSP - Institiúidí Oideachais agus Boird Oideachais agus Oiliúna (BOOanna)
- Clár Úsáideoirí UPSP - Údaráis Áitiúla
- Clár Úsáideoirí UPSP - Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
- Clár Úsáideoirí UPSP - Ospidéil agus Seirbhísí Gaolmhara
- Clár Úsáideoirí UPSP - Úsáideoirí Eile