Forbhreathnú iomarcaíochta agus dócmhainneachta: Teidlíochtaí Fostaithe
- Foilsithe: 13 Deireadh Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025
- Céard is Iomarcaíocht ann
- Céard is iomarcaíocht chomhchoiteann ann
- Cearta fostaithe a gcuirtear ar iomarcaíocht iad
- Conas cáiliú le haghaidh íocaíocht reachtúil iomarcaíochta
- Céard is Dócmhainneacht ann
- Scéimeanna Íocaíochta ar fáil
- Suíomhanna gréasáin a bhfuil baint acu leis an ábhar seo
- Tacaíochtaí agus seirbhísí fostaíochta agus ioncaim
- Teagmháil
Céard is Iomarcaíocht ann
Is éard is iomarcaíocht ann ná do phost a chailleadh toisc go bhfuil an gnólacht á dhúnadh nó toisc go bhfuil laghdú á dhéanamh ar líon na bhfostaithe sa ghnólacht. Tarlaíonn iomarcaíocht nuair nach ann do do phost sa ghnólacht a thuilleadh, nuair a bhristear as do phost tú agus ní dhéantar duine eile a fhostú chun do ról a líonadh.
Céard is iomarcaíocht chomhchoiteann ann
Féadfaidh sé go mbeidh an iomarcaíocht chomhchoiteann i gceist le do chás má chuireann an fostóir méid áirithe fostaithe ar iomarcaíocht laistigh de thréimhse 30 lá as a chéile.
Ní mór d'fhostóirí cloí le rialacha ar leith agus iomarcaíocht chomhchoiteann á moladh acu. Tá tuilleadh eolais maidir leis na hoibleagáidí nach mór d'fhostóirí a chomhlíonadh, agus maidir leis na himpleachtaí a mbíonn acu sin d'fhostaithe, ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Fiontair, Trádála agus Fostaíochta.
Cearta fostaithe a gcuirtear ar iomarcaíocht iad
Leagtar amach na hoibleagáidí agus na cearta a bhaineann le fostóirí agus le fostaithe nuair a chuirtear fostaí ar iomarcaíocht san Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967, arna leasú.
Bíonn gach fostaí incháilithe atá á chur ar iomarcaíocht i dteideal íocaíocht reachtúil iomarcaíochta.
Is éard atá i gceist le híochaíocht reachtúil iomarcaíochta ná tuarastal coicíse do gach bliain inar oibrigh an fostaí don chomhlacht agus tuarastal sheachtain amháin eile anuas air sin. Bíonn uasteorainn €600 in aghaidh na seachtaine i gceist leis an íocaíocht seo.
Má tá moladh á dhéanamh ag d'fhostóir, tú a chur ar iomarcaíocht, ní mór go gcuirfear ar an eolas tú. Ní mór go gcuirfear ar an eolas tú coicís roimh an dáta dífhostaithe, ar a laghad. Féadfaidh sé go mbeidh tú i dteideal tréimhse fógra níos faide faoin Acht um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973, ag brath ar do thréimhse oibre sa chomhlacht.
Conas cáiliú le haghaidh íocaíocht reachtúil iomarcaíochta
Ní mór na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh le bheith i dteideal íocaíocht reachtúil iomarcaíochta:
- 104 seachtain d'fhostaíocht a bheith curtha díot leis an bhfostóir céanna
- do chuid fostaíochta a bheith inárachaithe faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh
- nach ann do do phost a thuilleadh
- tú a bheith os cionn 16 bliana d'aois
Tá tuilleadh sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Fiontair, Trádála agus Fostaíochta.
Tuilleadh eolais faoin iomarcaíocht
Céard is Dócmhainneacht ann
Is éard is dócmhainneacht ann ná nuair nach acmhainn do chomhlacht a gcuid fiacha a íoc de réir mar a bhíonn siad le híoc nó nuair a bhíonn níos mó dliteanas ná sócmhainní ar chlár an chomhardaithe acu. Má tharlaíonn go bhfuil comhlacht dócmhainneach, is iondúil go gceaptar duine ar a dtugtar 'leachtaitheoir' chun cuidiú leis an gcomhlacht agus iad ag druidim chun deiridh.
Má tharlaíonn go bhfuil d'fhostóir dócmhainneach, tá seans ard go gcuirfear ar iomarcaíocht tú. Féadfaidh go mbeidh tú i dteideal tuarastal nár íocadh leat go fóill nó teidlíochtaí eile ar nós pá saoire.
Tá tuilleadh eolais maidir le dócmhainneacht fostóirí agus an tionchar a bhíonn aige sin ar fhostaithe ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Fiontair, Trádála agus Fostaíochta.
Scéimeanna Íocaíochta ar fáil
1. An Scéim Íocaíochtaí Iomarcaíochta
Má tharlaíonn nach acmhainn don bhfostóir teidlíochtaí íocaíochtaí iomarcaíochta a íoc mar thoradh deacrachtaí airgeadais nó mar thoradh dócmhainneachta, beidh cúnamh ar fáil tríd an Scéim Íocaíochta Iomarcaíochta a chinnteoidh go bhfaighidh tú na híocaíochtaí reachtúla a bhfuil tú i dteideal orthu.
Íocaíochtaí Iomarcaíochta a ríomh
Féadfaidh tú meastachán a dhéanamh ar do theidlíochtaí iomarcaíochta reachtúla ag na naisc seo a leanas:
Aisíocaíochtaí fostóirí agus an Scéim Íocaíochtaí Iomarcaíochta
A luaithe agus a dhéanann an roinn íocaíocht faoin Scéim Íocaíochtaí Iomarcaíochta, ardófar fiach i gcoinne an fhostóra. Tuilleadh eolais faoi na roghanna atá ar fáil d'fhostóirí chun an fiach seo a aisíoc.
Staitisticí na Scéime Íocaíochtaí Iomarcaíochta
2. Scéim Íocaíochta Leagan As Foirne COVID-19
Is íocaíocht aonuaire, chnapshuime é Scéim Íocaíochta Leagan As Foirne COVID-19 d’fhostaithe:
- a cuireadh ar iomarcaíocht ón 13 Márta 2020 ar aghaidh, nó a chuirfear ar iomarcaíocht roimh an 31 Eanáir 2025
agus
- a chaill an deis seirbhís ináirithe a fhorbairt mar gheall ar leaganacha as foirne sealadacha mar gheall ar shrianta COVID-19 idir an 13 Márta 2020 agus an 31 Eanáir 2022
3. Scéim Íocaíochtaí Dócmhainneachta
Cosnaíonn an Scéim Íocaíochtaí Dócmhainneachta iarfhostaithe de chuid comhlachtaí a d'éirigh dócmhainneach de réir an dlí.
Is féidir le fostaithe éileamh a dhéanamh, trí ionadaí an fhostóra, dála an leachtaitheora nó an ghlacadóra oifigiúil, go n-íocfar fiachais nár íocadh go fóill, an méid seo a leanas ina measc:
- Riaráistí pá agus pá breoiteachta
- Pá saoire nár íocadh go fóill
- Fógra íosta reachtúil nár íocadh go fóill
- Riaráistí áirithe ranníocaíochtaí pinsin
- Dámhachtainí éagsúla reachtúla a dhéanann an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (an CCÁO)
Suíomhanna gréasáin a bhfuil baint acu leis an ábhar seo
Tacaíochtaí agus seirbhísí fostaíochta agus ioncaim
Is pointe teagmhála aonair é Intreo (an tSeirbhís Fostaíochta Poiblí) do gach tacaíocht agus seirbhís fhostaíochta agus ioncaim.
Teagmháil
- Má tá ceisteanna agat maidir leis an iomarcaíocht i gcoitinne nó maidir le cearta fostaíochta, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre ag an leathanach seo dá shuíomh ghréasáin a bhaineann le hEolas agus Seirbhísí do Chustaiméirí.
- Má tá ceisteanna agat maidir le beartas agus reachtaíocht a bhaineann le hiomarcaíocht agus le dócmhainneacht, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Fiontair, Trádála agus Fostaíochta.
- Má tá ceisteanna agat maidir le dócmhainneacht d'fhostóra agus an tionchar a bheidh aige sin ort, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an léachtóir, leis an nglacadóir nó le hionadaí an fhostóra.
- Má tá ceisteanna agat agus tú ag cur isteach ar íocaíochtaí iomarcaíochta nó scéimeanna íocaíochtaí dócmhainneachta, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Íocaíochta Iomarcaíochta agus Dócmhainneachta.