Cuardaigh ar fad gov.ie

Beathaisnéisí

Tim Duggan

Beartas Pinsin/Clár um Rollú Uathoibríoch/Infheistiú & Anailís Achtúireach

Is é Tim Duggan an tArd-Rúnaí Cúnta agus é de fhreagracht air beartas agus reachtaíocht a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chomh fada agus a bhaineann sé leis an bPinsean Stáit agus le scéimeanna tánaisteacha gaolmhara (amhail Sochair Teaghlaigh, Liúntas Breosla, Saorthaisteal), chomh maith le Pinsin Ghairme agus Phríobháideacha, lena n-áirítear an Clár um Rollú Uathoibríoch le haghaidh Pinsin a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Tá sé freagrach as feidhm Infheistithe & Anailíse Achtúirí na Roinne freisin.

Bhí roinnt post sinsearach ag Tim sa roinn le blianta beaga anuas i réimsí beartais agus oibríochta.

D'oibrigh sé roimhe sin mar Ard-Rúnaí Cúnta agus mar Phríomh-Rúnaí sa Roinn Airgeadais agus sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Róil

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat