Ionad Intreo, Caisleán an Bharraigh
- Foilsithe: 4 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025
Ionad Intreo, Caisleán an Bharraigh
- Seoladh:
- Teach Mhichíl Daibhéad, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, F23 KP04
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- castlebar@welfare.ie
- Teileafón:
-
0818 405060
- Uaireanta Oscailte:
-
Monday:
9:15am - 5pm
Tuesday: 9:15am - 5pm
Wednesday: 9:15am - 5pm
Thursday: 10:30am - 5pm
Friday: 9:15am - 4:30pm
Seirbhísí Leasa Pobail Caisleán an Bharraigh
Is féidir leat teacht ar Sheirbhísí Leasa Pobail in Caisleán an Bharraigh ach dul i dteagmháil le:
- seoladh ríomhphoist: CWSCastlebar@welfare.ie
- uimhir theileafóin: 0818 607080
Coinní um Chárta Seirbhíse Poiblí (CSP)
Cuireann an t-ionad seo seirbhís siúl isteach ar fáil. Cé nach bhfuil aon ghá le coinní, tá coinní ar fáil ach iad a iarraidh faoi réir éilimh.
Déan coinne trí theagmháil a dhéanamh le:
- seoladh ríomhphoist: castlebar@welfare.ie
Mura bhfuil rochtain agat ar ríomhphost, is féidir leat glaoch ar an Ionad Teagmhála Intreo Náisiúnta ar 0818 405060 agus seolfaidh an fhoireann ríomhphost chuig castlebar@welfare.ie chun coinne a iarraidh ar do shon.
Seirbhís Siúil Isteach
Braithfidh na sliotáin ama atá ar fáil ar mhéid na scuainí agus ar uaslíon na n-agallamh is féidir a éascú go laethúil. D’fhéadfadh go mbeadh amanna feithimh fada i gceist.
Agus tú ag freastal ar an ionad, caithfidh tú na doiciméid chearta a bheith agat. Léigh an t-eolas maidir leis na doiciméid is gá duit a thabhairt leat, le do thoil.
Iarratais ar cheadúnais tiomána
Tabhair faoi deara, nach gá Cárta Seirbhíse Poiblí a bheith agat chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána. Le haghaidh iarratas ar cheadúnais tiomána, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána.
Ceantair a chlúdaítear
Is iad na ceantair seo a leanas a gcuireann an oifig seo seirbhísí ar fáil dóibh: Caisleán an Bharraigh agus an ceantar máguaird lena n-áirítear Turlach, Béal Átha Bhearaigh, Balla, Baile na Cora, Baile an Tobair, Mainistir Mhaigh Eo, an Baile Glas, Ceathrú na Con, Oileán Éadaí, an tSráid, Gleann Aoláin agus Gleann Hoiste. Clúdaíonn an tOifigeach Leasa Pobail Cathair na Mart go dtí an Líonán, Cathair na Mart go dtí an Mhala Raithní agus Cathair na Mart go hOileán Éadaí freisin.