English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Córas Cláraithe Uathoibríoch Coigiltis Scoir

  • Ó: An Roinn Coimirce Sóisialai

  • Foilsithe: 29 Lúnasa 2018
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 22 Lúnasa 2018
  • Dúnadh na haighneachtaí: 4 Samhain 2018
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2023

Consultation is closed


Stair

Dearadh an Moladh i mBréagriocht chun plé a spreagadh faoin gcóras um Chlárú Uathoibríoch coigiltis scoir.

Níl pinsean oibre ag dhá thrian d'fhostaithe san earnáil phríobháideach sa tír seo agus níl siad ag coigilt le haghaidh dul ar scor. Mar gheall air sin, éireoidh caighdeáin mhaireachtála a lán daoine níos measa nuair a théann siad ar scor.

Is éard atá i gceist leis an moladh ná córas um Chlárú Uathoibríoch coigiltis scoir a thabhairt isteach chun dul i ngleic leis an gceist seo. Ba é cuspóir an mholta ná tuairimí ón oiread daoine agus is féidir a fháil sular dhearamar a leithéid de chóras.


Clárú Uathoibríoch

Ar aon dul leis an 'Treochlár um Leasú Pinsean, 2018 – 2023’, gheall an Rialtas córas coigiltis scoir forlíontach 'Clárú Uathoibríoch' arna urrú ag an Stát a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm faoi 2022.

Faoi Chlárú Uathoibríoch, déanfar fostaithe gan aon choigilteas scoir pearsanta, a chomhlíonann critéir aoise agus tuillimh ar leith, a chlárú go huathoibríoch i gcóras coigiltis scoir forlíontach Stát-urraithe ar cháilíocht dhearbhaithe, agus saor-rogha acu chun tarraingt as. Beidh sé níos éasca leis na leasuithe seo teacht ar roghanna coigiltis scoir chun cabhrú leo a n-ionchais ioncaim nuair a théann siad ar scor a shásamh.

Mar chuid de phróiseas comhairliúcháin geallsealbhóirí ar an scéim nua, foilsíodh 'Moladh i mBréagriocht do Chóras um Chlárú Uathoibríoch Coigiltis Scoir' i mí Lúnasa 2018. Leag sé seo dréachtphlean amach do chóras um Chlárú Uathoibríoch. Rinneadh leagan teanga shimplí den Moladh i mBréagriocht a chur ar fáil chomh maith. Chríochnaigh an próiseas comhairliúcháin i mí an Mhárta 2019. Ó shin i leith, chabhraigh torthaí an phróisis comhairliúcháin le forbairt dhearadh an chórais Cláraithe Uathoibríoch.

Próiseas Comhairliúcháin Phoiblí i mBréagriocht do Chóras um Chlárú Uathoibríoch Coigiltis Scoir in Éirinn

Achoimre ar mholadh an Chláraithe Uathoibríoch (CU) i dteanga shimplí


Achoimre ar chinntí: Clárú Uathoibríoch


An tEolas is Deireanaí ar Chlárú Uathoibríoch agus na Chéad Chéimeanna Eile


Aighneachtaí