English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí ar an Scéim Fóirdheontais Pá

  • Ó: An Roinn Coimirce Sóisialai

  • Foilsithe: 23 Meitheamh 2023
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 23 Meitheamh 2023
  • Dúnadh na haighneachtaí: 21 Iúil 2023
  • An t-eolas is déanaí: 1 Lúnasa 2023

Consultation is closed


Cad atá i gceist leis an gcomhairliúchán?

Is mian leis an rialtas a chinntiú go dtugtar tacaíocht do dhaoine faoi mhíchumas ar mian leo agus atá in ann obair a dhéanamh agus go gcuirfear ar a gcumas é sin a dhéanamh.

Chun é seo a dhéanamh, ba mhaith leis an rialtas do thuairimí a fháil maidir le conas an Scéim Fóirdheontais Pá a fheabhsú. Seol do thuairimí chugainn faoi 5pm Dé hAoine 21 Iúil.

Scéim Fóirdheontais Pá

Tugann an Scéim Fóirdheontais Pá íocaíocht ar a dtugtar fóirdheontas d'fhostóirí san earnáil phríobháideach chun an costas a bhaineann le daoine faoi mhíchumas a fhostú a laghdú. Tá sé mar aidhm ag an scéim cur ar chumas daoine faoi mhíchumas a bheith neamhthuilleamaíoch (féinchothaitheach) mar chuid den lucht saothair.

Conas a oibríonn sé

Íocann an scéim fóirdheontas le fostóir má tá na scileanna don phost ag fostaí faoi mhíchumas, ach mar gheall ar a m(h)íchumas, táirgeann sé/sí thart ar 20% níos lú saothair gcomparáid le fostaí nach bhfuil faoi mhíchumas a dhéanann an obair chéanna san am céanna a leithdháiltear.

Sampla

Tá Carrie faoi mhíchumas agus oibríonn sí mar fhorbróir bogearraí i gComhlacht Néal, is féidir léi 10 líne de chód a scríobh i 3 uair an chloig.

Déanann Jessica, atá i gComhlacht Néal freisin, an obair chéanna. Níl sí faoi mhíchumas. Is féidir léi 12 líne de chód a scríobh i 3 uair an chloig. (20% níos mó ná Carrie).

Tá caighdeán an chóid a scríobhann Carrie agus Jessica mar an gcéanna, ach scríobhann Carrie níos lú línte mar go gcaithfidh sí éirí as a cathaoir go rialta de dheasca a deacrachta droma. Is féidir leis seo í a chur dá treoir rud a chiallaíonn nach féidir léi 12 líne a scríobh chomh tapa le Jessica.

Téarmaí fostaíochta

Nuair a cháilíonn duine faoi mhíchumas don Scéim Fóirdheontais Pá, caithfidh a c(h)onradh fostaíochta a bheith mar an gcéanna le hoibrithe eile den chineál céanna.

Sampla

Ag úsáid an tsampla thuas, caithfidh na téarmaí céanna a bheith ag Carrie agus Jessica ar nós laethanta saoire bliantúla (saoire), rátaí pá, agus mar sin de.

Caithfidh fad 21 uair an chloig ar a laghad a bheith leis an gconradh. Tá an rogha ag fostóir níos mó ná 39 uair an chloig oibre a thairiscint sa tseachtain, ach níl sé/sí ach i dteideal fóirdheontas ar 39 uair an chloig ar a mhéad a éileamh, agus chan níos mó ná sin.

Bealaí chun fostóirí a spreagadh chun níos mó daoine faoi mhíchumas a fhostú

Chun fostóirí a spreagadh chun níos mó daoine faoi mhíchumas a fhostú tá trí shraith fóirdheontais ann. Is féidir leis an bhfostóir tairbhe a bhaint as ceann amháin nó astu go léir ag an am céanna.

Sraith 1

Don chéad bheirt a fostaíodh, tabharfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí fóirdheontas €6.30 san uair don fhostóir do gach fostaí faoin scéim.

Sraith 2

Nuair a fhostaíonn fostóirí níos mó ná beirt faoi mhíchumas faoin scéim seo, íocfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí méid fóirdheontais níos airde leo. Ba cheart go gclúdódh fóirdheontas Sráith 2 na costais bhreise a bhaineann le níos mó ná beirt faoi mhíchumas a fhostú faoin scéim.

Íocfar Sraith 2 mar seo a leanas

3 fhostaí go 6 fhostaí faoi mhíchumas breisiú fóirdheontais 10% €6.93 íoctha in aghaidh na huaire do gach fostaí
7 bhfostaí go 11 fhostaí faoi mhíchumas breisiú fóirdheontais 20% €7.56 íoctha in aghaidh na huaire do gach fostaí
12 fhostaí go 16 fostaí faoi mhíchumas breisiú fóirdheontais 30% €8.19 íoctha in aghaidh na huaire do gach fostaí
17 bhfostaí go 22 fostaí faoi mhíchumas breisiú fóirdheontais 40% €8.82 íoctha in aghaidh na huaire do gach fostaí
23+ fostaí faoi mhíchumas breisiú fóirdheontais 50% €9.45 íoctha in aghaidh na huaire do gach fostaí

Sraith 3

Nuair a fhostaíonn fostóirí líon 25 duine nó líon níos mó daoine faoi mhíchumas faoin scéim seo, íocfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí €30,000 leo in aghaidh na bliana chun cabhrú leo íoc as an gcostas a bhaineann le hOifigeach Cúnaimh Fostaíochta a fhostú. Íocfar €30,000 do gach grúpa de 25 fostaí. Is féidir le fostóir íocaíochtaí a fháil do 5 Oifigeach Cúnaimh Fostaíochta, ach ní do níos mó ná sin.

Sampla:

Comhlacht Néal, tá 48 fostaí fostaithe aige faoin Scéim Fóirdheontais Pá. Chiallódh sé seo go bhfaigheadh Comhlacht Néal €9.45 san uair agus €30,000 i dtreo an chostais a bhainfeadh le hOifigeach Cúnaimh Fostaíochta a fhostú.

Comhlacht Solas na Gréine, tá 50 fostaí fostaithe aige faoin Scéim Fóirdheontais Pá. Chiallódh sé seo go bhfaigheadh Comhlacht Néal €9.45 san uair ar gach uair a oibríonn gach fostaí scéime agus €60,000 i dtreo an chostais a bhainfeadh le beirt Oifigeach Cúnaimh Fostaíochta a fhostú.

Is é ról an Oifigigh Cúnaimh Fostaíochta tacaíocht agus cúnamh a thabhairt d'Fhostaithe de chuid an Fhóirdheontais Pá ina n-ionad oibre. Ba cheart go ndíreodh obair an Oifigigh Cúnaimh Fostaíochta ar chúinsí pearsanta, sóisialta, sláinte nó teaghlaigh na bhfostaithe faoi mhíchumas, a d'fhéadfadh bac a chur rompu a bpoist a choinneáil.

Léigh tuilleadh faoin Scéim Fóirdheontais Pá


Bealaí le do thuairimí a roinnt

Cuirfidh an Roinn Coimirce Sóisialaí fáilte roimh dhá phríomhghrúpa daoine a gcuid tuairimí a roinnt ach iad an suirbhé ábhartha thíos a chomhlánú:

  • fostóirí
  • daoine faoi mhíchumas

Beidh gach freagra suirbhé glan gan ainm, ach d'fheadfadh go bhfoilseofaí gach tuairim ar ár láithreán gréasáin agus mar achoimre i dtuarascáil.

Is féidir aighneachtaí i scríbhinn ó dhaoine faoi mhíchumas, ó fhostóirí, ó ghrúpaí ionadaíocha agus ón bpobal i gcoitinne a chur isteach freisin.

Mura bhfuil teacht agat ar na suirbhéanna nó ar na haighneachtaí ar líne, tá an rogha agat ceann de na roghanna eile seo a leanas a roghnú:

  • comhlánaigh an suirbhé le ball den fhoireann ar an bhfón ar an Luan agus ar an gCéadaoin idir 9am agus 11am nó 2pm agus 4pm ach glaoch a chur ar 01 7043606
  • íoslódáil an teimpléad suirbhé nó aighneachta thíos, priontáil é, agus seol ar ais é chuig an seoladh poist thíos
  • íoslódáil an teimpléad suirbhé nó aighneachta thíos, sábháil é, agus seol ar ais é chuig an seoladh ríomhphoist thíos. Cuir "Comhairliúchán SFP" ar líne an ábhair.

Suirbhé do Dhaoine faoi Mhíchumas

Comhlánaigh an suirbhé ar líne

WSS Consultation 2023 - People with Disabilities Survey
Download link for Íoslódáil
WSS Consultation 2023 - People with Disabilities Survey
Amharc amharc

Suirbhé d'Fhostóirí

Comhlánaigh an suirbhé ar líne

WSS Consultation 2023 - Employer's Survey
Download link for Íoslódáil
WSS Consultation 2023 - Employer's Survey
Amharc amharc
WSS Written Submission Template
Download link for Íoslódáil

Sula seolann tú aon aighneacht, tá sé tábhachtach an fhaisnéis phríobháideachais thíos a léamh mar d'fheadfaí go bhfoilseofaí d'aighneacht ar gov.ie


Cad a tharlóidh don fhaisnéis i mo fhreagra?

Agus machnamh á dhéanamh ar an gcur chuige is fearr chun an Scéim Fóirdheontais Pá a leasú, déanfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí dianscrúdú ar na freagraí go léir a fuarthas.

Bainfimid úsáid as na freagraí chun a fháil amach an bhfuil an scéim ag comhlíonadh a cuid aidhmeanna. Bainfimid úsáid as na moltaí maidir le hathruithe nó forálacha nua mar léargais chun oibriú na Scéime Fóirdheontais Pá amach anseo a mhúnlú.

Beidh gach freagra suirbhé glan gan ainm ionas nach féidir le duine ar bith tú a aithint. Mar sin féin, má tá sé i gceist agat aighneacht i scríbhinn a sheoladh, iarrtar ort an fhaisnéis phríobháideachta thíos a léamh.

Foilseoimid tuarascáil ar an gcomhairliúchán ar gov.ie le hachoimre ar na haighneachtaí scríofa agus ar thorthaí an tsuirbhé.


An chaoi a gcoinnímid d'fhaisnéis príobháideach

Is comhairliúchán poiblí é seo, agus tá feidhm ag an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014. Ciallaíonn sé seo gur féidir leis an Roinn Coimirce Sóisialaí aighneacht i scríbhinn a fhoilsiú ina hiomláine. Iarraimid ort ár Ráiteas Príobháideachais a léamh.

Chun cabhrú linn do phríobháideachas a chosaint, d'iarrfaimis ort gan faisnéis a chur ar fáil a bheadh:

  • pearsanta
  • íogair ó thaobh na tráchtála de
  • aon rud nach mbeifeá ag iarraidh a chur ar fáil don phobal

(Áirítear le faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de faisnéis maidir le praghsáil, brabúis, smaointe nua nó eolas íogair tionscail.)

Mar sin féin, má roghnaíonn tú faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a nochtadh,

Ainmnigh an t-ábhar go soiléir agus cuir in iúl dúinn:

  • cén fáth a mbeadh sé íogair ó thaobh na tráchtála de
  • cén fáth nár chóir é a fhoilsiú ná a chur ar fáil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise

D'fhéadfaimis iarratas a fháil chun aighneacht a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, agus d'fhéadfadh go mbeadh orainn í a scaoileadh.

Sna cásanna seo, rachaimis i gcomhairle leat maidir leis an bhfaisnéis a bheadh pearsanta nó a shainaithníodh mar fhaisnéis a bheadh íogair ó thaobh na tráchtála de. Dhéanfaimis é seo sula socraímis:

  • an aighneacht a scaoileadh – ina hiomláine
  • cuid den aighneacht a scaoileadh (dhéanfaí sonraí áirithe a lándhúchan ionas nach bhféadfaí é a léamh)
  • gan an aighneacht a scaoileadh

Cá fhad a choinneoidh sibh na haighneachtaí?

Coinneoimid na haighneachtaí go gcríochnófar an próiseas athbhreithnithe, lena n-áirítear cur i bhfeidhm aon mholtaí a nglactar leo.

Reachtaíocht ábhartha

Tá gach freagra ar an gcomhairliúchán seo faoi réir:


Ár sonraí teagmhála

Is é 5pm Dé hAoine an 21 Iúil an spriocdháta chun do shuirbhé nó d'aighneacht a sheoladh.

Ríomhphost:DCPolicyConsultation@welfare.ie

Guthán:

01 704 3606

Seoladh:

Athbhreithniú SFP

An tAonad Polasaí um Míchumas agus Cúramóirí

Urlár a Ceathair

Áras Mhic Dhiarmada

Sráid an Stórais

Baile Átha Cliath 1

D01 WY03


Éasca le léamh

Wage Subsidy Scheme Review: Easy to Read
Amharc amharc

Teanga Chomharthaíochta na hÉireann