Comhairliúchán Poiblí ar Athbhreithniú ar an bPróiseas Clárúcháin Básanna
- Foilsithe: 18 Feabhra 2021
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 18 Feabhra 2021
- Dúnadh na haighneachtaí: 12 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 23 Bealtaine 2022
Consultation is closed
Cúlra
Tugann an Roinn Coimirce Sóisialaí cuireadh do pháirtithe leasmhara aighneachtaí a dhéanamh chun páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán poiblí ar mholtaí chun an próiseas reatha chun básanna a thabhairt le fios agus a chlárú a leasú.
Tréimhse an-deacair ar theaghlaigh é nuair a chailltear gaol muinteartha. B’fhéidir go mbeidh orthu roinnt gnásanna foirmiúla dlíthiúla a dhéanamh, an bás a chlárú san áireamh. I gcás go leor básanna, déanfaidh an duine muinteartha, nó na daoine muinteartha, a ghlacann ceannas ar an tsochraid agus ar shocruithe eile, a shocrú go gclárófar an bás go tráthúil. Ar an drochuair, ní hamhlaidh a bhíonn an scéal i gcónaí.
Faigheann tuairim is 32,000 duine bás in Éirinn gach bliain. Tugadh chun solais le roinnt míonna anuas an bealach agus an t-am a ghlacann sé chun básanna a chlárú, go háirithe maidir leis an ngá atá le sonraí faoin mbás go tráthúil chun tacú le bearta sláinte poiblí i rith phaindéim COVID-19. Níl sonraí a cheadaíonn monatóireacht a dhéanamh ar thuairisciú tráthúil a dhéanamh ar bhásanna a tharlaíonn agus meastacháin thráthúla a dhéanamh ar an bhfuílleach básanna, ar fáil ó fhoinsí riaracháin phoiblí mar gheall go bhfuil siad i measc réimse tíortha idirnáisiúnta comparáide.
Leagadh an dualgas ar Oifig an Ard-Chláraitheora moltaí a fhorbairt chun dul i ngleic leis na heasnaimh sa phróiseas clárúcháin básanna reatha. D’fhorbair Grúpa Oibre ina bhfuil ionadaithe de roinnt gníomhaireachtaí moltaí agus is mian leis dul i gcomhairle leo siúd ar spéis leo sula ndéanfar na moltaí deiridh don rialtas agus sula ndéanfaidh an rialtas machnamh orthu.
Sula ndéanfar aon aighneacht, léigh an t-eolas príobháideachais thíos, le do thoil.
Eolas ar Phríobháideachas
Comhairliúchán poiblí é seo agus tá an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014 i bhfeidhm.
Ba cheart do dhaoine a ghlacann páirt sa chomhairliúchán seo a thabhairt faoi deara go bhfuil na freagairtí go léir don chomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise, agus an Rialacháin Ghinearálta um Chosaint Sonraí 2016/17, agus an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018 agus is féidir leis an Roinn Coimirce Sóisialaí iad a fhoilsiú ina n-iomláine.
Níor cheart eolas pearsanta a sholáthar agus is féidir aon eolas pearsanta a thugann tú a fhoilsiú. Níor cheart aon ábhar nach mian leat go bhfoilseofar go poiblí é a chur san áireamh.
Níor cheart aon ábhar nó eolas a cheapann tú atá íogair ó thaobh cúrsaí tráchtála de a chur san áireamh.
Má chuireann tú ar fáil é, áfach, ba cheart duit an t-ábhar a shainaithint go soiléir agus an chúis a thabhairt go bhfuil sé íogair agus an fáth a lua nár cheart é a fhoilsiú nó a chur ar fáil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. I gcás go ndéantar iarraidh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, rachaidh an Roinn i gcomhairle le freagróirí faoi eolas a sainaithníodh amhail bheith íogair i dtaobh cúrsaí tráchtála de sula ndéanfar cinneadh faoin iarraidh siúd.
- is féidir amharc ar Ráiteas Príobháideachais iomlán na Roinne anseo.
- roinnfear an t-eolas a sholáthraítear i d’aighneacht le baill den Ghrúpa Oibre ina bhfuil ionadaí den Roinn Sláinte, an Roinn Dlí agus Cirt, an tSeirbhís Chróinéara agus FSS, agus déanfar aon sonraí pearsanta a cheilt
- is féidir leis an roinn toradh na n-athbhreithnithe agus na n-aighneachtaí a fuarthas a fhoilsiú faoin gcomhairliúchán seo ar gov.ie, agus cuirfear liosta iomlán díobh siúd a dhéanann aighneachtaí ar fáil nuair a fhaightear iarraidh chun sin a dhéanamh. Déanfar aon sonraí pearsanta a cheilt
- is féidir aon eolas neamhphearsanta a fhaigheann an roinn a cuireadh san áireamh in aighneachtaí a scaoileadh faoin Acht SF. Má dhéantar iarraidh ar an eolas seo, rachaidh an roinn i gcomhairle leat sula ndéanfar cinneadh, sa chás gur gá don roinn an t-eolas sin a nochtadh. Arís eile, dhéanfaí aon sonraí pearsanta a cheilt ar aon dul leis an reachtaíocht SF
- coimeádfar aighneachtaí go dtí gur tugadh an próiseas athbhreithnithe, aon mholtaí lena nglacfar a chur i bhfeidhm san áireamh, chun críche
Páipéar Comhairliúcháin
Aighneachtaí
Cuireann an Roinn Coimirce Sóisialaí fáilte roimh aighneachtaí a bhaineann leis an tsaincheist seo, go ginearálta, agus iarrtar ar fhreagróirí, ach go háirithe, breithniú a dhéanamh ar na ceisteanna sonracha ar leathanach 12 den Cháipéis Chomhairliúcháin.
Iarrtar ar fhreagróirí chun a n-aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn nó ar ríomhphost. Ba cheart aighneachtaí a sheoladh ar ríomhphost chuig gro@welfare.ie – agus an focal “Comhairliúcháin” a scríobh sa líne ábhair.
Is féidir aighneachtaí a sheoladh sa phost chuig:
Comhairliúchán Poiblí ar Athbhreithniú ar an bPróiseas Clárúcháin Básanna
Seoladh:
Oifig an Ard-Chláraitheora, Oifigí an Rialtais, Bóthar an Chlochair, Ros Comáin, F42 VX53
Ba cheart aighneachtaí a bheith faighte ag an OAC faoi Dé Luain, an 12 Aibreán 2021. Cuir é seo san áireamh, le do thoil, nuair a bhíonn aighneachtaí á seoladh sa phost.