Comhairliúchán Poiblí ar Dheontais an Chiste um Fhreastal Réasúnta
- Foilsithe: 30 Márta 2022
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 30 Márta 2022
- Dúnadh na haighneachtaí: 13 Bealtaine 2022
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
Consultation is closed
Tréimhse an Chomhairliúcháin fadaithe.
Tréimhse an Chomhairliúcháin fadaithe go dtí 5in Dé hAoine an 13 Bealtaine.
Cad atá i gceist leis an gcomhairliúchán seo
Is mian leis an rialtas a chinntiú go dtacaítear agus go gcuirtear ar chumas daoine faoi mhíchumas atá ag iarraidh agus atá in ann oibriú é sin a dhéanamh.
Chun é seo a dhéanamh, ba mhaith leis an rialtas do thuairimí a fháil maidir le conas feabhas a chur ar an gcaoi a bhfeidhmíonn na deontais 'Ciste um Fhreastal Réasúnta'. Seol do thuairimí chugainn faoi 5in Dé hAoine an 13 Bealtaine.
Cuireann freastail réasúnta comhionannas chun cinn trí bhacainní san ionad oibre a bhaint. Cuireann sé seo ar chumas daoine faoi mhíchumas páirt a ghlacadh agus barr a gcumais a bhaint amach ag an obair.
Faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta,1998-2015, ní mór d'fhostóirí freastail réasúnta a chur ar fáil don dá rud seo a leanas:
- iarrthóirí fostaíochta faoi mhíchumas
- fostaithe faoi mhíchumas
Ní mór d'fhostóirí freastail réasúnta a thairiscint mura mbeadh ualach díréireach mar thoradh ar fhreastail réasúnta a thabhairt isteach.
Conas a chabhraíonn an rialtas le freastail réasúnta a mhaoiniú
Tá sé mar aidhm ag deontais an Chiste um Fhreastal Réasúnta (RAF) tacú le fostóirí daoine faoi mhíchumas a fhostú agus a choinneáil sna hearnálacha príobháideacha.
Tá athbhreithniú á dhéanamh againn ar an gcaoi a n-oibríonn deontais RAF mar gheall ar an tiomantas chun athbhreithniú a dhéanamh air, as stated in commitment 2.4 of Comprehensive Employment Strategy Action Plan (2019 - 2021). Tá sé mar aidhm ag an athbhreithniú a fháil amach an bhfuil na deontais RAF ag comhlíonadh a n-aidhmeanna agus chun cabhrú le feabhas a chur ar an gcaoi a bhfuil siad ag obair.
Ní laghdaíonn an maoiniú a chuireann an Roinn ar fáil trí na deontais seo oibleagáidí fostóirí freastail réasúnta a sholáthar.
Conas do thuairimí a roinnt
Tugann an Roinn Coimirce Sóisialaí cuireadh do dhá phríomhghrúpa daoine a gcuid tuairimí a roinnt tríd an suirbhé ábhartha thíos a chomhlánú:
- daoine faoi mhíchumas
- fostóirí
Fáiltímid freisin roimh aighneachtaí i scríbhinn ó dhaoine faoi mhíchumas, ó fhostóirí, ó ghrúpaí ionadaíocha agus ón bpobal i gcoitinne.
Mura bhfuil na suirbhéanna ar líne inrochtana duit, is féidir leat ceann amháin díobh seo a leanas a dhéanamh:
- an suirbhé a íoslódáil, é a phriontáil, agus é a sheoladh ar ais chuig an seoladh thíos
- é a sheoladh mar cheangaltán chuig IDCPolicyConsultation@welfare.ie
- an suirbhé a chomhlánú le ball den fhoireann ar an bhfón Dé Máirt agus Dé Céadaoin idir 10am agus 12pm nó 2pm agus 4pm trí ghlaoch ar (tá an líne theileafóin seo dúnta.)
- má theastaíonn ateangaire Teanga Chomharthaíochta na hÉireann uait chun an suirbhé a chomhlánú ar an bhfón, is féidir leat an Seirbhís Ateangaireachta Chianda na hÉireann (SAIÉ) a chur in áirithe ó Sheirbhís Ateangaireachta na Teanga Comharthaíochta. Nó is féidir leat ríomhphost a sheoladh chugainn le ham agus dáta, agus socróimid an IRIS duit.
Suirbhé do Dhaoine faoi Mhíchumas
Comhlánaigh an suirbhé ar líne.
Íoslódáil an suirbhé mar chomhad PDF
Íoslódáil an suirbhé mar chomhad Word
Íoslódáil an suirbhé mar chomhad Word
Aighneacht a dhéanamh i scríbhinn
Más mian leat aighneacht a scríobh, is féidir leat é a sheoladh chuig tríd an bpost nó trí ríomhphost (seoltaí thíos). Cuir “Comhairliúchán RAF” i líne an ábhair le do thoil.
Sula ndéantear aon aighneacht, tá sé tábhachtach an fhaisnéis phríobháideachais thíos a léamh agus an treoirdhoiciméad a léamh mar d’fhéadfaí go bhfoilseofar d'aighneacht ar gov.ie.
Cad a tharlóidh le do fhreagra
Déanfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí athbhreithniú ar na freagraí go léir agus breithniú á dhéanamh ar an mbealach is fearr chun deontais an Chiste um Fhreastal Réasúnta a athchóiriú.
Bainfimid úsáid as na freagraí féachaint an bhfuil na deontais ag comhlíonadh a n-aidhmeanna. Bainfimid úsáid as na moltaí faoi athruithe nó forálacha nua chun bonn eolais a chur faoin gcaoi a n-oibreoidh deontais an Chiste um Fhreastal Réasúnta amach anseo.
Tá freagraí suirbhé go hiomlán anaithnid, mar sin ní féidir le duine ar bith tú a aithint. Má tá aighneacht i scríbhinn á déanamh agat, áfach, léigh an fhaisnéis phríobháideachais thíos.
Foilseoimid tuarascáil ar an gcomhairliúchán ar gov.ie ina mbeidh achoimre ar na haighneachtaí i scríbhinn agus ar thorthaí an tsuirbhé.
Conas a choinnímid do chuid eolais príobháideach
Is comhairliúchán poiblí é seo, agus tá feidhm ag an Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014. Ciallaíonn sé sin go bhféadfaí go bhfoilseofaí aighneachtaí i scríbhinn ina n-iomláine ag an Roinn Coimirce Sóisialaí. Iarraimid ort ár Ráiteas Príobháideachais a léamh le do thoil.
D’fhonn cúnamh a thabhairt dúinn do phríobháideachas a chosaint, iarrtar ort gan faisnéis den chineál seo a leanas a chur ar fáil:
- faisnéis phearsanta
- faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de
- faisnéis ar bith nár mhian leat a bheith sa phobal
(Folaíonn faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de faisnéis maidir le praghsáil, brabúis, smaointe nua nó eolas íogair ar thionscal.)
Má chuireann tú faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de ar fáil, áfach,
déan an t-ábhar a chur in iúl go soiléir, agus inis dúinn:
- cén fáth a bhfuil sé íogair ó thaobh na tráchtála de
- cén fáth nár chóir é a fhoilsiú nó a chur ar fáil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise
Féadfaimid iarratas a fháil chun aighneacht a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, agus go n-éileofar orainn í a scaoileadh.
Sna cásanna seo, rachaimid i gcomhairle leat faoin bhfaisnéis atá pearsanta nó a shainaithnítear mar fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de. Déanfaimid é seo sula gcinnimid:
- an aighneacht a scaoileadh – ina hiomláine
- cuid den aighneacht a scaoileadh (déanfar sonraí áirithe a dhubháil amach ionas nach féidir iad a léamh)
- gan an aighneacht a scaoileadh
Cá fhad a choinneoidh tú na haighneachtaí?
Coinneoimid aighneachtaí go dtí go mbeidh an próiseas athbhreithnithe, lena n-áirítear cur i bhfeidhm aon mholtaí a nglactar leo, críochnaithe.
Reachtaíocht Ábhartha
Tá gach freagra ar an gcomhairliúchán seo faoi réir é seo a leanas:
Teagmháil
Is é an spriocdháta chun do shuirbhé nó d'aighneacht a sheoladh ná 5pm Dé hAoine, an 13 Bealtaine.
Reasonable Accommodation Fund Review
- Seoladh:
- lllness, Disability and Carers Policy Unit, Floor Four, Áras Mhic Dhiarmada, Store Street, Dublin 1, D01 WY03
- Ríomhphost:
Treoirdhoiciméad
Éasca le Léamh
Teanga Chomharthaíochta na hÉireann
Dáta nua deiridh - 5in Dé hAoine an 13 Bealtaine
Beidh físeán i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL) leis an dáta nua deiridh ar fáil go luath.