Comhairliúchán Poiblí maidir le Ráiteas Straitéise 2020-2023 na Roinne a fhorbairt
- Foilsithe: 5 Deireadh Fómhair 2020
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 5 Deireadh Fómhair 2020
- Dúnadh na haighneachtaí: 23 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Consultation is closed
Tá an Roinn Coimirce Sóisialaí i mbun a Ráiteas Straitéise nua a fhorbairt agus a ullmhú chun an tréimhse 2020-2023 a chlúdach.
Is é ár misean: Rannpháirtíocht agus cuimsiú gníomhach a chur chun cinn sa tsochaí trí thacaíochtaí ioncaim, seirbhísí fostaíochta agus seirbhísí eile a sholáthar.
Leagfar amach sa doiciméad tábhachtach seo ár spriocanna agus ár gcuspóirí ardleibhéil chomh maith leis na straitéisí agus na gníomhartha atá le cur chun cinn chun an misean seo a bhaint amach.
Cuirimid ár gcliaint i gcroílár ár n-oibríochtaí go léir, soláthraímid tacaíocht ioncaim chomhtháite agus seirbhís dírithe ar ghníomhachtú.
Le cuidiú leis an roinn a fís straitéiseach a shainiú do na trí bliana amach romhainn, tugtar cuireadh anois do gach páirtí leasmhar a dtuairimí a chur isteach maidir leis na saincheisteanna nó na hábhair ar cheart díriú orthu sa Ráiteas Straitéise.
Tá Ráiteas Straitéise na roinne 2017-2020 ar fáil anseo.
Tá tuilleadh faisnéise faoi fheidhmeanna agus fhreagrachtaí na roinne ar fáil ar Item was unpublished or removed.
Aighneachtaí
Ba chóir aighneachtaí a sheoladh trí r-phost chuig statementofstrategy@welfare.ie
Is é an dáta deiridh chun aighneachtaí a fháil ná 5in, Dé hAoine an 23 Deireadh Fómhair 2020.