English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí maidir le Ráiteas Straitéise 2025-2028 na Roinne a fhorbairt

  • Ó: An Roinn Coimirce Sóisialai

  • Foilsithe: 17 Feabhra 2025
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 17 Feabhra 2025
  • Dúnadh na haighneachtaí: 7 Márta 2025
  • An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025

Consultation is closed

Tá an Roinn Coimirce Sóisialaí i mbun a Ráiteas Straitéise nua a fhorbairt agus a ullmhú chun an tréimhse 2025-2028 a chlúdach.

Leagfaidh an doiciméad tábhachtach seo amach ár spriocanna agus cuspóirí ardleibhéil chomh maith leis na straitéisí agus na gníomhartha atá le cur chun cinn chun ár misean a bhaint amach, is é sin:

Is é ár misean: Rannpháirtíocht agus cuimsiú gníomhach a chur chun cinn sa tsochaí trí thacaíochtaí ioncaim, seirbhísí fostaíochta agus seirbhísí eile a sholáthar.

Cuirimid ár gcliaint i gcroílár ár n-oibríochtaí go léir, soláthraímid tacaíocht ioncaim chomhtháite agus seirbhís dírithe ar ghníomhachtú.

Le cuidiú leis an roinn a fís straitéiseach a shainiú do na trí bliana amach romhainn, tugtar cuireadh anois do gach páirtí leasmhar a dtuairimí a chur isteach maidir leis na saincheisteanna nó na hábhair ar cheart díriú orthu sa Ráiteas Straitéise.

Tá Ráiteas Straitéise na roinne 2023-2026 ar fáil Ráitis Straitéise

Tá tuilleadh faisnéise faoi fheidhmeanna agus fhreagrachtaí na roinne ar fáil Item was unpublished or removed.

Aighneachtaí

Ba chóir aighneachtaí a sheoladh trí r-phost chuig statementofstrategy@welfare.ie

Is é an dáta deiridh chun aighneachtaí a fháil ná 5in, Dé hAoine, 7 Márta 2025.


Eolas Príobháideachta

Is comhairliúchán poiblí é seo agus tá feidhm ag an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.

Níor cheart faisnéis phearsanta a sholáthar agus féadfar aon fhaisnéis phearsanta a dheonaíonn tú a fhoilsiú. Níor cheart aon ábhar nach mian leat go bhfoilseofaí é a chur san áireamh.

Níor cheart ábhar nó faisnéis a mheasann tú a bheith íogair tráchtála de a chur san áireamh.

Áfach, má chuireann tú ar fáil é, ba cheart duit an t-ábhar agus an chúis atá lena íogaireacht a shainaithint go soiléir agus cén fáth nár cheart é a fhoilsiú nó a chur ar fáil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

Ráiteas Príobháideachais Iomlán agus Beartas um Chosaint Sonraí na Roinne anseo.