Comhairliúchán Poiblí Náisiúnta ar Sprioc Bochtaineacht Leanaí
- Foilsithe: 20 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 27 Samhain 2023
Cúlra
Tá comhairliúchán poiblí seolta ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, maidir le sprioc náisiúnta nua bochtaineacht leanaí a leagan síos.
Is straitéis rialtais iomlán é an Treochlár um Chuimsiú Sóisialta 2020-2025, a foilsíodh i mí Eanáir 2020, a bhfuil an sprioc uaillmhianach aige bochtaineacht chomhsheasmhach a laghdú go 2% agus Éire a dhéanamh ar cheann de na tíortha is cuimsithí go sóisialta san AE. Áiríonn sé an gealltanas (#40) sprioc náisiúnta nua maidir le bochtaineacht leanaí a shocrú. Geallann an tAthbhreithniú Meántéarma ar an Treochlár um Chuimsiú Sóisialta, a foilsíodh i Meitheamh na bliana seo, tuilleadh comhairliúchán poiblí a dhéanamh i 2023 chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt sprice náisiúnta nua bochtaineachta leanaí.
Comhthéacs beartais
Is croí-uaillmhian de chuid an rialtais é bochtaineacht leanaí a laghdú. Cuirfidh forbairt na sprice náisiúnta nua bochtaineachta leanaí le cur chuige an rialtais iomláin níos leithne chun aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht leanaí, lena n-áirítear:
- bunú, go luath i 2023, Oifig an Chláir um Bochtaineacht agus Leas Leanaí i Roinn an Taoisigh. D’fhoilsigh an t-aonad a chéad Phlean Cláir le déanaí ina bhfuil sé mar aidhm aige Éire a dhéanamh ar an tír is fearr san Eoraip le bheith ina leanbh, Ó Bhochtaineacht go Poitéinseal: Plean Cláir le haghaidh Bochtaineacht agus Leas Leanaí 2023-2025
- forbairt Éire Óg: An Creat Beartais Náisiúnta do Leanaí agus Daoine Óga 2023 – 2028, tionscnamh de chuid an rialtais uile, stiúrtha ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Comhtháthaithe agus Óige. Díreoidh an creat seo a thiocfaidh mar comhbhar ar Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Gile ar an gcaoi a n-oibríonn an rialtas chun cearta leanaí agus daoine óga in Éirinn a bhaint amach
Leagtar amach sa doiciméad treorach chomhairliúchán poiblí thíos comhthéacs an chomhairliúcháin agus cuireann sé roinnt ceisteanna agus roghanna ar fáil chun d’ionchur a threorú.
Doiciméid
Doiciméad Treorach Comhairliúcháin
Sprioc Bochtaineacht Leanaí: Doiciméad Treorach Comhairliúcháin Phoiblí
Roinn do chuid tuairimí
Seol aighneachtaí le do thoil trí ríomhphost chuig CPTsubmissions@welfare.ie ní trí phost ag an seoladh thíos faoi 5pm, Aoine an 19 Eanáir 2024, ag déanamh cinnte go soláthraíonn tú d'ainm agus d'eagraíocht (más bainteach).
Seoladh poist:
Comhairliúchán Sprioc Bochtaineacht Leanaí
An Roinn Coimirce Sóisialaí
Teach Goldsmith
7-13 Sráid an Phiarsaigh
Baile Átha Cliath 2
D02 YY17
Sula ndéanann tú aon aighneacht, athbhreithnigh an fhaisnéis phríobháideachta thíos.
Spriocdháta
Is é an dáta deireadh d'aighneachtaí ná 5pm, Aoine an 19 Eanáir.
Cad a tharlóidh don mhéid atá le rá agat
Déanfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí na freagraí a thiomsú agus a anailísiú.
Féadfar aighneachtaí a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na roinne.
Tabhair faoi deara le do thoil nach bhfreagrófar aighneachtaí.
Eolas Príobháideachta
Is comhairliúchán poiblí é seo agus tá feidhm ag an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.
Níor cheart faisnéis phearsanta a sholáthar agus féadfar aon fhaisnéis phearsanta a dheonaíonn tú a fhoilsiú. Níor cheart aon ábhar nach mian leat go bhfoilseofaí é a chur san áireamh.
Níor cheart ábhar nó faisnéis a mheasann tú a bheith íogair ó thaobh na tráchtála de a chur san áireamh.
Má chuireann tú ar fáil é, áfach, ba cheart duit an t-ábhar agus an chúis atá lena íogaireacht a shainaithint go soiléir agus cén fáth nár cheart é a fhoilsiú nó a chur ar fáil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
Tá Ráiteas Príobháideachta iomlán na Roinne agus Cosaint Sonraí anseo.
Is féidir leat do thuairimí a chur isteach go dtí 5pm ar an 19 Eanáir 2024.