Scéim Gaeilge Nua: Iarraidh ar Aighneachtaí
- Foilsithe: 4 Deireadh Fómhair 2021
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 4 Deireadh Fómhair 2021
- Dúnadh na haighneachtaí: 22 Deireadh Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Consultation is closed
An fáth go bhfuil comhairliúchán á sheoladh againn
Tugann an tAire Coimirce Sóisialaí cuireadh do pháirtithe leasmhara aighneachtaí scríofa a sholáthar faoi conas a d’fhéadfaí seirbhís níos fearr trí Ghaeilge a sholáthar don phobal.
Tá seo de bhun Scéim Gaeilge a dhréachtú i gcomhréir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 (Alt 11). Is é príomhchuspóir an Achta a chinntiú go mbíonn fáil níos fearr ar sheirbhís phoiblí trí Ghaeilge agus go mbíonn siad ar chaighdeán níos airde.
Conas páirt a ghlacadh
Is féidir leat aighneacht a dhéanamh ar ríomhphost: gaeilge@welfare.ie
Is é an dáta deiridh chun aighneachtaí a fháil 5pm Dé hAoine, an 22 Deireadh Fómhair 2021.
Eolas ar phríobháideachas
Comhairliúchán poiblí é seo agus tá an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014 i bhfeidhm.
Le príobháideachas a chinntiú, cosnófar aon eolas a thugann tú don Roinn seo faoin Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí, 2016/67 agus faoin Acht um Chosaint Sonraí, 2018.
- Is féidir leat ráiteas príobháideachais na Roinne a léamh anseo.
- Roinnfear an t-eolas a thabharfaidh tú le baill de ghrúpa oibre na Scéime Gaeilge Nua.
- Is féidir leis an Roinn torthaí athbhreithnithe agus aighneachtaí a fuarthas a fhoilsiú faoin gcomhairliúchán seo ar www.gov.ie.
- Is féidir liosta iomlán díobh siúd a dhéanann aighneachtaí a chur san áireamh mar aguisín sa tuarascáil ar an gcomhairliúchán. Bainfear aon sonraí pearsanta.
- Is féidir aon eolas neamhphearsanta in aighneachtaí a scaoileadh faoin Acht SF. Má dhéantar iarraidh SF ar na sonraí seo, rachaidh an roinn i gcomhairle leat sula nochtfar iad. Leis an reachtaíocht SF a chomhlíonadh, bainfear aon sonraí pearsanta.
- Coimeádfar aighneachtaí go dtí gur tugadh an próiseas athbhreithnithe, aon mholtaí lena nglacfar a chur i bhfeidhm, chun críche.
Eolas breise
Tá eolas ar sheirbhísí a chuir an Roinn Coimirce Sóisialaí ar fáil ag www.gov.ie/dsp.