English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Aitheantas Inscne


Réamhrá

Forálann an tAcht um Inscne a Aithint 2015 gur féidir le duine iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Aithint Inscne chun go mbeidh a rogha inscne aitheanta ag an Stát.

Nuair a eisítear Deimhniú um Inscne a Aithint, beidh inscne an duine atá ainmnithe ar an deimhniú chun gach críche mar an inscne roghnaithe ón dáta sin ar aghaidh.

Dá réir sin, más é an inscne fireann an inscne roghnaithe beidh inscne fir mar ghnéas an duine, agus más inscne baineann í gnéas an duine beidh inscne mná i gceist.

Níl éifeacht an aitheantais dhlíthiúil iarghabhálach. Ní dhéanfar aon difear do chearta, do fhreagrachtaí ná d’iarmhairtí na ngníomhartha a rinne tú roimh dháta aitheantais do rogha inscne.


Leathanaigh Ghaolmhara