An Chairt Custaiméirí agus an Plean Gníomhaíochta
- Foilsithe: 29 Eanáir 2020
- An t-eolas is déanaí: 30 Aibreán 2024
- An Chairt Custaiméirí agus an Plean Gníomhaíochta (2023-2026)
- Seirbhísí Aistriúcháin Ateangaireachta agus Teanga Comharthaíochta
- Aiseolas ó Chustaiméirí
An Chairt Custaiméirí agus an Plean Gníomhaíochta (2023-2026)
Is í seirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí an tosaíocht is mó atá ag an Roinn. Leagtar amach inár gCairt Custaiméirí an leibhéal seirbhíse ar féidir le custaiméirí a bheith ag súil leis agus iad ag déileáil linn. Leagann ár bPlean Gníomhaíochta do Chustaiméirí amach raon beart a fheabhsóidh cáilíocht na seirbhíse do chustaiméirí ar fud na Roinne, agus cuirfear i bhfeidhm é le linn shaolré an phlean.
Seirbhísí Aistriúcháin Ateangaireachta agus Teanga Comharthaíochta
Tá ról lárnach ag seirbhísí Aistriúcháin agus Ateangaireachta mar tacaíonn siad lenár gcustaiméirí agus iad ag déanamh teagmhála leis an Roinn. Cuirtear na seirbhísí seo ar fáil saor in aisce do chustaiméirí agus tá siad leagtha amach inár gCairt Custaiméirí agus Plean Gníomhaíochta. Ina measc tá:
- aistriúchán doiciméad, mar shampla faisnéis scríofa nó foirmeacha iarratais
- ateangaire (go pearsanta, ar an bhfón, nó trí fhíseán)
- ateangaire Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (go pearsanta nó trí fhíseán)
- faisnéis scríofa nó foirmeacha iarratais i mBraille, i bhformáid Fuaime, nó i gCló Mór.
Má theastaíonn aon cheann de na seirbhísí seo uait, déan teagmháil leis an Ionad Intreo is gaire duit, leis an Oifig Áitiúil nó Brainse nó leis an oifig atá ag déileáil le d’éileamh le do thoil.
Beidh foireann na Roinne sásta cabhrú leat teacht ar an tseirbhís atá uait.