an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015
- Foilsithe: 20 Eanáir 2020
- An t-eolas is déanaí: 26 Iúil 2024
Réamhrá
Forálann an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015 go gcuirfidh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí clár ar líne de ghníomhaíochtaí brústocaireachta ar bun agus go ndéanfaidh siad é a nuashonrú.
Is é is aidhm don chlár seo eolas a chur ar fáil don phobal faoi iadsan atá i dteagmháil le hoifigigh phoiblí ainmnithe maidir le beartas ar leith, ábhair reachtaíochta nó cinntí atá ar na bacáin.
Caithfidh brústocairí tuairisc a thabhairt faoi pé teagmháil atá acu le hOifigigh Phoiblí Ainmnithe.
Ceanglaítear le hAlt 6(4) den Acht go mbeidh ar gach comhlacht poiblí liosta a fhoilsiú d'oifigigh phoiblí ainmnithe an chomhlachta.
Tá dhá aidhm leis an liosta:
- chun cur ar chumas an phobail fáil amach cé hiad na daoine atá ina n-oifigigh phoiblí ainmnithe
- le bheith ina áis do bhrústocairí i mbun tuairisceán á chomhdú chuig an gClár agus gá acu dá réir le sonraí oifigigh phoiblí ainmnithe áirithe
Leagtar amach thíos Oifigigh Phoiblí Ainmnithe na Roinne.
Airí
Comhairleoir an Aire
Pauric McPhillips | Comhairleoir Beartais an Aire |
Niall O’Connor | Comhairleoir Preasa an Aire |
Anne Marie McNally | Comhairleoir don Aire Stáit |
Treasa Kelly | Comhairleoir don Aire Stáit |