English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Anailísíocht ar an Margadh Saothair


Tá sé de chúram ar an Aonad Anailísíochta ar an Margadh Saothair sonraí margaidh saothair, anailís agus taighde bunaithe ar shonraí riaracháin na roinne a chur ar fáil. Mar chuid den chúram seo, cuireann sé meastóireachtaí tionchair fhríthfhíorasach ar fáil faoi straitéis Chonairí chun Oibre (CcO) an Rialtais. Cuireann an t-aonad feasachán ráithiúil ar an margadh saothair ar fáil chomh maith.


Meastóireachtaí

Ghlac Conairí chun Oibre 2015 le clár rollach de mheastóireachtaí próisis agus cláir ar leasuithe CcO. Ghlac straitéis Chonairí chun Oibre 2016-2020 leis an mbonn fianaise a fhorbairt trí thaighde agus meastóireacht chun plean agus seachadadh seirbhísí a chur in iúl do dhaoine dífhostaithe.

Críochnaíodh seacht meastóireacht go dtí seo:

  • Meastóireacht tionchair fhríthfhíorasach ar Liúntas chun Filleadh ar an Oideachas, inar féidir leo siúd a fhaigheann íocaíochtaí cáilithe cúrsaí oideachais dara nó tríú leibhéal a chur chun tairbhe. Tá scrúdú cáilíochtúil ar na cúiseanna atá le torthaí fostaíochta an Liúntais chun Filleadh ar an Oideachas ag gabháil leis an meastóireacht seo.
  • Meastóireacht tionchair fhríthfhíorasach ar an gclár intéirneachta JobBridge, a bhfuil doiciméad faisnéise taighde in éineacht léi.
  • Meastóireacht tionchair fhríthfhíorasach ar Liúntas Fiontair um Fhilleadh ar Obair, fóirdheontas do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a théann leis an bhféinfhostaíocht
  • Meastóireacht tionchair fhríthfhíorasach ar phróisis an ghníomhachtaithe agus na cásbhainistíochta, ar a dtugtar Intreo, agus a tugadh isteach den chéad uair in 2012
  • Meastóireacht tionchair fhríthfhíorasach ar JobPath, seirbhís ar conradh do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach
  • Meastóireacht tionchair fhríthfhíorasach ar JobsPlus, fóirdheontas a íoctar le fostóirí a fhostaíonn daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach

Tá liosta na meastóireachtaí in ord foilsithe thíos:

(2020) JobsPlus Evaluation
Amharc amharc

Meastóireachtaí leanúnacha:

Oibríonn an Roinn leis an ECFE agus an tAirmheán Comhpháirteach Taighde ar an tionscadal ECFE-CE ar mheastóireacht ar thionchar beartais trí úsáid sonraí riaracháin agus suirbhé nasctha. Tionscadal cúig bliana atá ann a thacaíonn le ceapadh beartais atá bunaithe ar fhianaise i réimse an mhargaidh saothair agus na mbeartas sóisialta. Tá dhá aidhm ag an tionscadal chun éifeachtacht na mbeartas gníomhach maidir leis an margadh saothair a fheabhsú bunaithe ar thorthaí na meastóireachtaí tionchair fríthfhíorasacha agus chun cumas na dtíortha i leith ceapadh beartais bunaithe ar fhianaise a neartú.

In Éirinn, díreoidh an tionscadal ar chláir Fhostaíocht an Phobail agus Tús.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach leathanach baile an tionscadail anseo

Nascanna eile:


Anailís ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime

Is í an sprioc atá leis an bpáipéar oibre seo ná chun béim a leagan ar na haistrithe (nó gluaiseachtaí) fostaíochta i measc daoine a fuair na hÍocaíochtaí Dífhostaíochta Paindéime roimhe seo agus a chuir deireadh lena n-éileamh agus a d'fhill ar obair.

Léiríonn an anailís seo, a rinneadh i mí na Samhna 2021, cé acu ar fhill iarfhaighteoirí ÍDP (PUP) ar an bhfostóir a bhí acu roimhe nó ar athraigh siad an fostóir (bíodh sé laistigh den earnáil ina raibh siad roimhe nó chuig earnáil dhifriúil).

Tugann an páipéar miondealuithe agus comparáidí orthu siúd a cruthaíodh gur fhill siad ar obair i ndiaidh ÍDP (PUP), agus breathnaíonn sé ar an gceangal a bhí acu leis an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (EWSS).

Working Paper: Trends in Post-PUP Employment
Amharc amharc

Déanann an anailís seo, a rinneadh i mí Mheán Fómhair 2021, scrúdú ar gach duine a fuair ÍDP (PUP) is a d'fhill ar obair ina dhiaidh agus tugann sé le fios cé acu:

  • ar fhill siad ar a bhfostóir roimhe, nó
  • ar athraigh siad a bhfostóirí (bíodh sé laistigh den earnáil ina raibh siad roimhe, nó chuig earnáil dhifriúil).
PUP Labour Market Transitions Analysis
Amharc amharc

Feasacháin Ráithiúla ar an Margadh Saothair

Labour Market Analytics

Seoladh:
Department of Social Protection, Goldsmith House, Pearse Street, Dublin 2, D02 YY17.
Teileafón:
353 1 7043968;
7043614