Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Beartas Gaeilge


Réamhrá

D’ullmhaigh an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (‘an Roinn’) an Scéim Gaeilge seo faoi mar a cheanglaítear faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 (‘an tAcht’).

Foráiltear san Acht go n-ullmhaíonn comhlachtaí poiblí scéim reachtúil ina sonraítear na seirbhísí a sholáthróidh siad:

  • trí mheán na Gaeilge
  • trí mheán an Bhéarla
  • trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla

agus na bearta a ghlacfar le cinntiú, maidir le haon seirbhís nach gcuirtear ar fáil trí mheán na Gaeilge, go gcuirfear ar fáil ar an gcaoi sin í laistigh de thréimhse ama aontaithe. Is ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (‘an tAire’) atá an fhreagracht as na Scéimeanna a dheimhniú.

I gcomhréir le halt 14(3) den Acht, fanann scéimeanna teanga i bhfeidhm ar feadh tréimhse 3 bliana nó go dtí cibé am a dheimhníonn an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta scéim nua, cibé acu is déanaí.

An Comhthéacs don Scéim

D’aontaigh an Roinn Coimirce Sóisialaí, mar a bhí ag an am, agus an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta scéim a tháinig i bhfeidhm an 16 Márta 2015. Leanann an scéim seo an scéim a bhí ann roimhe sin.

Le blianta beaga anuas, tá athrú ó bhonn tagtha ar eagar agus struchtúr na Roinne. Forbraíodh seirbhís Intreo, a rinne cónascadh idir seirbhísí leasa shóisialaigh agus an tSeirbhís Leasa Pobail agus na seirbhísí poiblí fostaíochta. Tháinig forbairt ar an Roinn agus chuir sí i bhfeidhm scéimeanna nua amhail Sochar Atharthachta, an Scéim Aistrithe Cuardaitheora Poist do thuismitheoirí aonair, agus dreasacht earcaíochta JobsPlus a thacaíonn le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach.

Rinneadh próiseas cláraithe SAFE a thabhairt isteach i measc breis agus 3 milliún saoránach agus chuir an Roinn seirbhísí nua ar líne amhail MyWelfare.ie agus MyGovID.ie i bhfeidhm agus rinneadh ceannródaíocht i bhforbairt na reachtaíochta maidir le hinscne a aithint. Le deireanas, leagadh an fhreagracht as gnóthaí saothair agus dlí an tsaothair, as an gCoimisiún um Pá Íseal san áireamh, ar an Roinn le héifeacht ó Mheán Fómhair 2017. Tugann leathadh amach ról na Roinne an dlúthchcheangal atá idir leas, seirbhísí fostaíochta agus an margadh saothair le fios.

Agus an Scéim seo á forbairt, glacadh le cur chuige ina ndéanfaí scéim teanga a fhorbairt ina léireofaí an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí a bunaíodh le déanaí, a fhreagraíonn don réimse iomlán riachtanas ar fud na heagraíochta ar fad. Chuaigh an Roinn i gcomhairle leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an scéim seo á forbairt.

Ullmhú na Scéime

Foráiltear faoin Acht go bhféadann an tAire a iarraidh ar chomhlachtaí poiblí Dréachtscéim a ullmhú lena deimhniú ag an Aire. Foráiltear faoin Acht freisin go ndéanfadh an tAire treoirlínte a ullmhú chun cabhrú le hullmhú na ndréachtscéimeanna. Dréachtaíodh an Scéim seo i gcomhréir leis na treoirlínte, faoi threoir an phrionsabail gur cheart go mbeadh soláthar seirbhísí i nGaeilge bunaithe ar an méid seo a leanas:

  • leibhéal an éilimh ar sheirbhísí faoi leith i nGaeilge
  • bunleibhéal an éilimh ar sheirbhísí faoi leith i nGaeilge i gcomhthéacs soláthar dearfach
  • an tábhacht atá le cur chuige forghníomhach maidir le seirbhísí dá leithéid a sholáthar
  • na hacmhainní atá ar fáil, lena n-áirítear na hacmhainní daonna agus airgeadais
  • acmhainneacht an chomhlachta atá i gceist an cumas riachtanach teanga a fhorbairt agus a chur ar fáil

I mí Feabhra 2018, d’fhoilsigh an Roinn fógra a lorg aighneachtaí ó aon pháirtí leasmhar maidir le hullmhú na Scéime nua. Cuireadh fógra a lorg aighneachtaí ar shuíomh gréasáin na Roinne agus seoladh fógra den chineál céanna chuig gach ball foirne sa Roinn. Chuir na haighneachtaí a fuarthas bonn eolais faoin Scéim nua.

Forbraíodh an Scéim laistigh de chomhthéacs bheartas Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge 2010-2030

Cuireann an scéim seo le prionsabail na Seirbhíse Ardchaighdeáin do Chustaiméirí agus lenár gCairt Chustaiméirí. Cuireadh le chéile é agus é i gceist againn a chinntiú go rachfar i ngleic le gach oibleagáid ábhartha faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla go hiomlán ar bhonn incriminteach, tríd an scéim seo agus scéimeanna amach anseo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat