English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Beartas na Roinne Coimirce Sóisialaí maidir le Soláthar


Tá an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) tiomanta do luach ar airgead a bhaint amach i soláthar soláthairtí agus seirbhísí atá riachtanach chun cabhrú lena cuid oibre d’fhonn seirbhís ardchaighdeáin a sholáthar don phobal ar bhealach cost-éifeachtúil agus feidhmiúil.

Feidhmíonn soláthar na Roinne i gcomhthéacs Threoir 2014/24/AE le cabhair ó Threoirlínte Soláthair arna bhfoilsiú ag an Roinn Airgeadais.

Is iad trédhearcacht agus oscailteacht iomaíochta atá mar threoirphrionsabail.

Glacann an Roinn páirt iomlán i dtionscnaimh leanúnacha de chuid na hOifige um Sholáthar Rialtais (OSR) atá lonnaithe in Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP). Baineann na tionscnaimh sin go príomha le laghduithe ar chostais soláthair a bhaint amach, lena n-áirítear úsáid a bhaint as creat-chomhaontuithe comhroinnte chun raon méadaithe catagóirí soláthairtí agus seirbhísí a sholáthar.

Gabhann an Roinn uirthi féin rochtain ar dheiseanna soláthair a éascú d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), go háirithe dóibh siúd a sholáthraíonn réitigh nuálacha.

Déantar gach tairiscint mhór a fhógairt ar e-tenders mar atá sonraithe thíos.


An chaoi a gceannaímid

Déantar soláthar earraí agus seirbhísí de chuid na roinne ar bhonn nós imeachta iomaíoch tairiscintí. Ní cheadaítear tairiscintí a dhámhachtain gan próiseas iomaíoch ach amháin i gcúinsí eisceachtúla agus ansin i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i dTreoir 2014/24/AE.

Seo a leanas na modhanna tairisceana a úsáidtear ag féachaint do luach measta an chonartha:

  • fógraítear soláthairtí os cionn €50,000 ar e-tenders
  • fógraítear soláthairtí os cionn thairseach sainithe an AE freisin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus dámhtar iad i gcomhréir le ceanglais Threoir 2014/24/AE, arna n-aistriú i ndlí na hÉireann ag Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Dámhachtain Conarthaí Údaráis Phoiblí) 2016
  • le haghaidh soláthairtí faoi bhun €50,000 lorgaítear luachan ó thrí sholáthraí ar a laghad
  • déantar soláthairtí a chur i gcrích go lárnach freisin, thar ceann na roinne seo, ón Oifig um Sholáthar Rialtais

Na rudaí a cheannaímid

Seo a leanas léiriú leathan ar na príomhréimsí ina gceannaíonn an roinn earraí agus seirbhísí.

Cumarsáid/Trealamh agus Seirbhísí TFC

Tá méadú ag teacht ar an bhfreastal a dhéanann comhaontuithe creata lárnaí na hOifige um Sholáthar Rialtais ar riachtanais Rannóg na gCóras Faisnéise.

Tá a leithéid de chomhaontuithe i bhfeidhm chun ríomhairí deisce, ríomhairí glúine, printéirí agus seirbhísí fóin póca a cheannach. Sonraí na socruithe sin.

Tá riachtanas ag an roinn maidir le seirbhísí agus trealamh TFC eile. Déantar riachtanais a fhógairt ar shuíomh gréasáin e-tenders de réir mar a thagann siad aníos.

Sainchomhairleoireacht agus Soláthar Seirbhísí Seachtracha TF

Bíonn riachtanais ócáideacha ag an roinn maidir le seirbhísí sainchomhairleoireachta bainistíochta a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil chun comhairle nó saineolas teicniúil ar leith a chur ar fáil nach bhfuil ar fáil don roinn ar shlí eile.

Cuimsíonn sé seo cabhair a bhaineann le:

  • cláir straitéiseacha ilbhliantúla atá dírithe ar sheachadadh sheirbhísí na Roinne a fheabhsú, mar shampla, an Clár um Nuachóiriú Soláthair Seirbhíse (NSS) Item was unpublished or removed
  • tionscadail theicniúla a bhaineann le forbairt leanúnach na gcóras teicneolaíochta faisnéise
  • tionscadail eile chun tacú, mar shampla, le forbairt beartais agus le soláthar faisnéise

Tá sain-mhiondealú ar an gcaiteachas bliantúil ar Shainchomhairleoireacht agus ar Sholáthar Seirbhísí Seachtracha TF ar fáil thíos.

Consultancy and IT External Service Provision Expenditure
2025.02.17
Amharc amharc

Soláthairtí agus Seirbhísí Bainistíochta Saoráidí

Is iondúil go bhfaightear stáiseanóireacht agus tomhaltáin oifige ar bhonn conarthaí láraithe íostarraingthe arna ndámhadh ag an Oifig um Sholáthar Rialtais, lena n-áirítear seirbhísí glantacháin, seirbhísí slándála agus bainistiú dramhaíola.

Féadfaidh an roinn seirbhísí a sholáthar go díreach ó am go ham freisin, trí chomórtais a fhógraítear ar eTenders agus IOCE.


An chaoi le teacht ar dheiseanna

Tá sé mar bheartas ag an Roinn úsáid a bhaint as suíomh gréasáin soláthair an rialtais agus tairiscintí á bhfógairt acu.

Na soláthraithe/soláthraithe seirbhíse a bhfuil suim acu monatóireacht a dhéanamh ar dheiseanna féideartha gnó, ba chóir dóibh clárú ar bhunachar sonraí e-tenders ionas go gcuirfear ar an eolas iad nuair a bhíonn tairiscint suime foilsithe ina réimse gníomhaíochta.

Níl aon chostas ar chlárú ar bhunachar sonraí soláthraithe e-tenders.

Ba chóir do dhíoltóirí ar spéis leo tairiscintí a dhéanamh chun earraí nó seirbhísí a sholáthar nach bhfógrófaí de ghnáth ar e-tenders (faoi bhun €50,000) a gcuid sonraí a sheoladh chuig na seoltaí thíos:

Facilities Management Goods and Services

Seoladh:
Facilities Management Unit, Department of Social Protection, Floor 1, Áras Mhic Dhiarmada, 1 Store Street, Dublin 1, D01 WYO3.

Communications and ICT Equipment and Services

Seoladh:
Department of Social Protection, Floor 2, Gandon House, Amiens Street, Dublin 1

Sonraisc a íoc

Tá íocaíocht sonrasc ag an roinn faoi rialú an Achta um Íoc Pras Cuntas, 1997 arna leasú ag Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Íoc Déanach in Idirbhearta Tráchtála) 2002.

Déanann an reachtaíocht foráil le haghaidh íocaíocht úis ar shonraisc bhailí nach n-íoctar breis is 30 lá tar éis dóibh a bheith faighte.

Comhlíonann an roinn ceanglas neamhreachtúil eile a thug an rialtas isteach i Meitheamh 2009 chun an tréimhse íocaíochta ag ranna rialtais láir dá soláthraithe a laghdú ó 30 go 15 lá.


Foilsiú na gConarthaí a Dámhadh


Foilsiú Orduithe Ceannaigh os cionn €20,000