Gairmeacha Beatha sa Roinn Coimirce Sóisialaí
- Foilsithe: 26 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 25 Feabhra 2025
Réamhrá
Is é misean na Roinne Coimirce Sóisialaí rannpháirtíocht agus ionchuimsiú gníomhach sa tsochaí a chur chun cinn trí thacaíochtaí ioncaim, seirbhísí fostaíochta agus seirbhísí eile a sholáthar.
Is í an roinn an eagraíocht íocaíochta is mó sa Stát. Oibríonn sí an tseirbhís fostaíochta poiblí agus cistíonn sí réimse fairsing cláir fostaíochta agus seirbhísí comhairleacha saoránach freisin.
Is iad príomhfheidhmeanna na Roinne:
- comhairle a chur ar an rialtas agus beartais chuí coimirce sóisialaí agus ionchuimsithe shóisialta a chruthú
- tacaíochtaí ioncaim, seirbhísí gníomhachtaithe agus fostaíochta éifeachtacha agus costéifeachtúla a dhearadh, a fhorbairt agus a sholáthar do chustaiméirí agus comhairle a chur orthu agus seirbhísí gaolmhara eile a sholáthar;
- oibriú i dtreo soláthar seirbhísí gan uaim a sholáthar i gcomhar le Ranna, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile rialtais
- calaois agus mí-úsáid laistigh den chóras coimirce sóisialaí a rialú
Glacann an roinn le príomhról in dhá cheann de na príomhfhearainn bheartais rialtais – ioncam a dháileadh agus a athdháileadh le comhtháthú sóisialta agus cothroime torthaí geilleagracha a chinntiú, agus oibriú éifeachtúil thaobh sholáthar an mhargaidh shaothair a chinntiú.
Is féidir leat níos mó a léamh faoi spriocanna na roinne sa Ráiteas Straitéise.
Earcaíocht
Is í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (SCP) a dhéanann earcaíocht don Roinn Coimirce Sóisialaí de ghnáth, trí iomaíocht oscailte. Is é SCP an soláthróir láraithe um sheirbhísí earcaíochta, measúnaithe agus roghnóireachta don státseirbhís agus is é an príomhbhealach rochtana é d’iarrthóirí ar spéis leo dul isteach sa tseirbhís phoiblí.
Tá gach faisnéis maidir le haon phost oscailte reatha agus faisnéis a bhaineann le SCP ar fáil ar shuíomh gréasáin Public Jobs.
Folúntais reatha
Comórtas oscailte do cheapachán mar Oifigeach Riaracháin (OR) Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide sa Roinn Coimirce Sóisialaí (Sligeach)
Tá deiseanna spreagúla againn do chéimithe TFC i Rannóg na gCóras Faisnéise (RCF) de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí, atá ar cheann de na ranna rialtais is mó in Éirinn.
Beidh ról lárnach ag an bpost seo maidir le tacaíocht a thabhairt do chlár claochlaithe dhigitigh na Roinne agus maidir le réitigh nuálacha theicneolaíochta a úsáid chun seachadadh seirbhísí a nuachóiriú. Is éard atá á lorg againn, chun córais mhiseanchriticiúla a fhorbairt agus a chothabháil i dteannta ár bhfoirne fuinniúla, ná céimithe ardspreagtha TFC a bhfuil an-inniúlacht theicniúil iontu.
Agus iad ag obair mar pháirt d’fhoireann RCF, beidh an duine/na daoine a cheapfar sa ról i mbun réimse feidhmeanna, a bhféadfadh roinnt de na nithe seo a leanas, nó iad go léir, a bheith i gceist leo:
- bogearraí a fhorbairt ar ardáin agus feidhmchláir ghnó chasta shaincheaptha, lena n-áirítear cur i bhfeidhm Shamhail Oibiachta Gnó nua-aoiseach chomhtháite na Roinne, agus ardáin na Roinne ar líne, MyGovID, MyWelfare agus Comhpháirtithe Leasa, a bhfuil duaiseanna buaite acu
- pleanáil leanúnachais gnó a dhéanamh, próisis a fheabhsú agus caighdeán amhail ISO agus ITIL a chur i bhfeidhm
- tacú le forbairt an bheartais straitéisigh agus oibríochtúil um chúrsaí TFC, lena n-áireofar ionchur do chlár uileghabhálach na r-sheirbhísí rialtais, na seirbhísí um chomhroinnt faisnéise agus na seirbhísí comhroinnte
- páirt ghníomhach a ghlacadh san fhoireann a phléann le réitigh ghnó ó cheann go ceann a dhearadh, a fhorbairt, a thástáil agus tacú leo lena n-úsáid go hinmheánach agus ag custaiméirí de chuid na Roinne
- feidhmchláir taoibh freastalaí a fhorbairt laistigh de chruach a bunaíodh ar Microsoft, a mbeidh taithí de dhíth ina leith i bhforbairt tosaigh agus chúil araon ar fud réimse teangacha amhail C#, VB.NET, Java, Python, JavaScript agus COBOL
- bogearraí a fhorbairt le haghaidh suíomhanna gréasáin, feidhmchláir ghréasáin, ríomhairí deisce, tascanna baisce agus aipeanna móibíleacha
- comhéadain úsáideora (UInna) a fhorbairt le HTML, CSS, JavaScript, déantóirí UInna ar ríomhaire deisce agus modhanna eile forbartha UIanna
- anailís agus atheagrú ar phróisis ghnó a dhéanamh chun réitigh ar fhadhbanna casta gnó a oibriú amach
- tástáil, agus tástáil rochtana san áireamh, a dhéanamh ar bhogearraí
- eolas fairsing a fhorbairt agus a chothabháil maidir le réitigh, treochtaí reatha agus teicnící teicneolaíochta, agus bheith sa tóir ar fhorbairtí nua teicneolaíochta ar bhealach réamhghníomhach
- páirt ghníomhach a ghlacadh san fhoireann a oibríonn le haonaid ghnó na Roinne chun riachtanais, deiseanna agus réitigh TFC/dhigiteacha a aithint
- faisnéis chasta theicniúil a mhíniú do phobal neamhtheicniúil – d’fhéadfadh sé sin a bheith san áireamh i gclár tacaíochta úsáideora agus cláir oiliúna
- cáipéisíocht theicniúil chuimsitheach a chruthú agus a chothabháil
- taighde a dhéanamh ar thopaic agus achoimre a dhéanamh ar na torthaí a d’eascródh as
- tabhairt faoi oiliúint agus forbairt, de réir mar a bheadh gá leo, lena chinntiú go gcoinneoidh tú suas le teicneolaíochtaí do réimse oibríochtaí
- cúnamh a thabhairt maidir le soláthar seirbhísí agus táirgí TFC/digiteacha, de réir mar a bheadh gá leo; agus dualgais eile a d’fhéadfadh do bhainisteoir a shannadh duit ó am go ham
Ba cheart d’iarrthóirí a thabhairt dá n-aire nach bhfuil freagrachtaí an róil mar a leagtar amach iad uileghabhálach agus go bhféadfaí dualgais bhreise a shannadh.
Tá na naisc le hiarratas a dhéanamh ar na róil speisialtóra seo laistigh den leabhrán eolais d’iarrthóirí thíos.
Boird stáit
Ceadaíonn Boird Stáit iarratais ar phoist a oscailt.