English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Intreo - Seirbhísí Fostaíochta Poiblí



Seirbhísí Fostaíochta Poiblí agus an AE

Is iad na Seirbhísí Fostaíochta Poiblí (SPFanna) na húdaráis a nascann cuardaitheoirí poist le fostóirí ar fud na hEorpa. Cé go bhfuil struchtúr éagsúil acu i ngach tír, cabhraíonn gach SPF le soláthar agus éileamh ar mhargadh an tsaothair a fhreastal trí sheirbhísí faisnéise, socrúcháin agus seirbhísí tacaíochta gníomhacha ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus Eorpach.

Is é Intreo Seirbhís Fostaíochta Poiblí na hÉireann agus is cuid den Roinn Coimirce Sóisialaí é.


Intreo - Seirbhísí Fostaíochta Poiblí in Éirinn

In Éirinn, cuireann Intreo, pointe teagmhála aonair do gach tacaíocht fostaíochta agus ioncaim, Seirbhísí Fostaíochta Poiblí ar fáil.

Chun cur chuige cuíchóirithe a chur ar fáil, cuireann Intreo seirbhísí agus tacaíochtaí praiticiúla saincheaptha fostaíochta ar fáil do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí in Ionaid Intreo ar fud na hÉireann.

Faigheann Intreo tacaíocht ó:

JobsIreland

Suíomh gréasáin is ea JobsIreland a nascann daoine atá ag lorg oibre le fostóirí féideartha ar fud na hÉireann. Nascann sé duine ar bith atá ag lorg fostaíochta, nó atá ag smaoineamh ar phost nó treo gairme a athrú le fostóirí a bhfuil folúntais á bhfógairt acu agus atá ag fostú ar bhonn gníomhach. Tuilleadh eolais ar JobsIreland.ie


Cé dóibh Intreo - Seirbhísí Fostaíochta Poiblí

Tá seirbhísí fostaíochta ar fáil do dhaoine in aois fostaíochta atá ag iarraidh rochtain a fháil ar thacaíochtaí nó ar sheirbhís, lena n-áirítear na daoine seo a leanas:

  • daoine a bhfuil íocaíochtaí cuardaitheora poist nó míchumais á bhfáil acu
  • daoine a bhfuil íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh eile a bhfáil acu, lena n-áirítear cleithiúnaithe fásta
  • daoine atá fostaithe nó ag iarraidh post nó gairm a athrú
  • daoine a bhfuil suim acu a bheith féinfhostaithe
  • daoine atá ag obair go páirtaimseartha agus ag iarraidh a n-uaireanta a mhéadú
  • daoine nach bhfuil aon íocaíocht á fáil acu ón roinn ach a bhfuil suim acu i dtaithí oibre, i gcúnamh maidir le post a lorg agus i bhfilleadh ar an ionad oibre tar éis asláithreachta
  • daoine ar iarratasóir iad ar Chosaint Idirnáisiúnta le cead ón Roinn Dlí agus Cirt chun rochtain a fháil ar an margadh saothair

Seirbhísí Intreo do chuardaitheoirí poist

Is féidir le d'Intreo áitiúil oibriú leat go díreach chun

  • tacú leat ullmhú le haghaidh oibre agus obair a fháil
  • tacaíochtaí agus seirbhísí a thairiscint duit a chabhróidh leat do ghairm a athrú, uasoiliúint nó athoiliúint a dhéanamh
  • deiseanna oiliúna oiriúnacha a shainaithint
  • tacaíochtaí a aithint más mian leat do ghnó féin a bhunú
  • tú a nascadh le fostóirí atá ag iarraidh daoine a fhostú ar bhonn gníomhach

Seirbhísí Intreo d’fhostóirí

Cuireann Intreo réimse seirbhísí ar fáil d’fhostóirí trí fhoireann thiomnaithe freisin, ag gach Ionad Intreo. Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar leathanach gréasáin Sheirbhísí d'Fhostóirí.


Déan teagmháil le d'Intreo áitiúil chun comhairle a fháil

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil trí theagmháil a dhéanamh le d’Ionad Intreo áitiúil.