Maidir leis an bPríomh-Oifig Chlárúcháin
- Foilsithe: 12 Nollaig 2017
- An t-eolas is déanaí: 21 Feabhra 2023
Is í an Phríomh-Oifig Chlárúcháin (Oifig an Ard-Chláraitheora) an stór lárnach sibhialta do thaifid a bhaineann le breitheanna, marbh-bhreitheanna, básanna, póstaí, páirtnéireachtaí sibhialta agus uchtuithe in Éirinn.
Feidhmíonn an Phríomh-Oifig Chlárúcháin (POC) faoi choimirce na Roinne Coimirce Sóisialaí agus tá sí freagrach as riarachán na Seirbhíse um Chlárú Sibhialta in Éirinn. Tá ár n-oifig lonnaithe ag:
General Register Office
- Seoladh:
- General Register Office, Government Offices, Convent Road, Co Roscommon, F42 VX53.
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
0818 253070;
+353 90 6632900
- Uaireanta Oscailte:
-
Monday:
10am - 1pm
2pm - 4pm
Tuesday: 10am - 1pm
2pm - 4pm
Wednesday: 10am - 1pm
2pm - 4pm
Thursday: 10am - 1pm
2pm - 4pm
Friday: 10am - 1pm
2pm - 4pm
Tá an tArd-Chláraitheoir freagrach as an gcóras um Chlárú Sibhialta in Éirinn a bhainistiú agus a rialú. Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) freagrach as an tSeirbhís um Chlárú Sibhialta a sheachadadh ó lá go lá trí líonra oifigí áitiúla um chlárú sibhialta ar fud an Stáit.
Oibrímid saoráid taighde ag Sráid San Werburgh, Baile Átha Cliath 8, D08 E277 áit ar féidir le baill den phobal, a bhfuil baint acu le taighde teaghlaigh, na hinnéacsanna leis na cláir atá i seilbh na Príomh-Oifige Clárúcháin a chuardach agus fótachóipeanna d'iontrálacha sna cláir a cheannach.
Is féidir deimhnithe breithe, báis, pósta, páirtnéireachta sibhialta nó marbh-bhreithe a fháil ón bPríomh-Oifig Chlárúcháin, ó oifigí cláraithe sibhialta áitiúla nó ar líne.
Is féidir rochtain a fháil ar gach tuarascáil bhliantúil ón bPríomh-Oifig Chlárúcháin.
Taifid atá á gcoinneáil ag an POC, Ros Comáin
Tá an Phríomh-Oifig Chlárúcháin, (Oifig an Ard-Chláraitheora) lonnaithe ag Oifigí an Rialtais, Bóthar an Chlochair, Ros Comáin, Co. Ros Comáin. Chomh maith leis na taifid a choimeádtar ag an saoráid taighde teaghlaigh i Sráid San Werburgh, Baile Átha Cliath 8, D08 E277 coinnítear innéacsanna de na cláir imeachtaí saoil seo a leanas i Ros Comáin amháin.
Áirítear leo siúd:
- breitheanna leanaí ar muir, ar rugadh duine dá t(h)uismitheoirí ar oileán na hÉireann idir an 1 Eanáir 1864 agus an 31 Nollaig 1921
- breitheanna leanaí ar muir, ar rugadh duine dá t(h)uismitheoirí in Éirinn tar éis 1921
- básanna ar muir i gcás daoine a rugadh ar oileán na hÉireann idir an 1 Eanáir 1864 agus an 31 Nollaig 1921 agus i gcás daoine a rugadh in Éirinn tar éis 1921
- breitheanna leanaí ag a bhfuil tuismitheoirí Éireannacha, arna ndeimhniú ag Consail na Breataine thar lear, idir an 1 Eanáir 1864 agus an 31 Nollaig 1921
- básanna daoine a rugadh in Éirinn, arna ndeimhniú ag Consail na Breataine thar lear, idir an 1 Eanáir 1864 agus an 31 Nollaig 1921
- póstaí a cheiliúir an tUrramach J F G Schulze, Aire de chuid Eaglais Phrotastúnach na Gearmáine, Sráid an Phoill Bhig, Baile Átha Cliath, ó 1806 go 1837, an dá bhliain sin san áireamh
- breitheanna, básanna agus póstaí arna gclárú de bhun fhorálacha an (Army) Act, 1879
- breitheanna agus básanna arna gclárú de bhun fhorálacha an Achta Cosanta (Leasú) (Uimh. 2), 1960
- breitheanna agus básanna áirithe a tharlaíonn lasmuigh den Stát (de bhun fhorálacha an Achta um Chlárú Breitheanna, Básanna agus Póstaí, 1972, Alt 4)
- Póstaí Lourdes áirithe (de bhun fhorálacha Acht na bPóstaí, 1972, Alt 2)
- marbh-bhreitheanna a cláraíodh in Éirinn ón 1 Eanáir 1995 (níl cóipeanna deimhnithe ar fáil ach do thuismitheoirí amháin)
- básanna oifigeach Éireannach agus daoine a maraíodh le linn comhraic nó a fuair bás agus seirbhís á ndéanamh acu thar lear le linn an Chogaidh Mhóir (WW1) 1914 - 1919
- tuairisceáin bháis a bhaineann le Cogadh na hAfraice Theas (1899 – 1902) sa mhéid go mbaineann siad le géillsinigh Éireannacha
Chun teastas a iarraidh ó na taifid seo téigh chuig ár leathanach iarratais teastais.