English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Staitisticí Leasa Shóisialaigh


Staitisticí a fhoilsíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí


Féilire Eisiúna Staitisticí

Tá na dátaí foilsithe do 2023 do na príomhthuarascálacha staitistiúla a dhéanann an Roinn Coimirce Sóisialaí leagtha amach sa sceideal thíos.


Tuarascáil Staitistiúil Bhliantúil ar Sheirbhísí Leasa Shóisialaigh,

Ó 1983 i leith, foilsíonn an roinn an tuarascáil bhliantúil Faisnéise Staitistiúla um Sheirbhísí Leasa Shóisialaigh, a leagann amach na sonraí staitistiúla atá taobh thiar de na scéimeanna coimirce sóisialaí éagsúla, amhail caiteachas, faighteoirí agus tairbhithe, árachaithe, rátaí íocaíochta agus sonraí ar ghníomhaíochtaí oibríochtúla.

Tagraíonn na huimhreacha sna tuarascálacha seo don 31 Nollaig gach bliain, mura luaitear a mhalairt.


Tuarascáil Staitistiúil Ráithiúil

Cuireann an Tuarascáil Staitistiúil Ráithiúil faisnéis achomair ráithiúil ar fáil faoi Ioncam agus Caiteachas, chomh maith le líon iomlán na bhfaighteoirí atá ag na príomhscéimeanna a riarann an Roinn Coimirce Sóisialaí. Foilsítear an tuarascáil ar bhonn ráithiúil. Tá obair ar bun leis an bPríomhoifig Staidrimh (CSO) chun na sonraí atá sna tuarascálacha seo ar chur ar fáil trí Thairseach Sonraí Oscailte an CSO ar data.cso.ie. Idir an dá linn, cuirfear sonraí ar fhaighteoirí ar fáil trí data.gov.ie.

  • Tuarascálacha Staitistiúla Ráithiúla don roinn agus MyWelfare ar fáil anseo

Staitisticí COVID-19

Nuair a bhris géarchéim COVID-19 amach, tugadh isteach bearta éigeandála coimirce sóisialaí isteach, ar nós na hÍocaíochta Dífhostaíochta Paindéime COVID-19 agus Sochar Breoiteachta le ráta feabhsaithe.

Staitisticí seachtainiúla maidir le Faighteoirí Íocaíochta Dífhostaíochta na Paindéime agus Sochair Breoiteachta Feabhsaithe

  • Tá staitisticí seachtainiúla ar líon na bhfaighteoirí ar na scéimeanna seo (PUP agus Sochar Breoiteachta Feabhsaithe) le fáil anseo.

Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime in Uimhreacha

Leagann an eisiúint seo amach na sonraí staitistiúla atá taobh thiar den Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime (PUP) – gníomhaíocht oibríochtúil, líon na bhfaighteoirí, líon na n-íocaíochtaí agus caiteachas.

The Pandemic Unemployment Payment in numbers
Amharc amharc
PUP Expenditure Infographic
Amharc amharc
PUP Recipients Infographic
Amharc amharc
PUP Operational Statistics Infographic
Amharc amharc

Anailís ar Aistrithe Margaidh Fostaíochta mar thoradh ar PUP

Is í an sprioc atá leis an bpáipéar oibre seo ná chun béim a leagan ar na haistrithe (nó gluaiseachtaí) fostaíochta i measc daoine a fuair na hÍocaíochtaí Dífhostaíochta Paindéime roimhe seo agus a chuir deireadh lena n-éileamh agus a d'fhill ar obair.

Léiríonn an anailís seo, a rinneadh i mí na Samhna 2021, cé acu ar fhill iarfhaighteoirí PUP ar an bhfostóir a bhí acu roimhe nó ar athraigh siad an fostóir (bíodh sé laistigh den earnáil ina raibh siad roimhe nó chuig earnáil dhifriúil).

Tugann an páipéar miondealuithe agus comparáidí orthu siúd a cruthaíodh gur fhill siad ar obair i ndiaidh PUP, agus breathnaíonn sé ar an gceangal a bhí acu leis an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (EWSS).

Working Paper: Trends in Post-PUP Employment
Amharc amharc

Déanann an anailís seo, a rinneadh i mí Mheán Fómhair 2021, scrúdú ar gach duine a fuair PUP is a d'fhill ar obair ina dhiaidh agus tugann sé le fios cé acu:

  • ar fhill siad ar a bhfostóir roimhe nó
  • ar athraigh siad a bhfostóirí (bíodh sé laistigh den earnáil ina raibh siad roimhe, nó chuig earnáil dhifriúil).
PUP Labour Market Transitions Analysis
Amharc amharc

Suirbhéanna Rialaithe

Tá ceangal ar an roinn seo líon áirithe suirbhéanna rialaithe a dhéanamh gach bliain. Déanann na suirbhéanna seo meastóireacht ar an líon calaoise agus earráide amhrasta ar phointe ama áirithe ar an scéim atá faoi chaibidil.


Staitisticí maidir leis na hUimhreacha Pearsanta Seirbhíse Poiblí a eisíodh

Uimhir thagartha uathúil do chustaiméirí is ea an uimhir USPS atá in úsáid in idirbhearta idir daoine aonair agus ranna rialtais agus soláthraithe seirbhísí poiblí eile.

Tá staitisticí ar leithdháileadh UPSPanna de réir náisiúntacht an iarrthóra ó 2000 san áireamh.


Anailísíocht ar an Margadh Fostaíochta

Tá sé de chúram ar an Aonad Anailísíochta ar an Margadh Fostaíochta sonraí margaidh fostaíochta, anailís agus taighde bunaithe ar shonraí riaracháin na roinne a chur ar fáil. Mar chuid den chúram seo, cuireann sé meastóireachtaí tionchair fríthfhíorasacha ar fáil faoi straitéis Chonairí chun Oibre (PtW) an Rialtais.


Staitisticí maidir le Scéim Íocaíochta Iomarcaíochta

Staitisticí ar iarratais a fuarthas faoin Scéim Íocaíochtaí Iomarcaíochta ó 1995.


Ráiteas Cáilíochta

Leagann an doiciméad seo amach tiomantas na Roinne Coimirce Sóisialaí (DSP) do cháilíocht, agus na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun dearbhú a thabhairt faoi cháilíocht na n-aschur staitistiúla atá faoi chúram an DSP ar an gClár Staidrimh Oifigiúil.

Department of Social Protection Statistics Quality Statement
13.04.2023
Amharc amharc

Ráiteas faoi Fhoilsiú agus Scaipeadh

Leagann an doiciméad seo amach na bunphrionsabail i dtaca le scaipeadh agus athbhreithniú na n-aschur staitistiúla atá faoi chúram na Roinne Coimirce Sóisialaí (DSP) ar an gClár Staidrimh Oifigiúil.

Department of Social Protection Statistics Publication and Dissemination Statement
14.04.2023
Amharc amharc

Clár Oibre Staitistiúil

Tugann an doiciméad seo sonraí faoi na tuarascálacha staitistiúla a fhoilsíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí.

Department of Social Protection Statistical Work Programme
13.04.2023
Amharc amharc

Déan Teagmháil Linn

Statistics and Business Intelligence Unit

Seoladh:
Department of Social Protection, Goldsmith House, Pearse Street, Dublin 2, D02 YY17.
Ríomhphost:

statsunit@welfare.ie