Straitéis Daoine 2020-2023
- Foilsithe: 10 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Eanáir 2022
Réamhrá
Leag Straitéis Daoine na Státseirbhíse 2017-2020 síos an clár oibre um Acmhainní Daonna Straitéiseacha (AD) don státseirbhís agus dhírigh sí ar thrí thosaíocht chrosghearrthach; bheith i do rogha fhostóir; ag tógáil lucht oibre na todhchaí agus ag tógáil agus ag luacháil bainisteoirí mar fhorbróirí daoine agus ag tacú leo.
Cinnteoidh cur i bhfeidhm na 'Straitéise Daoine 2020-2023' go mbeidh an cumas againn déanamh go maith i ndomhan ar líne agus leanúint ar aghaidh ag baint barr feabhais amach ag seirbhís do chustaiméirí duine le duine.
Folláine
Tá an Roinn Coimirce Sóisialaí tiomanta do thimpeallacht oibre shábháilte agus shláintiúil a sholáthar dá foireann, lena n-áirítear timpeallacht a thacaíonn lena sláinte agus folláine fhisiceach, mheabhrach agus mhothúchánach. Féachann an Roinn le tacú le baill foirne chun a sláinte agus a bhfolláine a chosaint agus, ar an gcaoi sin, a n-athléimneacht agus a gcumas barr feabhais a bhaint amach ag an obair a chothabháil agus a fheabhsú. Chun é sin a chumasú, tá Aonad Folláine tiomnaithe laistigh den Rannán Acmhainní Daonna le freagracht as an mBeartas Sláinte agus Folláine Foirne a chur i bhfeidhm.
Comhionannas, Éagsúlacht & Cuimsiú
Is fostóir comhdheiseanna í an Roinn Coimirce Sóisialaí a bhfuil tiomantas láidir aici do chomhionannas, éagsúlacht agus chuimsiú san ionad oibre. Tá an tiomantas seo le feiceáil i mBeartas Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsitheachta na Ranna agus in Aonad tiomnaithe Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsithe laistigh den Rannán Acmhainní Daonna.