Aip MyGovID
- Foilsithe: 1 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 23 Meán Fómhair 2024
- Aip MyGovID
- A bhfuil uait leis an aip MyGovId a úsáid
- Conas an aip MyGovID a úsáid
- Ceisteanna coitianta
Aip MyGovID
Tugann aip MyGovID caoi duit do chéannacht a dheimhniú ar líne ag úsáid d'fhóin chliste.
Is féidir leat aip My GovIDa íoslódáil ar d'fhón cliste Apple nó Android.
Tá an tseirbhís nua seo ar fáil duit:
- má tá tú i do chónaí in Éirinn
- má tá pas Éireannach reatha agat
- má tá tú sé bliana déag d'aois nó níos sine
- má tá cuntas bunúsach MyGovID agat
- mura ndeachaigh tú trí próiseas Cláraithe SAFE cheana
Nuair a bheidh d'iarratas ar líne deimhnithe, gheobhaidh úsáideoirí an aip an méid seo a leanas:
- Cárta Seirbhísí Poiblí (CSP) sa phost
- cuntas deimhnithe MyGovID
Murar féidir linn d'iarratas ar líne a phróiseáil, cuirfear in iúl duit cén fhaisnéis is gá duit a thabhairt leat chun an próiseas a chur i gcrích ag ionad Clárúcháin Cárta Seirbhísí Poiblí/SAFE.
A bhfuil uait leis an aip MyGovId a úsáid
Beidh ort cuntas bunúsach MyGovID a bheith agat agus an aip MyGovID a íoslódáil ón Apple App Store nó Google Play Store chuig d'fhón cliste.
Beidh ort glacadh leis na Téarmaí agus Coinníollacha agus an aip á úsáid agat. . Mura mian leat glacadh leo seo, is féidir leat a roghnú d'aitheantas a fhíorú ag ceann d'Ionaid Chárta Seirbhísí Poiblí (CSP) na Roinne.
Fón Póca
Teastaíonn fón póca uait le ceamara chun tosaigh, teicneolaíocht Cumarsáide Gar-Réimse (NFC), agus an tsonraíocht íosta seo a leanas:
- Apple iOS leagan 15
nó
- Android leagan 10
Ní mór go mbeidh Éire socraithe mar shuíomh ar do chuntas úsáideora Apple nó Google.
Pas
Teastaíonn leabhar pas bailí Éireannach uait chun an aip a úsáid. Ní ghlactar le cártaí pas.
Cuntas Bunúsach MyGovID
Féach conas cuntas bunúsach MyGovIDa chruthú chun tuilleadh eolais a fháil.
Conas an aip MyGovID a úsáid
Nuair a logálann tú isteach i do chuntas bunúsach MyGovID tríd an aip, iarrfar ort d'Uimhir PSP a sholáthar chun tús a chur le do chéannacht a dheimhniú.
Chun do chéannacht a dheimhniú, bailítear an fhaisnéis seo a leanas:
- grianghraf 'féinín'*
- íomhá de leathanach shonraí do phas
- scanadh den tslis atá i do phas
- do shíniú*
- faisnéis phearsanta bhreise
Beidh d'fhéinín agus do shíniú le feiceáil ar do Chárta Seirbhísí Poiblí*.
Coimeádann an Roinn an t-eolas ar fad a bhailítear. Féach ar ár Item was unpublished or removedchun tuilleadh eolais a fháil.
Má tá do sheoladh difriúil le taifid atá i seilbh na roinne, iarrfar ort grianghraf de do sheoladh reatha a uaslódáil dar dáta laistigh de na 6 mhí seo caite. Tugtar samplaí sa liosta seo a leanas de chruthúnais inghlactha ar sheoladh:
- bille fóntais (bille gáis nó leictreachais, mar shampla)
- polasaí árachais cairr nó tí
- deimhniú creidmheasa cánach
- ráiteas dliteanais ó na Coimisinéirí Ioncaim
- ráiteas bainc a thaispeánann do sheoladh
Mura bhfuil cruthúnas ar sheoladh agat i d'ainm féin, ní mór don sealbhóir tí an bille fóntais a shíniú ag deimhniú go bhfuil tú i do chónaí ag an seoladh sin.
Scriosfaidh an roinn aon chruthúnas ar sheoladh a uaslódáladh nuair a bheidh d'iarratas próiseáilte.
Is féidir leat an aip MyGovID a íoslódáil ar d'fhón cliste Apple nó Android.
Ceisteanna coitianta
Céard is Clárú SAFE ann?
Is ionann SAFE agus Standard Authentication Framework Environment (Timpeallacht Chreata Fíordheimhniúcháin Chaighdeánaigh) - an próiseas a úsáideann an Roinn Coimirce Sóisialaí chun do chéannacht a dhéanamh amach agus a dheimhniú. Déantar sin chun an méid seo a leanas a chinntiú:
- gurb ionann céannacht an duine atá ann dáiríre agus an chéannacht atá an duine sin a mhaíomh
- nach bhfuil céannacht an duine sin á húsáid ag aon duine eile chun íocaíocht nó seirbhís a éileamh
- nach bhfuil íocaíocht eile á héileamh ag an duine nó nach bhfuil seirbhís eile á húsáid aige nó aici faoi chéannacht dhifriúil
- nach gá do dhaoine an fhaisnéis chéanna a sholáthar arís agus arís eile agus iad ag teacht ar sheirbhísí éagsúla.
Céard é an bunús dlí le clárú SAFE?
Tá an tAire Coimirce Sóisialaí freagrach as céannacht a fhíordheimhniú faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 2005.
Soláthraíonn an tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005 an bunús dlí don phróiseas clárúcháin SAFE ar an láthair, agus don tseirbhís ar líne, áit a soláthraíonn an t-iarratasóir an fhaisnéis riachtanach aitheantais don Roinn tríd an aip atá le próiseáil.
Cén chaoi ar féidir liom clárú le SAFE?
Is féidir leat clárú le SAFE ach:
- freastal ar chruinniú duine le duine ag Ionaid Chárta Seirbhísí Poiblí (CSP).
- iarratas a dhéanamh ar líne tríd an aip MyGovID.
An bhfuil mé incháilithe leis an tseirbhís chlárúcháin SAFE ar líne a úsáid?
Le bheith incháilithe ní mór duit:
- Uimhir PSP a bheith agat
- a bheith sé bliana déag d'aois nó níos sine ná sin
- cuntas bunúsach MyGovID a bheith agat
- pas bailí Éireannach a bheith agat
- teacht a bheith agat ar fhón cliste
- a bheith in ann an aip MyGovID a íoslódáil ó na haipmhargaí Apple nó Google Play
- fianaise le do sheoladh in Éirinn a bheith agat
- cuntas Google nó Apple a bheith agat (agus do shuíomh socraithe go hÉirinn).
Níl tú incháilithe an aip a úsáid má tá do chlárú SAFE curtha i gcrích agat cheana, nó má chuir tú tús leis, i gceann d'oifigí na Roinne.
Cén chaoi ar féidir liom teacht ar an tseirbhís chlárúcháin SAFE ar líne?
Is féidir leat an aip MyGovID, atá ar fáil saor in aisce ó aipmhargadh Google Play nó Apple a íoslódáil.
Céard iad na sonraí is gá dom a sholáthar?
Iarrfar ort an méid seo a leanas a sholáthar:
- seoladh ríomhphoist
- Uimhir PSP
- sloinne breithe
- sloinne breithe do mháthar
- seoladh
- freagraí ar dhá cheist slándála
- uimhir fón póca
- síniú.
Chomh maith leis sin:
- glac grianghraf féínín
- uaslódáil grianghraf de leathanach faisnéise do phas
Cé hé an rialaitheoir sonraí le haghaidh clárú SAFE ar líne?
Is í an Roinn Coimirce Sóisialaí an rialaitheoir sonraí le haghaidh clárú SAFE ar líne.
Cén chaoi a ndéanfar mo chuid sonraí a phróiseáil?
Déanann an aip do shonraí pearsanta a phróiseáil chun sonraí an phas a dheimhniú chun an grianghraf atá stóráilte ar an bpas sin a chur i gcomparáid leis an bhféinín a ghlacann tú le linn do chlárúcháin SAFE ar líne.
Cén chaoi go baileach a bpróiseálann an aip mo chuid sonraí?
- úsáidtear an 'féinín' a ghlac tú chun seiceáil beochta a dhéanamh agus déantar é a mheaitseáil leis na grianghraif atá stóráilte ar an bpas a thugtar
- próiseáiltear sonraí ón bpas lena chinntiú gur pas bailí é
- léitear na sonraí céannachta, an grianghraf san áireamh, ón tslis ar an bpas
- déantar próiseáil freisin ar fhaisnéis phearsanta ar an bpas, amhail ainm iomlán, dáta breithe, agus náisiúntacht
An bhfuil próiseáil sonraí bithmhéadracha i gceist le clárú SAFE ar líne?
Tá, cruthaíonn agus próiseálann an tseirbhís sonraí bithmhéadracha san aip.
Cuirtear trí ghrianghraf i gcomparáid le chéile trí úsáid a bhaint as sonraí bithmhéadracha chun a chinntiú gur duine ‘beo' é an t-iarratasóir agus chun cruthú céannachtaí calaoiseacha a chosc.
An mbeidh mo chuid sonraí pearsanta slán le linn an phróisis clárúcháin SAFE ar líne?
Beidh. Tá bearta cuí i bhfeidhm lena chinntiú go gcoinnítear do chuid faisnéise go slán sábháilte ag gach céim den phróiseas iarratais.
Cén chaoi a stóráiltear mo chuid sonraí má úsáidim an próiseas clárúcháin SAFE ar líne?
Coinneoidh an aip do chuid sonraí go sealadach le linn an phróisis iarratais go dtí go dtarchuirfear chuig an roinn iad agus ansin stórálfaidh an roinn iad go slán.
Ní stórálfar aon sonraí ar an bhfón cliste a úsáidtear.
Céard a tharlóidh má thosaím ach má chinneann mé gan dul ar aghaidh le m'iarratas ar chlárú SAFE ar líne?
Mura gcomhlánaíonn tú d'iarratas agus mura gcuireann tú isteach ina iomláine é ar chúis ar bith, scriostar do shonraí iarratais ón aip tar éis uair an chloig.
An féidir liom m'intinn a athrú agus SAFE a chlárú go pearsanta ina ionad sin?
Is féidir. Is rogha dheonach go hiomlán í an tseirbhís chlárúcháin SAFE ar líne. Féadfaidh tú, tráth ar bith, teagmháil a dhéanamh leis an Roinn chun coinne clárúcháin SAFE ar an láthair a shocrú ag ceann d'ionaid CSP na Roinne.
Cén fáth nach bhfuil cead agam m'iarratas ar líne a chomhlánú?
Ní bheidh cead agat dul ar aghaidh le d'iarratas más rud é:
- go bhfuil tú cláraithe le SAFE cheana féin, nó gur chuir tú tús leis an bpróiseas roimhe seo in oifig de chuid na Roinne
- nach bhfuil an dáta breithe ar do phas ag teacht leis an dáta breithe atá ag an Roinn cheana féin
- nach bhfuil an féinín ag teacht leis an ngrianghraf ar an bpas, nó leis an ngrianghraf ar an sliseanna ar an bpas.
Má fhaigheann tú teachtaireacht nach bhfuil cead agat dul ar aghaidh agus nach bhfuil Cárta Seirbhísí Poiblí (CSP) agat cheana féin, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an roinn chun coinne phearsanta a shocrú chun do phróiseas clárúcháin SAFE a chur i gcrích.
Céard a tharlaíonn do mo chuid sonraí nuair a chuirim isteach m'iarratas cláraithe SAFE comhlánaithe ar líne?
Nuair a bheidh an t-iarratas comhlánaithe agat, déantar do chuid faisnéise a stóráil go slán ar chóras ríomhaireachta na roinne agus déanann oifigeach de chuid na roinne athbhreithniú uirthi.
Cén chaoi a ndéantar an cinneadh maidir le m'iarratas ar chlárú SAFE ar líne?
Déanfaidh oifigeach athbhreithniú ar an bhfaisnéis go léir a chuirtear isteach agus déanfaidh sé cinneadh maidir le cé acu atá d'iarratas ar chlárú SAFE ceadaithe nó nach bhfuil.
Má cheadaítear é, gheobhaidh tú do chuntas deimhnithe MyGovID agus cuirfear do Chárta Seirbhísí Poiblí sa phost chuig do sheoladh.
Mura gceadaítear d'iarratas ar chlárú SAFE, rachaidh an roinn i dteagmháil leat agus cuirfear in iúl duit cad atá le déanamh chun do chlárú SAFE a chomhlánú. D'fhéadfadh sé go mbeadh i gceist leis sin freastal ar oifig de chuid na roinne chun an próiseas a chur i gcrích, mar shampla, b'fhéidir go mbeadh ort do ghrianghraf a thógáil ag ceann d'oifigí na roinne mura bhfuil caighdeán an fhéinín a cuireadh isteach oiriúnach le bheith le feiceáil ar do Chárta Seirbhísí Poiblí.
Céard a tharlaíonn do mo shonraí pearsanta tar éis dom m'iarratas a cheadú?
Nuair a bheidh d'iarratas ceadaithe, gheobhaidh tú do chuntas deimhnithe MyGovID agus seolfar do CSP chuig do sheoladh.
Coinneofar do shonraí pearsanta slán ar ár bhfreastalaithe i gcomhréir lenár mbeartas coinneála. Go ginearálta, ciallaíonn sé sin go gcoinneoidh an Roinn do shonraí pearsanta ar feadh do shaoil, chomh maith le tréimhse bhreise 10 mbliana.
Cé leis ar féidir liom teagmháil a dhéanamh maidir le haon ábhar imní faoi chosaint sonraí a d'fhéadfadh a bheith agam?
Glacaimid go han-dáiríre lenár bhfreagrachtaí maidir le cosaint sonraí. Déantar gach iarracht a chinntiú nach n-úsáidtear sonraí pearsanta custaiméirí ach do chuspóirí gnó agus nach nochtar iad ar bhealach ar bith eile. Tá beartais, caighdeáin, nósanna imeachta agus treoirlínte cosanta sonraí agus slándála faisnéise i bhfeidhm ag an roinn lena rialaítear úsáid a córas ríomhaireachta agus sonraí custaiméirí.
Tá Ráiteas Príobháideachais na roinne ar fáil anseo.
I gcomhréir le hAirteagal 37 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), tá Oifigeach Cosanta Sonraí ceaptha againn, lenar féidir teagmháil a dhéanamh ag:
Data Protection Officer
- Seoladh:
- Department of Social Protection, Goldsmith House, 7-13 Pearse Street, Dublin 2, D02 YY17, Dublin 2
- Ríomhphost: