Aosaigh Leochaileacha a Chumhdach
- Foilsithe: 11 Meitheamh 2019
- An t-eolas is déanaí: 30 Bealtaine 2022
- Lá Domhanda Feasachta ar Dhrochíde do Sheanóirí – an 15 Meitheamh
- Cineálacha Drochíde do Sheanóirí
- Drochíde a Thuairisciú
Lá Domhanda Feasachta ar Dhrochíde do Sheanóirí – an 15 Meitheamh
Chuir an Gréasán Idirnáisiúnta le haghaidh Cosc Drochíde do Sheanóirí (INPEA) tús le Lá Domhanda Feasachta ar Dhrochíde do Sheanóirí ar dtús in 2006 agus ba é an aidhm a bhí leis aird a tharraingt ar dhrochíde do sheanóirí inár sochaí dhomhanda.
Tá Lá Domhanda Feasachta ar Dhrochíde do Sheanóirí, a reáchtáiltear ar an 15 Meitheamh gach bliain, ag tacú le Plean Gníomhaíochta Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe ina dtugtar aitheantas do shuntas drochíde do sheanóirí mar ábhar imní a bhaineann le sláinte phoiblí agus chearta an duine. Feidhmíonn an lá mar threoir chun gnímh do dhaoine, eagraíochtaí agus pobail, chun aird a tharraingt ar mhí-úsáid, faillí agus teacht i dtír ar sheanóirí.
Cruthaíonn an easpa feasachta agus tuisceana ar dhrochíde do sheanóirí, nó aitheantas a bheith á thabhairt ag ár bpobail ar an tsaincheist fiú, dúshláin shuntasacha i ndáil le brath agus freagairt do dhrochíde do sheanóirí.
Seo a leanas an sainmhíniú atá luaite le Drochíde do Sheanóirí - gníomh aonair nó athdhéanta, nó easpa gnímh chuí, a tharlaíonn laistigh d’aon chaidreamh áit a bhfuiltear ag súil le hiontaoibh, is cúis le díobháil nó anacair do sheanóir nó is cúis lena gcearta daonna agus sibhialta a bheith á sárú. (Ár dTodhchaí a Chosaint, Tuarascáil an Ghrúpa Oibre maidir le Drochíde do Sheanóirí, Meán Fómhair 2002). Glactar le 65 bliain d’aois agus níos sine mar an aois ina bhféadfaí glacadh le drochíde mar dhrochíde do sheanóirí.
Is deis é an Lá Domhanda Feasachta ar Dhrochíde do Sheanóirí dúinn ar fad aird a dhíriú ar dhrochíde do sheanóirí. Tugann sé ár ndúshlán cabhrú le drochíde do sheanóirí a dhíothú agus cur leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh againn tacú le meas agus dínit do gach seanóir. Tá ról le himirt ag gach duine agus ní féidir le haon duine amháin, aon eagraíocht amháin ná aon chomhlacht stáit amháin déileáil leis na dúshláin a bhaineann le drochíde do sheanóirí.
Cineálacha Drochíde do Sheanóirí
Is féidir na cineálacha difriúla drochíde a chatagóiriú mar seo a leanas:
- mí-úsáid shíceolaíoch lena n-áirítear mí-úsáid mhothúchánach, baol díobhála nó tréigin, díothacht teagmhála, náiriú, locht a chur ar dhuine, urlámhas, imeaglú, comhéigniú, ciapadh, íde béil, aonrú nó aistarraingt ó sheirbhísí nó ó ghréasáin thacaíochta
- mí-úsáid fhisiciúil - lena n-áirítear greadadh, brú, bualadh, ciceáil, mí-úsáid cógas, srian míchuí (lena n-áirítear srian fisiciúil agus ceimiceach) nó smachtbhannaí
- mí-úsáid airgeadais no ábhartha lena n-áirítear goid; calaois; dúshaothrú; brú maidir le huachtanna, réadmhaoin nó oidhreacht, nó idirbhearta airgeadais; nó mí-úsáid nó míleithreasú maoine, sealbh nó sochar
- faillí (lena n-áirítear neamhchúram i do leith féin) agus neamhghníomhartha lena n-áirítear neamhaird a thabhairt ar riachtanais leighis nó cúraim fhisiciúil, siarchoinneáil riachtanais na beatha cosúil le cógas, cothú agus téamh oiriúnach
- mí-úsáid idirdhealaitheach lena n-áirítear aoiseachas, ciníochas, gnéasachas, bunaithe ar mhíchumas duine, agus ar chineálacha eile ciaptha, maslaí nó cóireáil den chineál céanna
- D’fhéadfadh mí-úsáid institiúideach tarlú laistigh de shuíomhanna cúraim cónaithe agus géarchúraim lena n-áirítear tithe altranais, ospidéil ghéarmhíochaine agus suíomhanna eile ina bhfuil othair chónaitheacha, agus d’fhéadfadh go mbeadh caighdeáin chúraim lag, go mbeadh dianghnáthaimh i bhfeidhm agus nach mbeifí ag freagairt go cuí do riachtanais chasta.
- mí-úsáid gnéis lena n-áirítear éigniú agus ionsaí gnéasach nó gníomhaíochtaí gnéasacha nár thoiligh an t-aosach níos sine dóibh, nó nach bhféadfadh sé/sí toiliú dóibh, nó ar cuireadh brú air nó uirthi toiliú dóibh
D’fhéadfadh go mbeadh aon duine nó eagraíocht ciontach as mí-úsáid. Níos minice ná a mhalairt is duine éigin a bhfuil aithne ag an seanóir air/uirthi a bhíonn i gceist, ball teaghlaigh, gaol, cairde nó soláthróir cúraim, mar shampla – caidreamh ina mbítear ag súil le hiontaoibh.
D’fhéadfadh drochíde tarlú áit ar bith: tarlaíonn an drochíde ar fad beagnach sa bhaile, is cuma má tá an duine ina c(h)ónaí leis/léi féin nó le baill teaghlaigh. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh sé tarlú laistigh de shuíomhanna cónaithe, cúraim lae nó ospidéil, áiteanna eile a mheastar atá sábháilte, nó in áit phoiblí.
Má tá tú féin ag fulaingt mar thoradh ar dhrochíde nó má tá duine éigin ar d’aithne ag fulaingt mar thoradh ar dhrochíde, labhair le
- Duine éigin a bhfuil muinín agat as/aisti
- do ghairmí sláinte - do dhochtúir teaghlaigh, d’altra sláinte poiblí, Oibrí Sóisialta FSS (Cásoibrí Sinsearach) nó duine ar bith i d’ionad sláinte áitiúil
- Stáisiún Áitiúil an Gharda Síochána
- Líne Eolais FSS ag an uimhir 1800 700 700, Luan go Satharn, 8am - 8pm (a roinnfidh sonraí leat maidir le foireann FSS i do cheantar áitiúil a bheidh in ann cabhrú leat)
- do bhanc nó aturnae
- bainisteoirí ginearálta i d’Oifig Sláinte Áitiúil FSS
- úinéir tí altranais nó an t-altra i gceannas
Drochíde a Thuairisciú
Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Is é FSS an t-údarás inniúil i ndáil le Drochíde do Sheanóirí a thuairisciú agus tá Seirbhís um Dhrochíde do Sheanóirí tiomnaithe ag FSS. Má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait, féach ar Rannóg chumhdaigh de shuíomh gréasáin FSS ar a bhfuil eolas le fáil maidir leis an mbeartas Cumhdaigh, agus foilseacháin maidir le drochíde do sheanóirí. Féach freisin ar mhionsonraí Fhoirne um Chumhdaigh agus um Chosaint FSS atá lonnaithe i ngach Eagraíocht Cúraim Sláinte Pobail.
Chomh maith leis sin, is féidir leat comhairle a lorg ó Líne Eolais FSS:
HSE Information Line
- Seoladh:
- Department of Health, Block 1, Miesian Plaza, 50 – 58 Lower Baggot Street, D02 XW14
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
1800 700 700;
01 240 8787
- Uaireanta Oscailte:
-
Monday:
8am - 8pm
Tuesday: 8am - 8pm
Wednesday: 8am - 8pm
Thursday: 8am - 8pm
Friday: 8am - 8pm
Saturday: 9am - 5pm
Sunday: 9am - 5pm
Imní maidir le cumhdach – Foirne um Chumhdach agus um Chosaint FSS
Is é an príomhsholáthraí seirbhísí cumhdaigh in Éirinn FSS, a bhfuil Beartas um Chumhdach Aosaigh bunaithe aici laistigh de sheirbhísí do sheanóirí agus seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas.
Tá an Oifig Náisiúnta um Chumhdach lonnaithe i Luimneach (safeguarding.socialcare@hse.ie / (061) 461 165) and tá naoi bhFoirne Réigiúnacha um Chumhdach agus um Chosaint a chlúdaíonn gach réigiún sláinte poiblí sa tír.
Iarrtar ar na foirne measúnú a dhéanamh ar líomhaintí maidir le drochíde nó faillí agus idirghabháil a dhéanamh chun déileáil le hábhair imní (agus toil agus sainroghanna an aosaigh atá i mbaol drochíde a chur san áireamh).
Seo a leanas sonraí teagmhála na naoi bhfoirne réigiúnacha:
Sligeach, Liatroim, An Cabhán, Muineachán agus Dún na nGall | safeguarding.cho1@hse.ie | (071)9834660 |
Ros Comáin, Gaillimh agus Maigh Eo | safeguarding.cho2@hse.ie | (091) 748432 |
An Clár, Luimneach, Tiobraid Árann Thuaidh agus Oirthear Luimnigh | safeguarding.cho3@hse.ie | (067) 46470 |
Corcaigh agus Ciarraí | safeguarding.cho4@hse.ie | (021) 4927550 |
Tiobraid Árann Theas, Ceatharlach, Cill Chainnigh, Port Láirge agus Loch Garman | safeguarding.cho5@hse.ie | (056) 7784325 |
Cill Mhantáin, Dún Laoghaire agus Baile Átha Cliath Thoir Theas | safeguarding.cho6@hse.ie | (01) 2164511 |
Cill Dara, Cill Mhantáin, Baile Átha Cliath Thiar, Cathair Bhaile Átha Cliath Theas agus Baile Átha Cliath Thiar Theas | safeguarding.cho7@hse.ie | (045) 920410 |
Laois, Uíbh Fhailí, An Longfort, An Iarmhí, Lú agus An Mhí | safeguarding.cho8@hse.ie | (01) 6914632 |
Baile Átha Cliath Thuaidh, Baile Átha Cliath Thuaidh-Lár agus Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh | safeguarding.cho9@hse.ie | (01) 7959528 |
Má tá aon cheist agat maidir le seirbhísí sláinte is féidir leat teagmháil a dhéanamh le FSS Beo atá oscailte Luan - Aoine, idir 9am–5pm, Satharn - Domhnach, idir 8am–8pm. Líne glao sábhála 1800 700 700, nó 01 240 8787.
An Roinn Coimirce Sóisialaí
Gníomhóidh an Roinn bunaithe ar aon tuarascálacha a fhaightear maidir le drochíde líomhanta a f(h)aighteoirí pinsin/sochair, agus rachaidh an Roinn i gcomhairle le nó pléifear cúrsaí le gníomhaireachtaí ábhartha eile cosúil le FSS nó An Garda Síochána. Tá imscrúduithe ar dhrochíde líomhanta á gcomhordú ag an Aonad um Chumhdach sa roinn:
Safeguarding Unit
- Seoladh:
- Safeguarding Unit, Department of Social Protection, College Road, Sligo, Co. Sligo, F91 T384.
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
00353 71 919 3259
Suíomhanna gréasáin/acmhainní úsáideacha eile
- Tá foirm Think Ahead Ospís na hÉireann le fáil anseo..
- Tá eolas maidir le cúrsaí airgeadais a bhainistiú agus calaois a shainaithint le fáil anseo..
- Safeguarding Ireland
- Eolas do Shaoránaigh
- Abhcóideacht Éireann
- Sage Advocacy
- An Garda Síochána