English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Athbhreithniú ar an gCiste um Fhreastal Réasúnta agus ar an Scéim Tacaíochta um Fheasacht ar Mhíchumas

Is príomhthacaíochtaí fostaíochtaí míchumais iad na deontais ón gCiste um Fhreastal Réasúnta agus ón Scéim Tacaíochta um Fheasacht ar Mhíchumas. Tá sé mar aidhm acu tacaíocht a thabhairt d'fhostaíocht daoine atá faoi mhíchumas sa mhargadh fostaíochta oscailte.

Soláthraíonn an Ciste um Fhreastal Réasúnta tacaíocht airgid d'fhostóirí san earnáil phríobháideach cuardaitheoirí poist, agus fostaithe faoi mhíchumas chun an t-ionad oibre a dhéanamh níos inrochtana. Tá an ciste déanta as ceithre dheontas:

  • Deontas Trealaimh don Ionad Oibre / Oiriúnaithe
  • Deontas do Theangaire Agallamh Poist
  • Deontas do Léitheoir Pearsanta
  • Deontas um Fhostaithe a Choinneáil

Léigh tuilleadh faoi dheontais ón gCiste Fhreastal Réasúnta.

Tá sé mar aidhm ag an Scéim Tacaíochta um Fheasacht ar Mhíchumas an t-ionad oibre a dhéanamh níos tacúla trí mhaoiniú a chur ar fáil d’fhostóirí san earnáil phríobháideach chun socrú agus íoc as oiliúint um fheasacht ar mhíchumas do bhaill foirne a oibríonn le comhghleacaí atá faoi mhíchumas.

Léigh tuilleadh faoin Scéim Tacaíochta um Fheasacht ar Mhíchumas.

Rinne an Roinn Coimirce Sóisialaí athbhreithniú ar an dá scéim chun deacrachtaí a aithint a d'fhéadfadh a bheith mar chúis leis an nglacadh íseal. Chun eolas a thabhairt don athbhreithniú reáchtáladh comhairliúchán poiblí thar 6 seachtaine san Earrach 2022. Ba dheis é do dhaoine a dtuairimí a thabhairt maidir le todhchaí na scéimeanna seo. Fuair an Roinn 33 aighneachtaí agus 912 freagraí suirbhé ó raon leathan daoine, eagraíochtaí agus comhlachtaí.

D'aithin an comhairliúchán poiblí deacrachtaí leis an scéim, amhail easpa feasachta, próiseas iarratais casta leibhéal íseal maoinithe. Bhí éileamh ann freisin na seirbhísí a d'fhéadfaí a mhaoiniú a leathadh agus na cineálacha fostóirí, fostaí agus fostaí ionchais atá incháilithe.

Chun cabhrú le riachtanais daoine atá faoi mhíchumas nó atá ag cuardach fostaíochta, tugann an t-athbhreithniú moltaí maidir leis an dá scéim a chomhcheangal. Molann sé freisin córais agus próisis a shimpliú, incháilitheacht agus maoiniú scéime a leathnú, formheas i bprionsabal a sholáthar agus an scéim nua a chur chun cinn.


Tuarascáil


Na chéad chéimeanna eile

Oibreoimid sna míonna amach romhainn chun na moltaí sa tuarascáil seo a chur i bhfeidhm agus tá sé mar aidhm againn an scéim leasaithe a bheith i bhfeidhm in 2024.

Go raibh maith agat

Teastaíonn uainn buíochas a ghabháil as na daoine a thóg an t-am chun aighneachtaí a dhéanamh agus freagra a thabhairt ar na suirbhéanna mar chuid den phróiseas comhairliúcháin phoiblí. Is cuid thábhachtach den athbhreithniú iad na léargais a thugtar.

Preasráiteas iomlán