English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Athbhreithniú ar an gCiste um Fhreastal Réasúnta Furasta le Léamh



Freastail réasúnta

Uaireanta, d'fhéadfadh sé a bheith níos deacra do dhaoine rudaí a dhéanamh má tá míchumas, fadhb sláinte nó saincheist mheabhairshláinte acu.

Is éard is Freastal réasúnta ann nuair a athraíonn muid an bealach a dhéanaimid rudaí de ghnáth chun a chinntiú gur féidir le daoine faoi mhíchumas é a dhéanamh freisin.

Sampla is ea socruithe solúbtha oibre a ligeann do dhaoine obair a thosú agus a chríochnú ag amanna éagsúla.


An Ciste um Fhreastal Réasúnta

Reáchtálann Rialtas na hÉireann Ciste um Fhreastal Réasúnta.

Tugann an Roinn Coimirce Sóisialaí an Ciste seo amach d'fhostóirí, agus d'fhostaithe agus do chuardaitheoirí poist faoi mhíchumas.

Leis an gCiste tugtar airgead chun cabhrú le costas freastal réasúnta ag an obair.

Tá ceithre dheontas sa Chiste um Fhreastal Réasúnta.


Na Ceithre Dheontas

Deontas Oiriúnaithe Trealaimh san Ionad Oibre

Tugann an deontas seo airgead d'fhostóirí.

Cuidíonn an t-airgead le híoc as athruithe chun an t-ionad oibre a dhéanamh níos inrochtana.

Mar shampla, rampa inrochtaineachta nó leithreas a chur isteach, trealamh nua a cheannach, nó oiliúint teicneolaíochta cúnta.

Deontas d'Ateangairí Agallaimh Poist

Tugann an deontas seo airgead do dhuine a bhfuil caillteanas éisteachta nó deacrachtaí cainte aige/aici.

Íocann an t-airgead as ateangaire le léirmhíniú a dhéanamh ag agallamh poist.

D'fhéadfadh an t-ateangaire cabhrú freisin le hoiliúint ionduchtúcháin nuair a thosaíonn an duine post nua.

Deontas do Léitheoir Pearsanta

Tugann an deontas seo airgead do dhuine a atá dall nó a bhfuil lagamharc orthu.

Cuidíonn an t-airgead le híoc as léitheoir pearsanta chun cabhrú leis an duine léamh ag an obair.

Deontas Coinneála Fostaithe

Tugann an deontas seo airgead d'fhostóirí má thagann míchumas ar oibrí agus é/í ag obair dóibh.

Úsáidtear an t-airgead chun a fháil amach cad iad na socruithe nó an oiliúint réasúnta a theastaíonn chun tacú leis an oibrí fanacht ag an obair.


An t-Athbhreithniú

Tá an rialtas ag féachaint ar na deontais seo le fáil amach an féidir leo iad a dhéanamh níos fearr.

Tá an rialtas ag iarraidh ar dhaoine an tacaíocht a theastaíonn uathu a fháil chun oibriú.

Ba mhaith leis an rialtas a fháil amach cad a cheapann daoine faoi na deontais seo.

Ba mhaith leis a fháil amach cad is maith le daoine nó nach maith leo faoi na deontais seo.

Ba mhaith leis eolas a fháil faoi smaointe daoine chun na deontais seo a dhéanamh níos fearr.


Inis dúinn cad é do thuairim

Is féidir leat a insint dúinn cad a cheapann tú trí fhreagra a thabhairt ar ár suirbhé nó aighneacht i scríbhinn a sheoladh chugainn.

Is éard is suirbhé ann ná sraith ghearr ceisteanna ina gcuirimid ceist ort faoin gCiste um Fhreastal Réasúnta.

Is éard is aighneacht i scríbhinn ann ná nuair a scríobhann tú chugainn chun do thuairimí faoin gCiste um Fhreastal Réasúnta a chur in iúl dúinn.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh ar cheann de cheithre bhealach:

Nó, is féidir leat é a dhéanamh ar pháipéar.

Íoslódáil an suirbhé agus seol chugainn é sa phost nó trí na seoltaí ríomhphoist thíos.

  • 2. Is féidir leat glaoch orainn ar an bhfón chun an suirbhé ar an gCiste um Fhreastal Réasúnta a fhreagairt.

Glaoigh ar an Máirt agus ar an gCéadaoin idir 10am agus 12pm nó 2pm agus 4pm.

(Tá an líne theileafóin seo dúnta)

Beidh an costas céanna le glao áitiúil ag baint leis.

  • 3. Is féidir leat d'aighneacht i scríbhinn a sheoladh sa phost chuig:

Athbhreithniú RAF

An tAonad Beartais um Thinneas, Míchumas agus Cúramóirí

Urlár a Ceathair

Áras Mhic Dhiarmada

Sráid an Stórais

Baile Átha Cliath 1, D01 WY03

  • 4. Is féidir leat d'aighneacht i scríbhinn a sheoladh i ríomhphost chuig:

IDCPolicyConsultation@welfare.ie

Cuir "Comhairliúchán RAF" i líne an ábhair ríomhphoist.

Ní mór duit a insint dúinn cad a cheapann tú faoi 5pm Dé hAoine, an 29 Aibreán.


Cad a tharlóidh leis an méid a déarfaidh tú

Éistfidh an rialtas leis an méid atá le rá ag gach duine.

Ansin, déanfaidh an rialtas athruithe chun na deontais a fheabhsú.

D'fhéadfadh rialacha nua a bheith i gceist leis sin.

Scríobhfaimid tuairisc ag baint úsáide as an bhfaisnéis a sheolann daoine.

Beidh go leor faisnéise eile sa tuarascáil freisin.

Má fhreagraíonn tú suirbhé, ní gá duit d'ainm a insint dúinn.

Ní choinneoimid taifead ar cé a fhreagraíonn suirbhé.

Má sheolann tú aighneacht i scríbhinn chugainn tríd an bpost nó trí ríomhphost, d'fhéadfaí é a fhoilsiú ionas go bhfeicfidh daoine í in éineacht le d'ainm.

Tá sé seo faoi dhlí ar a dtugtar na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2003.

Is féidir leat tuilleadh eolais a fheiceáil trínár Ráiteas Príobháideachais a léamh ar ár láithreán gréasáin:

Item was unpublished or removed


Íoslódáil an doiciméad seo

Reasonable Accommodation Fund Review: Easy to Read
Reasonable Accommodation Fund Review: Easy to Read
Amharc amharc