English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Athbhreithniú ar Nóta Treorach an Chiste um Fhreastal Réasúnta (RAF)


Tá comhairliúchán poiblí á reáchtáil ag an Roinn Coimirce Sóisialaí ar an athbhreithniú ar dheontais an Chiste um Fhreastal Réasúnta go dtí Dé hAoine an 13 Bealtaine 2022.

Tugaimid cuireadh do dhaoine faoi mhíchumas, d'fhostóirí, do ghrúpaí ionadaíocha agus don phobal a dtuairimí a thabhairt ag baint úsáide as an suirbhé gairid nó as aighneacht i scríbhinn.

  • Tá naisc chuig an suirbhé ar an gcéad leathanach eile.
  • Má tá aighneacht i scríbhinn á déanamh agat, bain úsáid as na teimpléid ar leathanach 7 agus leathanach 8 mar threoir.

Conas suirbhé a chomhlánú

Más mian leat suirbhé a chomhlánú, bain úsáid as na naisc thíos.

Daoine faoi mhíchumas:

Suirbhé Ar Líne

Íoslódáil an Suirbhé

Fostóirí:

Suirbhé Ar Líne

Íoslódáil an Suirbhé

Mura bhfuil rochtain agat ar na suirbhéanna ar líne, is féidir leat seo a leanas a dhéanamh::

  • an suirbhé a íoslódáil, é a phriontáil, agus é a sheoladh ar ais chuig an seoladh thíos
  • é a sheoladh ar ríomhphost mar cheangaltán le IDCPolicyConsultation@welfare.ie
  • an suirbhé a chomhlánú le ball den fhoireann ar an bhfón Dé Máirt agus Dé Céadaoin idir 10am agus 12pm nó 2pm agus 4pm trí glaoch a chur ar 0818 607 080.

Beidh gach freagra suirbhé go hiomlán gan ainm.


Conas aighneacht i scríbhinn a dhéanamh

Más mian leat aighneacht a scríobh, léigh an fhaisnéis phríobháideachta agus an treoirdhoiciméad thíos. Is féidir leat teimpléid a úsáid ar leathanach 7 agus leathanach 8 chun tú a threorú agus d'aighneacht á déanamh agat. Tá na nithe seo a leanas ann:

  • Teimpléad le ceisteanna, agus
  • Teimpléad le spás do do chuid freagraí

Féadfaidh tú d'aighneacht a sheoladh tríd an bpost nó chuig an seoladh ríomhphoist thíos. Cuir "Comhairliúchán RAF" i líne an ábhair ríomhphoist.


Cá háit le d'aighneacht a sheoladh

Reasonable Accommodation Fund Review

Seoladh:
lllness, Disability and Carers Policy Unit, Floor Four, Áras Mhic Dhiarmada, Store Street, Dublin 1, D01 WY03
Ríomhphost:

IDCPolicyConsultation@welfare.ie


Cad a tharlóidh don fhaisnéis i mo fhreagra?

Déanfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí athbhreithniú ar na freagraí go léir agus breithniú á dhéanamh ar an mbealach is fearr chun deontais an Chiste um Fhreastal Réasúnta a athchóiriú.

Bainfimid úsáid as na freagraí féachaint an bhfuil na deontais ag comhlíonadh a n-aidhmeanna. Bainfimid úsáid as na moltaí faoi athruithe nó forálacha nua chun bonn eolais a chur faoin gcaoi a n-oibreoidh deontais an Chiste um Fhreastal Réasúnta amach anseo.

Tá freagraí suirbhé go hiomlán gan ainm, mar sin ní féidir le duine ar bith tú a aithint. Má tá aighneacht i scríbhinn á déanamh agat, áfach, léigh an fhaisnéis phríobháideachta thíos.

Foilseoimid tuarascáil ar an gcomhairliúchán ar gov.ie ina mbeidh achoimre ar na haighneachtaí i scríbhinn agus ar thorthaí an tsuirbhé.


Conas a choinnímid do chuid faisnéise príobháideach

Is comhairliúchán poiblí é seo, agus tá feidhm ag an Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014. Ciallaíonn sé sin go bhféadfaí go bhfoilseofaí d’fhreagra ina iomláine ag an Roinn Coimirce Sóisialaí. Iarrtar ort an Ráiteas Príobháideachais a léamh.

D’fhonn cúnamh a thabhairt dúinn do phríobháideachas a chosaint, iarrtar ort gan faisnéis den chineál seo a leanas a chur ar fáil:

  • faisnéis phearsanta,
  • faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de, agus
  • faisnéis ar bith nár mhian leat a bheith sa phobal.

(Folaíonn faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de faisnéis maidir le praghsáil, brabúis, smaointe nua nó eolas íogair ar thionscal.)

Má chuireann tú faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de ar fáil, áfach, sainaithin an t-ábhar go soiléir agus inis dúinn:

  • cén fáth a bhfuil sé íogair, agus
  • cén fáth nár chóir é a fhoilsiú nó a chur ar fáil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise

Féadfaimid iarratas a fháil chun aighneacht a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, agus go n-éileofar orainn í a scaoileadh.

Sna cásanna seo, rachaimid i gcomhairle leat faoin bhfaisnéis atá pearsanta nó a shainaithnítear mar fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de. Déanfaimid é seo sula gcinnimid:

  • an aighneacht a scaoileadh – ina hiomláine
  • cuid den aighneacht a scaoileadh (déanfar sonraí áirithe a scriosadh ionas nach féidir iad a léamh)
  • gan an aighneacht a scaoileadh

Cá fhad a choinneoidh tú na haighneachtaí?

Coinneoimid aighneachtaí go dtí go mbeidh an próiseas athbhreithnithe, lena n-áirítear cur i bhfeidhm aon mholtaí a nglactar leo, críochnaithe.

Reachtaíocht ábhartha

Tá gach freagra ar an gcomhairliúchán seo faoi réir é seo a leanas:


Teimpléad le ceisteanna

Deontais don Chiste um Fhreastal Réasúnta

Cur síos ar an athrú atá beartaithe

Ceist mholta Sonraí
1. Cén fhadhb a dtabharfaidh d’athrú molta aghaidh uirthi? Mínigh agus déan cur síos ar an bhfadhb a dtabharfaidh an t-athrú a mholann tú aghaidh uirthi. Má tá siad ar fáil, cuir aon fhíricí, comhthéacs agus sonraí ábhartha san áireamh.
2. Cad é an t-athrú atá molta? Déan cur síos ar an athrú. Inis dúinn faoin aidhm fhoriomlán atá aige agus tabhair sonraí iomlána faoin gcaoi a n-oibreoidh sé go praiticiúil.
3. Conas a chabhróidh an t-athrú atá molta leis an bhfadhb a réiteach? Déan cur síos ar na torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus ar an gcaoi a gcuideoidh an t-athrú atá molta leis an bhfadhb a réiteach. Smaoinigh ar an tionchar a bheidh ag d'athrú ar an gcaoi a ndéanann an rialtas, fostóirí agus daoine eile a gcuid oibre a chur san áireamh agus conas a thabharfaidh sé aghaidh ar an bhfadhb ar an slí sin. D'fhéadfadh sé a bheith ina chúnamh freisin smaoineamh ar aon mhíbhuntáistí a bhaineann leis na hathruithe atá molta.
4. Déan cur síos ar an gcuma a bheadh ar chur i bhfeidhm rathúil an athraithe atá molta. Roinn linn, le do thoil, conas a cheapann tú gur cheart na hathruithe atá molta agat a chur i bhfeidhm.

Teimpléad le Spás le haghaidh Freagraí

Deontais don Chiste um Fhreastal Réasúnta

Cur síos ar an athrú atá beartaithe

Ceist mholta Sonraí
1. Cén fhadhb a dtabharfaidh d’athrú molta aghaidh uirthi? 1
2. Cad é an t-athrú atá molta? 2
3. Conas a chabhróidh an t-athrú atá molta leis an bhfadhb a réiteach? 3
4. Déan cur síos ar an gcuma a bheadh ar chur i bhfeidhm rathúil an athraithe atá molta. 4

Íoslódáil an doiciméad seo

Review of the Reasonable Accommodation Fund (RAF) Written Submission Guidance Note
Review of the Reasonable Accommodation Fund (RAF) Guidance Note
Amharc amharc