Buiséad 2022
- Foilsithe: 12 Deireadh Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025
- Méaduithe ar ráta seachtainiúil
- Liúntas Breosla
- Pinsinéirí
- Teaghlaigh agus Leanaí
- Cúramóirí agus Daoine faoi Mhíchumas
- Daoine atá ag oibriú
- Daoine atá dífhostaithe
- Bónas na Nollag
- Ár mbileog fíricí faoin mBuiséad a íoslódáil
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, pacáiste leasa shóisialaigh buiséid ar fiú €558 milliún é don bhliain 2022. Bhain an tAire comhaontú amach freisin go n-íocfar Bónas na Nollag 100% i mí na Nollag 2021 ar chostas measta breis agus €313 milliún.
Méaduithe ar ráta seachtainiúil
- tagann méadú €5 ar an ráta uasta de na croí-íocaíochtaí seachtainiúla go léir agus tiocfaidh méaduithe comhréireacha ar íocaíochtaí do Dhaoine Fásta Cáilithe
- tagann méadú €3 aníos go dtí €22 sa tseachtain ar Liúntas do Mhaireachtáil Aonair
- tagann méadú €3 aníos go dtí €48 i ngach íocaíocht sheachtainiúil ar an ráta íocaíochta don Mhéadú do Leanbh Cáilithe do leanaí 12 bhliain d’aois agus níos sine
- Tagann méadú €2 aníos go dtí €40 i ngach íocaíocht sheachtainiúil ar an ráta íocaíochta do ráta íocaíochta don Mhéadú do Leanbh Cáilithe
Liúntas Breosla
- tagann méadú €5 aníos go dtí €33 ar Liúntas Breosla ón 12 Deireadh Fómhair 2021 ar aghaidh
Léireofar san íocaíocht Liúntais Breosla a thosóidh an tseachtain dar tús an 1 Samhain 2021 athruithe a tugadh isteach i mBuiséad 2022 agus áirítear leo an méid seo a leanas i gcás íocaíochtaí seachtainiúla agus íocaíochtaí cnapshuime:
○An méadú €5 sa tseachtain.
○Riaráistí 3 seachtaine d’fhaighteoirí seachtainiúla (€15).
○Riaráistí 12 sheachtain d’fhaighteoirí cnapshuime (€60).
- Tiocfaidh méadú €20 aníos go dtí €120 ar an tairseach ioncaim sheachtainiúil do Liúntas Breosla
- B’fhéidir go gcáileoidh daoine a bhfuil Liúntas Cuardaitheora Poist agus Liúntas Leasa Forlíontach á fháil acu do Liúntas Breosla i ndiaidh 12 mhí, tar éis gur laghdaíodh an tréimhse seo anuas ó 15 mhí (má shásaítear na coinníollacha cáilitheacha eile go léir)
Pinsinéirí
- tagann méadú €5 ar an ráta seachtainiúil uasta agus tagann méaduithe comhréireacha ar an ráta íocaíochta do dhaoine a bhfuil ráta laghdaithe á fháil acu
- tagann méaduithe comhréireacha ar an ráta íocaíochta do chleithiúnaithe Fásta Cáilithe
- Tagann méadú €3 aníos go dtí €22 sa tseachtain ar Liúntas do Mhaireachtáil Aonair do dhaoine 66 bliain d’aois agus níos sine atá ag maireachtáil leo féin
- Tagann méadú €5 aníos go dtí €33 sa tseachtain ar Liúntas Breosla ón 12 Deireadh Fómhair 2021 ar aghaidh
- Tiocfaidh méadú €20 aníos go dtí €120 ar an tairseach ioncaim sheachtainiúil do Liúntas Breosla
Teaghlaigh agus Leanaí
- tagann méadú €5 ar na croí-íocaíochtaí seachtainiúla go léir, Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora, Íocaíocht Idirthréimhseach Chuardaitheora Poist, Sochar Máithreachais, Sochar Atharthachta, Sochar Uchtaíoch agus Sochar Tuismitheora san áireamh ó Eanáir 2022
- Tagann méadú €3 aníos go dtí €48 i ngach íocaíocht sheachtainiúil ar an ráta íocaíochta don Mhéadú do Leanbh Cáilithe do leanaí 12 bhliain d’aois agus níos sine
- Tagann méadú €2 aníos go dtí €40 i ngach íocaíocht sheachtainiúil ar an ráta íocaíochta do ráta íocaíochta don Mhéadú do Leanbh Cáilithe
- Cuireadh síneadh le Clár na mBéilí Scoile Teo ó Eanáir 2022, a mhéadaíonn an líon iomlán scoláirí a chruthaítear tairbhe dóibh aníos go dtí 55,650
- Sochar Tuismitheora - Déanfar an íocaíocht ar feadh 2 sheachtain bhreise d’aon duine a bhfuil leanbh acu atá níos óige ná 2 bhliain d’aois. Tá an tsaoire agus an sochar breise dhá sheachtain le glacadh, faoi mar atá i gceist leis na cúig seachtaine a bhronntar faoi láthair, i rith an chéad 2 bhliain de shaol linbh, nó i gcás uchtála, laistigh de 2 bhliain i ndiaidh gur cuireadh an leanbh faoi chúram an teaghlaigh ó Iúil 2022 ar aghaidh
- Tagann méadú €5 aníos go dtí €250 sa tseachtain ar Shochar Tuismitheora ó Eanáir 2022
- tagann méadú €10 ar an tairseach ioncaim sheachtainiúil don Íocaíocht Teaghlaigh Oibre gan aird ar an líon tí
- tagann méadú €10 do gach leanbh cáilitheach ó Iúil 2022 ar Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil
- méadófar an tairseach ioncaim uasta chun cáiliú don Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil do theaghlaigh aontuismitheora go mbeidh sé comhionann le teaghlaigh ina bhfuil beirt tuismitheoirí
Cúramóirí agus Daoine faoi Mhíchumas
- tagann méadú €5 ar an ráta seachtainiúil de Item was unpublished or removed Item was unpublished or removed Sochar Breoiteachta, Liúntas Míchumais, Pinsean na nDall agus Pinsean Easláine agus tiocfaidh méaduithe comhréireacha ar an ráta íocaíochta do dhaoine a bhfuil ráta laghdaithe á fháil acu
- tagann méaduithe comhréireacha ar an ráta íocaíochta do chleithiúnaithe Fásta Cáilithe
- Tagann méadú €3 aníos go dtí €48 i ngach íocaíocht sheachtainiúil ar an ráta íocaíochta don Mhéadú do Leanbh Cáilithe do leanaí 12 bhliain d’aois agus níos sine
- Tagann méadú €2 aníos go dtí €40 i ngach íocaíocht sheachtainiúil ar an ráta íocaíochta do ráta íocaíochta don Mhéadú do Leanbh Cáilithe
- Tagann méadú €5 aníos go dtí €33 sa tseachtain ar Liúntas Breosla ón 12 Deireadh Fómhair 2021 ar aghaidh
- Tagann méadú €3 aníos go dtí €22 sa tseachtain ar Liúntas do Mhaireachtáil Aonair do dhaoine faoi mhíchumas atá ag maireachtáil leo féin
- tagann méadú ó €1 aníos go dtí €6.30 san uair ar an bhfóirdheontas pá d’fhostóirí a fhostaíonn daoine faoi mhíchumas ó Eanáir 2022
- tiocfaidh méadú ar an teorainn tuillimh ar Liúntas Míchumais aníos ó €350 go €375
- tiocfaidh athrú ar an mbearna ráta maoine a chruthóidh tairbhe do dhaoine a bhfuil ráta íocaíochta laghdaithe de Liúntas Míchumais á fháil acu
- cuirfidh Seirbhísí EmployAbility deontais ar fáil go díreach do dhaoine faoi mhíchumas atá fostaithe
- íocfar Liúntas Cúraim Baile ar feadh a fhaide le 6 mhí do leanaí who a thugtar chun ospidéil iad (íoctar ar feadh 3 mhí faoi láthair é)
- Leanfar le Liúntas Cúramóra a íoc ar feadh 6 mhí maidir le leanaí a thugtar chun ospidéil iad
- Tagann méadú ar an neamhaird a thugtar faoin Liúntas Cúramóra nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar mhéaduithe caipitil/coigiltis aníos go dtí €50,000 ó Mheitheamh 2022 (is é an neamhaird a thugtar faoi láthair €20,000)
- Tagann méadú aníos go dtí €350 i gcás cúramóirí singil agus aníos go dtí €750 do chúramóirí a bhfuil céile/páirtnéir acu ar an neamhaird ioncaim sheachtainiúil do Liúntas Cúramóra
Daoine atá ag oibriú
- tagann méadú €10 ar an tairseach ioncaim sheachtainiúil don Íocaíocht Teaghlaigh Oibre, gan aird ar an líon tí
- Déanfar an íocaíocht ar feadh 2 sheachtain bhreise d’aon duine a bhfuil leanbh acu atá níos óige ná 2 bhliain d’aois faoi Shochar Tuismitheora. Tá an tsaoire agus an sochar breise dhá sheachtain le glacadh, faoi mar atá i gceist leis na cúig seachtaine a bhronntar faoi láthair, i rith an chéad 2 bhliain de shaol linbh, nó i gcás uchtála, laistigh de 2 bhliain i ndiaidh gur cuireadh an leanbh faoi chúram an teaghlaigh ó Iúil 2022 ar aghaidh
- Laghdaítear an riachtanas maidir le líon íosta ranníocaíochtaí ÁSPC a bheith íoctha do Shochar Cóireála ÁSPC anuas ó 5 bliana (260 seachtain) go dtí 9 mí (39 seachtain) do dhaoine idir 25 agus 28 bliain d’aois, agus beidh seo éifeachtach ó Eanáir 2022
- Sochar Cóireála - is féidir le daoine a bhfuil riochtaí orthu cosúil le halóipéice, nó daoine atá ag tabhairt faoi cheimiteiripe deontas €500 a fháil chun cabhrú le híoc as costais bréagfholt
- Tagann méadú €5 sa tseachtain ar Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair agus ar chláir fostaíochta, an Clár Socrúcháin Taithí Oibre, Fostaíocht Pobail, Tús agus an Scéim Shóisialta Tuaithe agus tiocfaidh méaduithe comhréireacha ar rátaí íocaíochta do Dhaoine Fásta Cáilithe agus do Chleithiúnaithe Linbh
- tagann méadú €5 ar Shochar Máithreachais, Sochar Atharthachta, Sochar Uchtaíoch, agus Sochar Tuismitheora ó Eanáir 2022
- Cúnamh Feirme - Beidh scéimeanna áirithe Agra-chomhshaoil díolmhaithe a mhéid le teorainn bhliantúil €2,450, agus déanfar measúnú ar 50% ina dhiaidh sin orthu ó Dheireadh Fómhair 2022 ar aghaidh.
Daoine atá dífhostaithe
- tagann méadú €5 ar an ráta uasta seachtainiúil de Sochar Cuardaitheora Poist, Liúntas Cuardaitheora Poist ó Eanáir 2022 agus tiocfaidh méaduithe comhréireacha ar an ráta íocaíochta do dhaoine a bhfuil ráta laghdaithe á fháil acu
- Tagann méadú €5 ar an ráta uasta seachtainiúil de Liúntas Cuardaitheora Poist do chuardaitheoirí poist 24 bliain d’aois agus níos óige ó Eanáir 2022
- tagann méaduithe comhréireacha ar an ráta íocaíochta do chleithiúnaithe Fásta Cáilithe
- Tagann méadú €3 aníos go dtí €48 i ngach íocaíocht sheachtainiúil ar an ráta íocaíochta don Mhéadú do Leanbh Cáilithe do leanaí 12 bhliain d’aois agus níos sine
- Tagann méadú €2 aníos go dtí €40 i ngach íocaíocht sheachtainiúil ar an ráta íocaíochta do ráta íocaíochta don Mhéadú do Leanbh Cáilithe
- Tagann méadú €5 aníos go dtí €33 sa tseachtain ar Liúntas Breosla ón 12 Deireadh Fómhair 2021 ar aghaidh
- Tiocfaidh méadú €20 aníos go dtí €120 ar an tairseach ioncaim sheachtainiúil do Liúntas Breosla
- B’fhéidir go gcáileoidh daoine a bhfuil Liúntas Cuardaitheora Poist agus Liúntas Leasa Forlíontach á fháil acu do Liúntas Breosla i ndiaidh 12 mhí, tar éis gur laghdaíodh an tréimhse seo anuas ó 15 mhí (má shásaítear na coinníollacha cáilitheacha eile go léir)
Bónas na Nollag
Gheobhaidh daoine a bhfuil na híocaíochtaí leasa shóisialaigh seo a leanas á bhfáil acu Bónas na Nollag i mí na Nollag 2021: