Buiséad 2023
- Foilsithe: 26 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025
- Bearta costas maireachtála
- Tacaíochtaí do phinsinéirí
- Tacaíochtaí do theaghlaigh agus leanaí
- Tacaíochtaí do chúramóirí
- Tacaíochtaí do dhaoine faoi mhíchumas
- Tacaíochtaí do thuismitheoirí aonair
- Tacaíochtaí do chuardaitheoirí poist
- Bónas na Nollag
- Ár mbileog fíricí faoin mBuiséad a íoslódáil
Cuirtear suim nach mór €2.2 billiún i mBuiséad 2023 de bhearta a chabhróidh le daoine íoc as an gcostas maireachtála.
Bearta costas maireachtála
Deireadh Fómhair 2022
- Íocfar íocaíocht chostas maireachtála dhúbailte an fhómhair le formhór na ndaoine a n-íoctar íocaíocht leasa shóisialaigh sheachtainiúil leo, na pinsinéirí, na cúramóirí agus na daoine go léir a bhfuil íocaíochtaí míchumais á n-íoc leo san áireamh
Samhain 2022
- íocaíocht chnapshuime costas maireachtála Liúntais Breosla €400 le gach teaghlach a n-íoctar Liúntas Breosla leo
- íocaíocht chnapshuime costas maireachtála €200 do phinsinéirí agus daoine faoi mhíchumas a bhfuil an Méadú do Mhaireachtáil Aonair á fháil acu
- íocaíocht chnapshuime costas maireachtála €500 do gach teaghlach a bhfuil an Íocaíocht Teaghlaigh Oibre á fáil acu
- íocaíocht dhúbailte Sochair Linbh chun tacú le gach teaghlach a bhfuil leanbh acu
- íocfar íocaíocht chnapshuime costas maireachtála €500 do dhaoine a bhfuil Deontas Tacaíochta Cúramóra á fháil acu i Samhain
- íocfar íocaíocht chnapshuime costas maireachtála deontas tacaíochta €500 do gach duine a bhfuil íocaíocht mhíchumais fhadtéarmach á fáil acu
Nollaig 2022
Íocfar íocaíocht dhúbailte *Bhónas na Nollag le 1.3 milliún faighteoir leasa, pinsinéirí, cúramóirí agus daoine faoi mhíchumas ina measc
Tacaíochtaí do phinsinéirí
- tiocfaidh méadú €12 ó Eanáir 2023 ar aghaidh ar an ráta uasta seachtainiúil de gach pinsean stáit. Tiocfaidh méaduithe comhréireacha ar íocaíochtaí do dhaoine fásta cáilithe agus do dhaoine a bhfuil ráta laghdaithe á fháil acu
- méadófar an neamhaird sa tástáil mhaoine do Liúntas Breosla aníos go €500 (duine singil) agus €1,000 (lánúin) do dhaoine atá 70 bliain d’aois nó níos sine
- méadófar tairseach na n-acmhainní incheadaithe seachtainiúla do dhaoine Liúntas Breosla atá faoi 70 bliain d'aois €80 sa tseachtain, ó €120 go dtí €200 os cionn ráta seachtainiúil cuí an Pinsean Stáit (Ranníocach)
- íocfar íocaíocht dhúbailte pinsin chostas maireachtála an fhómhair le gach pinsinéir i nDeireadh Fómhair
- íocfar chnapshuime costas maireachtála €200 i Samhain do dhaoine a bhfuil an Méadú do Mhaireachtáil Aonair á fháil acu
- íocfar íocaíocht dhúbailte Bhónas na Nollag i Nollaig
Tacaíochtaí do theaghlaigh agus leanaí
- déanfar íocaíocht dhúbailte Sochair Linbh chun tacú le gach teaghlach i Samhain
- íocfar íocaíocht chnapshuime costas maireachtála €500 do gach teaghlach a bhfuil Íocaíocht Teaghlaigh Oibre á fáil acu i Samhain
- sínfear na tairseacha ioncaim don Íocaíocht Teaghlaigh Oibre ó Eanáir 2023 chun go gcáileoidh níos mó teaghlach don íocaíocht seo. Méadófar an tairseach don Íocaíocht Teaghlaigh Oibre €40 gan aird ar an líon tí
- méadófar rátaí seachtainiúla íocaíochtaí do leanbh cáilithe €2 in Eanáir 2023 a mhéadóidh aníos go €50 iad do dhaoine níos sine ná 12 bhliain d’aois agus €42 do dhaoine níos óige ná 12 bhliain d’aois
- teaghlaigh feirmeoireachta – déanfar athruithe ar an tástáil mhaoine do Chúnamh Feirme ó Eanáir 2023 chun ioncam ó Scéimeanna Agra-Chomhshaoil a dhíolmhú a mhéid le €5,000
- méadú €12 ar Shochar Máithreachais, Sochar Atharthachta, Sochar Uchtaíoch, agus Sochar Tuismitheora ó Eanáir 2023
- tiocfaidh méadú aníos ó €120 go dtí €200 ar an tairseach ioncaim sa tástáil mhaoine do Liúntas Breosla ó Eanáir 2023 ar aghaidh
- méadú €20 ar an mbuiséad Béilí Scoile bliain ar bhliain lena cheadú an scéim a fhairsingiú go leanúnach
Tacaíochtaí do chúramóirí
- íocaíocht dhúbailte costas maireachtála le cúramóirí i nDeireadh Fómhair
- íocfar íocaíocht chnapshuime costas maireachtála €500 do dhaoine a bhfuil Deontas Tacaíochta Cúramóra á fháil acu i Samhain
- íocfar íocaíocht dhúbailte Bhónas na Nollag le cúramóirí freisin go luath i Nollaig
- tiocfaidh méadú €12 ó Eanáir 2023 ar aghaidh ar an ráta uasta de Liúntas Cúramóra agus Sochar Cúramóra. Tiocfaidh méaduithe comhréireacha ar an íocaíocht a fhaigheann daoine a bhfuil ráta laghdaithe á fháil acu
- méadófar rátaí seachtainiúla íocaíochtaí do leanbh cáilithe €2 in Eanáir 2023 a mhéadóidh aníos go €50 iad do dhaoine níos sine ná 12 bhliain d’aois agus €42 do dhaoine níos óige ná 12 bhliain d’aois
- tiocfaidh méadú aníos ó €120 go dtí €200 ar an tairseach ioncaim sa tástáil mhaoine do Liúntas Breosla ó Eanáir 2023 ar aghaidh
- Tabharfar neamhaird do* Liúntas Cúramóra ar leathráta sa tástáil mhaoine do Liúntas Breosla ó Eanáir 2023
Tacaíochtaí do dhaoine faoi mhíchumas
- Íocaíocht dhúbailte chostas maireachtála a íoctar le daoine a bhfuil Liúntas Míchumais, Pinsean Easláine, Pinsean na nDall, Pinsean Liúntas Míchumais, Pinsean na nDall agus Sochar Míthreorach agus Sochar Cumais Pháirtigh á fháil acu
- íocfar an íocaíocht chnapshuime costas maireachtála €500 don deontas tacaíochta míchumais i Samhain. Íocfar seo le daoine a bhfuil Liúntas Míchumais, Pinsean Easláine agus Pinsean na nDall á fháil acu go fadtéarmach
- íocfar chnapshuime costas maireachtála €200 do dhaoine a bhfuil íocaíocht mhíchumais á fáil acu agus a fhaigheann an Méadú do Mhaireachtáil Aonair
- íocaíocht chnapshuime costas maireachtála Liúntais Breosla €400
- íocfar íocaíocht dhúbailte Bhónas na Nollag le gach duine a bhfuil íocaíocht mhíchumais fhadtéarmach á fáil acu
- tiocfaidh méadú €20.50 aníos go dtí €330 sa mhí ar Liúntas Cúraim Baile ó Eanáir 2023.
- tiocfaidh méadú €12 ó Eanáir 2023 ar an ráta uasta pearsanta d’íocaíochtaí seachtainiúla míchumais. Tiocfaidh méaduithe comhréireacha ar íocaíochtaí do dhaoine fásta cáilithe agus do dhaoine a bhfuil ráta laghdaithe á fháil acu
- beidh Liúntas Cúram Baile ar fáil maidir le leanaí atá an-bhreoite nó faoi mhíchumas a bhíonn san ospidéal ar feadh a fhaide le sé mhí i ndiaidh breithe
- Tabharfar neamhaird do Shochar Míthreorach sa tástáil mhaoine do Liúntas Breosla ó Eanáir 2023
- tiocfaidh fairsingiú €1 milliún ar an gCiste Freastail Réasúnta chun tacú le daoine faoi mhíchumas san ionad oibre
- tiocfaidh méadú aníos ó €140 go dtí €165 ar an neamhaird tuillimh do Liúntas Breosla agus Pinsean na nDall ó Eanáir 2023
- tiocfaidh méadú aníos ó €120 go dtí €200 ar an tairseach sa tástáil mhaoine do Liúntas Breosla ó Eanáir 2023 ar aghaidh
Tacaíochtaí do thuismitheoirí aonair
- íocfar íocaíocht dhúbailte chostas maireachtála an fhómhair le gach faighteoir Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora
- íocfar íocaíocht chnapshuime costas maireachtála €500 do gach tuismitheoir aonair a bhfuil Íocaíocht Teaghlaigh Oibre á fáil acu
- íocfar íocaíocht chnapshuime costas maireachtála €400 do gach teaghlach a bhfuil Liúntais Breosla á fháil acu
- íocfar íocaíocht dhúbailte Sochair Linbh (€280 an leanbh) le gach tuismitheoir aonair
- íocfar íocaíocht dhúbailte Bhónas na Nollag le gach faighteoir Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora
- tiocfaidh méadú €12 ó Eanáir 2023 ar an ráta uasta pearsanta seachtainiúil Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora. Tiocfaidh méaduithe comhréireacha ar an íocaíocht do dhaoine a bhfuil ráta laghdaithe á fháil acu
- tiocfaidh méadú €2 ar íocaíochtaí do leanbh cáilithe in Eanáir 2023 a mhéadóidh aníos go €50 iad do dhaoine níos sine ná 12 bhliain d’aois agus €42 do dhaoine níos óige ná 12 bhliain d’aois
Tacaíochtaí do chuardaitheoirí poist
- tiocfaidh méadú €12 ó Eanáir 2023 ar an ráta uasta pearsanta seachtainiúil d’íocaíochtaí cuardaitheora poist. Tiocfaidh méaduithe comhréireacha ar íocaíochtaí do dhaoine fásta cáilithe agus do dhaoine a bhfuil ráta laghdaithe á fháil acu
- tiocfaidh méadú €2 ar íocaíochtaí do leanbh cáilithe in Eanáir 2023 a mhéadóidh aníos go €50 iad do dhaoine níos sine ná 12 bhliain d’aois agus €42 do dhaoine níos óige ná 12 bhliain d’aois
- íocfar íocaíocht dhúbailte pinsin chostas maireachtála an fhómhair le gach faighteoir íocaíochtaí cuardaitheora poist i nDeireadh Fómhair 2022
- íocfar íocaíocht dhúbailte Bhónas na Nollag le gach duine a bhfuil íocaíocht chuardaitheora poist fhadtéarmach á fáil acu
Bónas na Nollag
Tá €293.7 milliún le híoc le 1.27 milliún faighteoir fadtéarmach leasa i mí na Nollag 2022.
Íocfar an bónas le daoine a bhfuil na híocaíochtaí seo a leanas á bhfáil acu:
- Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair
- Íocaíocht Sochair do Dhaoine 65 Bliain d’Aois
- Pinsean na nDall
- Liúntas Cúramóra
- Sochar Cúramóra
- Fostaíocht Pobail
- Liúntas Costas Laethúil (fadtéarmach)
- Liúntas Banchéile Thréigthe
- Sochar Liúntas Banchéile Thréigthe
- Liúntas Míchumais
- Sochar Míthreorach
- Liúntas Cúram Baile
- Cúnamh Feirme
- Íocaíocht Chaomhnóra
- Pinsean Easláine
- Íocaíocht Idirthréimhseach Chuardaitheora Poist
- Liúntas Cuardaitheora Poist (fadtéarmach)
- Scéim Choimisiún Magdalen
- Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora
- Sochar Cumais Pháirtigh
- An Scéim Shóisialta Tuaithe
- Pinsean Stáit (Ranníocach)
- Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach)
- Liúntas Leasa Forlíontach (fadtéarmach)
- TÚS (Tionscnamh Socrúchán Oibre Pobail)
- Pinsean Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
- Pinsean Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach)