Buiséad 2025
- Foilsithe: 1 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 15 Samhain 2024
- Bónas costais mhaireachtála i mí Dheireadh Fómhair
- Bearta maidir le costas maireachtála
- Tacaíochtaí chun dul i ngleic le bochtaineacht leanaí
- Tacaíochtaí do theaghlaigh agus do leanaí
- Tacaíocht do chúramóirí
- Tacaíochtaí do phinsinéirí
- Tacaíochtaí do dhaoine faoi mhíchumas
- Tacaíochtaí do thuismitheoirí aonair
- Uathchlárú
- Tacaíochtaí do chuardaitheoirí poist
- Bónas na Nollag
- Bileog Eolais
- Táblaí
- Peannphictiúir
An pacáiste leasa shóisialaigh is mó i stair an Stáit a chuireann € 2.6 billiún ar fáil chun cabhrú le teaghlaigh.
Bónas costais mhaireachtála i mí Dheireadh Fómhair
Íocfar bónas costais mhaireachtála mhí Dheireadh Fómhair i mbliana le breis agus 1.38 milliún duine ar íocaíochtaí príomhúla seachtainiúla, lena n-áirítear pinsinéirí, daoine atá faoi mhíchumas, cúramóirí agus tuismitheoirí aonair. Íocfar an bónas sa tseachtain dar tús 28 Deireadh Fómhair 2024.
Íocfar bónas mhí Dheireadh Fómhair ar an mbonn céanna le bónas na Nollag i mí na Nollag. Má tá príomhíocaíocht sheachtainiúil á fáil agat, (is iad seo na príomhíocaíochtaí go léir ón Roinn Coimirce Sóisialaí), gheobhaidh tú méadú 100% ar do ráta seachtainiúil íocaíochta.
Ní príomhíocaíochtaí seachtainiúla iad an Item was unpublished or removed an Item was unpublished or removed agus an Méadú do Dhaoine os cionn 80 bliain d’aois. Is méaduithe iad na híocaíochtaí seo ar íocaíochtaí seachtainiúla dóibh siúd atá incháilithe chun iad a fháil. Má fhaigheann tú na méaduithe seo, déanfar an méadú a dhúbailt in éineacht le do phríomhíocaíocht.
Foláireamh maidir le glaonna gutháin caimiléireachta agus téacsteachtaireachtaí caimiléireachta
Tar éis fhógairt Bhuiséad 2025 d’fhéadfadh go mbeadh méadú ar théacsanna calaoiseacha nó ar ghlaonna ag iarraidh ar dhaoine clárú le haghaidh cnapshuimeanna agus íocaíochtaí dúbailte. Má tá tú i dteideal cnapshuime nó íocaíocht dhúbailte, íocfar iad seo go huathoibríoch agus ní gá duit iarratas a dhéanamh orthu. Léigh níos mó faoinár bhfoláireamh maidir le glaonna gutháin caimiléireachta agus téacsteachtaireachtaí caimiléireachta
Bearta maidir le costas maireachtála
- Cnapshuim costais maireachtála de €300 a íoc le gach teaghlach a fhaigheann Liúntas Breosla
- Íocaíocht chnapshuime de €200 ar chostas maireachtála do phinsinéirí agus do dhaoine faoi mhíchumas a fhaigheann an Méadú Maireachtála Aonair
- Íocaíocht chnapshuime de €400 ar chostas maireachtála le gach teaghlach a fhaigheann an Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht le híoc i mí na Samhna 2024
- íocaíocht dhúbailte den Sochar Linbh le híoc i mí na Samhna agus i mí na Nollag 2024 chun tacú le gach teaghlach a bhfuil leanaí acu
- Íocaíocht cnapshuime costas maireachtála €400 do dhaoine a fhaigheann Deontas Tacaíochta Cúramóra*
- Íocaíocht chnapshuime de €400 ar chostas maireachtála do dhaoine a fhaigheann Liúntas Míchumais, Pinsean na nDall agus Pinsean Easláine*
- Íocaíocht chnapshuime de €100 ar chostas maireachtála do dhaoine a fhaigheann Íocaíocht Tacaíochta Leanaí (ar a dtugtaí Méadú i leith Leanbh Cáilitheroimhe seo) le híoc do gach leanbh cáilithe i mí na Samhna 2024
- Íocfar bónas costais mhaireachtála mhí Dheireadh Fómhair ar an mbonn céanna le bónas na Nollag le grúpaí lena n-áirítear pinsinéirí, cúramóirí, tuismitheoirí aonair, daoine ar íocaíocht mhíchumais, faighteoirí cuardaitheora poist fadtéarmacha
- Íocfar bónas na Nollag le 1.3 milliún faighteoir leasa shóisialaigh
Tabhair faoi deara
* Níl an íocaíocht aonuaire le daoine a fhaigheann Liúntas Míchumais, Pinsean Easláine, Pinsean na nDall agus/nó Deontas Tacaíochta Cúramóra, iníoctha ach i leith íocaíocht amháin, fiú má cháilíonn tú do níos mó ná ceann amháin de na híocaíochtaí nó má tá tú ag tabhairt aire do níos mó ná duine amháin.
Tacaíochtaí chun dul i ngleic le bochtaineacht leanaí
- méadú de €12 ar fhormhór na n-íocaíochtaí leasa shóisialaigh seachtainiúla ó Eanáir 2025. Beidh méaduithe comhréireacha ann do dhaoine fásta cáilithe agus do dhaoine a fhaigheann ráta laghdaithe
- Méadú de €15 ar Shochar Máithreachais, Sochar Atharthachta,Sochar Uchtaíoch agus Sochar Tuismitheora ó Eanáir 2025
- tiocfaidh méadú €8 ar rátaí seachtainiúla na hÍocaíochta Tacaíochta Leanaí (ar a dtugtaí Méadú do Leanbh Cáilithe roimhe seo) go €62 dóibh siúd atá 12 bhliain d’aois agus níos sine, agus tiocfaidh méadú €4 go €50 ar an íocaíocht chéanna i gcás leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois i mí Eanáir 2025. Ciallaíonn sé seo íocaíocht bhliantúil suas le €3,224 do leanbh atá 12 bhliain d’aois agus níos sine, agus suas le €2,600 do leanbh faoi 12 bhliain d’aois (má tá siad i dteideal an méadú ar íocaíocht phríomha a fháil) ar feadh bliana iomlán
- Deontas Leanbh Nuabheirthe de €280 sa bhreis ar an gcéad mhí den Sochar Linbh(€140) do leanaí a rugadh ar an 1 Nollaig 2024 nó ina dhiaidh sin
- méadóidh na tairseacha ioncaim don Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht faoi €60 in aghaidh na seachtaine beag beann ar mhéid an teaghlaigh ó Eanáir 2025
- na Béilí Scoile Te a leathnú chuig gach bunscoil atá fágtha ar bhonn céimnithe ó Aibreán 2025
- Cuirfear tús le tionscadal píolótach Ocrais Saoire Béilí Scoile i samhradh 2025
- Íocaíocht chnapshuime de €400 ar chostas maireachtála le gach teaghlach a fhaigheann an Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht le híoc i mí na Samhna 2024
- Íocaíocht chnapshuime de €100 ar chostas maireachtála do dhaoine a fhaigheann Íocaíocht Tacaíochta Leanaí (ar a dtugtaí Méadú i leith Leanbh Cáilitheroimhe seo) le híoc do gach leanbh cáilithe i mí na Samhna 2024
- íocaíocht dhúbailte an tSochair Linbh le híoc i mí na Samhna agus i mí na Nollag 2024 araon
- Íocfar bónas costas maireachtála Deireadh Fómhair 2024 ar an mbonn céanna le bónas na Nollag
- Bónas na Nollag le híoc i mí na Nollag 2024
Tacaíochtaí do theaghlaigh agus do leanaí
- méadú de €12 ar fhormhór na n-íocaíochtaí leasa shóisialaigh seachtainiúla ó Eanáir 2025. Beidh méaduithe comhréireacha ann do dhaoine fásta cáilithe agus do dhaoine a fhaigheann ráta laghdaithe
- Méadú de €15 ar Shochar Máithreachais, Sochar Atharthachta,Sochar Uchtaíoch agus Sochar Tuismitheora ó Eanáir 2025
- méadóidh rátaí seachtainiúla na hÍocaíochta Tacaíochta Leanaí (ar a dtugtaí Méadú do Leanbh Cáilithe roimhe seo) faoi €8 go €62 dóibh siúd atá 12 bhliain d’aois agus níos sine, agus faoi €4 go €50 do dhaoine faoi 12 bhliain d’aois i mí Eanáir 2025. Ciallaíonn sé seo íocaíocht bhliantúil suas le €3,224 do leanbh atá 12 bhliain d’aois agus níos sine, agus suas le €2,600 do leanbh faoi 12 bhliain d’aois (má tá siad i dteideal an méadú ar íocaíocht phríomha a fháil) ar feadh bliana iomlán
- Deontas Leanbh Nuabheirthe de €280 sa bhreis ar an gcéad mhí den Sochar Linbh(€140) do leanaí a rugadh ar an 1 Nollaig 2024 nó ina dhiaidh sin
- méadóidh na tairseacha ioncaim don Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht faoi €60 in aghaidh na seachtaine beag beann ar mhéid an teaghlaigh ó Eanáir 2025
- na Béilí Scoile Te a leathnú chuig gach bunscoil atá fágtha ar bhonn céimnithe ó Aibreán 2025
- Cuirfear tús le tionscadal píolótach Ocrais Saoire Béilí Scoile i samhradh 2025
- Íocaíocht chnapshuime de €400 ar chostas maireachtála le gach teaghlach a fhaigheann an Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht le híoc i mí na Samhna 2024
- Íocaíocht chnapshuime de €100 ar chostas maireachtála do dhaoine a fhaigheann Íocaíocht Tacaíochta Leanaí (ar a dtugtaí Méadú i leith Leanbh Cáilitheroimhe seo) le híoc do gach leanbh cáilithe i mí na Samhna 2024
- íocaíocht dhúbailte an tSochair Linbh le híoc i mí na Samhna agus i mí na Nollag 2024 araon
- Íocfar bónas costas maireachtála Deireadh Fómhair 2024 ar an mbonn céanna le bónas na Nollag
- Bónas na Nollag le híoc i mí na Nollag 2024
Tacaíocht do chúramóirí
- Méadú de €12 ar uasráta an Liúntais Chúramóra agus an tSochair Chúramóra ó Eanáir 2025. Beidh méaduithe comhréireacha ann do dhaoine a fhaigheann ráta laghdaithe
**méadóidh rátaí seachtainiúla na hÍocaíochta Tacaíochta Leanaí (ar a dtugtaí Méadú do Leanbh Cáilithe roimhe seo) faoi €8 go €62 dóibh siúd atá 12 bhliain d’aois agus níos sine, agus faoi €4 go €50 do dhaoine faoi 12 bhliain d’aois i mí Eanáir 2025
- méadú ar neamhaird ioncaim an Liúntais Chúramóra go €625 do dhuine singil agus €1,250 do lánúin ó Iúil 2025
- Sochar Cúramóra a leathnú chuig daoine atá féinfhostaithe ó Eanáir 2025
- Méadú de €150 ar an Deontas Tacaíochta Cúramóra a íoctar gach bliain i mí an Mheithimh
Beidh *Liúntas Cúramóra ina íocaíocht cháilitheach don Liúntas Breosla, ó Eanáir 2025, má chomhlíonann tú na critéir incháilitheachta go léir don Liúntas Breosla
- Méadú de €20 in aghaidh na míosa ar an Liúntas Cúraim Baile ó Eanáir 2025
- Íocaíocht chnapshuime de €400 ar chostas maireachtála do dhaoine a fhaigheann Deontas Tacaíochta Cúramóra* le híoc i mí na Samhna 2024
- Íocaíocht chnapshuime de €100 ar chostas maireachtála do dhaoine a fhaigheann Íocaíocht Tacaíochta Leanaí (ar a dtugtaí Méadú i leith Leanbh Cáilitheroimhe seo) le híoc do gach leanbh cáilithe i mí na Samhna 2024
- íocaíocht dhúbailte an tSochair Linbh le híoc i mí na Samhna agus i mí na Nollag 2024 araon
- Íocfar bónas costas maireachtála Deireadh Fómhair 2024 ar an mbonn céanna le bónas na Nollag
- Bónas na Nollag le híoc i mí na Nollag 2024
Tacaíochtaí do phinsinéirí
- méadú de €12 ar fhormhór na n-íocaíochtaí leasa shóisialaigh seachtainiúla ó Eanáir 2025. Beidh méaduithe comhréireacha ann do dhaoine fásta cáilithe agus do dhaoine a fhaigheann ráta laghdaithe
- méadóidh an méid nach gcuirtear san áireamh nuair a dhíolann tú do theach chun bogadh isteach i gcúram go € 337,500 ó Eanáir 2025 dóibh siúd a fhaigheann Pinsean Stáit (Neamhranníocach), nó Liúntas Míchumaisnó Pinsean na nDall
- neamhaird tástála acmhainne do Liúntas Breosla leathnaithe dóibh siúd atá 66 bliana d’aois agus níos sine ó Eanáir 2025 - €524 (duine singil) agus €1,048 (lánúineach) a chiallaíonn go mbeidh níos mó daoine cáilithe don tacaíocht seo
- Pas Compánach na Scéime Saorthaistil dóibh siúd go léir atá os cionn 70 bliain d’aois ó Mheán Fómhair 2025
- Íocaíocht chnapshuime de €300 ar chostas maireachtála le gach teaghlach a fhaigheann Liúntas Breosla le híoc i mí na Samhna 2024
- Íocaíocht chnapshuime de €200 ar chostas maireachtála le daoine a bhfuil Méadú Maireachtála Aonair á fháil acu le híoc i mí na Samhna 2024
- Bónas costais mhaireachtála do phinsinéirí i mí Dheireadh Fómhair
- Bónas na Nollag le híoc i mí na Nollag 2024
Tacaíochtaí do dhaoine faoi mhíchumas
- Méadú de €12 ar uasráta pearsanta na n-íocaíochtaí míchumais seachtainiúla ó Eanáir 2025. Beidh méaduithe comhréireacha ann do dhaoine a fhaigheann ráta laghdaithe
- méadóidh an méid nach gcuirtear san áireamh nuair a dhíolann tú do theach chun bogadh isteach i gcúram go € 337,500 ó Eanáir 2025 dóibh siúd a fhaigheann Pinsean Stáit (Neamhranníocach), nó Liúntas Míchumaisnó Pinsean na nDall
- Méadú de €20 in aghaidh na míosa ar an Liúntas Cúraim Baile ó Eanáir 2025
- Íocaíocht chnapshuime de €400 ar chostas maireachtála do dhaoine a fhaigheannLiúntas Míchumais, Pinsean Easláine agus Pinsean na nDall * le híoc i mí na Samhna 2024
- Íocaíocht chnapshuime de €300 ar chostas maireachtála le gach teaghlach a fhaigheann Liúntas Breosla le híoc i mí na Samhna 2024
- Íocaíocht chnapshuime de €200 ar chostas maireachtála le daoine a bhfuil Méadú Maireachtála Aonair á fháil acu le híoc i mí na Samhna 2024
- Íocfar bónas costas maireachtála Deireadh Fómhair 2024 ar an mbonn céanna le bónas na Nollag
- Bónas na Nollag do gach duine a fhaigheann íocaíocht fhadtéarmach míchumais le híoc i mí na Nollag 2024
Tacaíochtaí do thuismitheoirí aonair
- méadú de €12 ar fhormhór na n-íocaíochtaí leasa shóisialaigh seachtainiúla ó Eanáir 2025. Beidh méaduithe comhréireacha ann do dhaoine fásta cáilithe agus do dhaoine a fhaigheann ráta laghdaithe
- Méadú de €15 ar Shochar Máithreachais, Sochar Atharthachta, Sochar Uchtaíochagus Sochar Tuismitheorafrom January 2025
- méadóidh rátaí seachtainiúla na hÍocaíochta Tacaíochta Leanaí (ar a dtugtaí Méadú do Leanbh Cáilithe roimhe seo) faoi €8 go €62 dóibh siúd atá 12 bhliain d’aois agus níos sine, agus faoi €4 go €50 do dhaoine faoi 12 bhliain d’aois i mí Eanáir 2025. Ciallaíonn sé seo íocaíocht bhliantúil suas le €3,224 do leanbh atá 12 bhliain d’aois agus níos sine, agus suas le €2,600 do leanbh faoi 12 bhliain d’aois (má tá siad i dteideal an méadú ar íocaíocht phríomha a fháil) ar feadh bliana iomlán
- Íocaíocht cnapshuime costas maireachtála de €400 do gach teaghlach a fhaigheann an Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht i mí na Samhna 2024
- íocaíocht dhúbailte an tSochair Linbh le híoc i mí na Samhna agus i mí na Nollag 2024 araon
- Deontas Leanbh Nuabheirthe de €280 sa bhreis ar an gcéad mhí den Sochar Linbh(€140) do leanaí a rugadh ar an 1 Nollaig 2024 nó ina dhiaidh sin
- méadóidh na tairseacha ioncaim don Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht faoi €60 in aghaidh na seachtaine beag beann ar mhéid an teaghlaigh ó Eanáir 2025
- Íocaíocht chnapshuime de €300 ar chostas maireachtála do gach teaghlach a fhaigheann Liúntas Breoslale híoc i mí na Samhna 2024
- Íocaíocht chnapshuime de €100 ar chostas maireachtála do dhaoine a fhaigheann Íocaíocht Tacaíochta Leanaí (ar a dtugtaí Méadú i leith Leanbh Cáilitheroimhe seo) le híoc do gach leanbh cáilithe i mí na Samhna 2024
- na Béilí Scoile Te a leathnú chuig gach bunscoil atá fágtha ar bhonn céimnithe ó Aibreán 2025
- Cuirfear tús le tionscadal píolótach Ocrais Saoire Béilí Scoile i samhradh 2025
- Íocfar bónas costas maireachtála Deireadh Fómhair 2024 ar an mbonn céanna le bónas na Nollag
- Bónas na Nollag le híoc i mí na Nollag 2024
Uathchlárú
- scéim coigiltis scoir Uathchláraithe a thabhairt isteach ón 30 Meán Fómhair 2025, ag cabhrú le breis agus 800,000 oibrí sábháil dá scor
Tacaíochtaí do chuardaitheoirí poist
- méadú de €12 ar uasráta seachtainiúil pearsanta na n-íocaíochtaí cuardaitheora poist ó Eanáir 2025. Beidh méaduithe comhréireacha ann do dhaoine fásta cáilithe agus do dhaoine a fhaigheann ráta laghdaithe
- méadóidh rátaí seachtainiúla na hÍocaíochta Tacaíochta Leanaí (ar a dtugtaí Méadú do Leanbh Cáilithe roimhe seo) faoi €8 go €62 dóibh siúd atá 12 bhliain d’aois agus níos sine, agus faoi €4 go €50 do dhaoine faoi 12 bhliain d’aois i mí Eanáir 2025. Ciallaíonn sé seo íocaíocht bhliantúil suas le €3,224 do leanbh atá 12 bhliain d’aois agus níos sine, agus suas le €2,600 do leanbh faoi 12 bhliain d’aois (má tá siad i dteideal an méadú ar íocaíocht phríomha a fháil) ar feadh bliana iomlán
- Íocaíocht chnapshuime de €100 ar chostas maireachtála do dhaoine a fhaigheann Íocaíocht Tacaíochta Leanaí (ar a dtugtaí Méadú i leith Leanbh Cáilitheroimhe seo) le híoc do gach leanbh cáilithe i mí na Samhna 2024
- íocaíocht dhúbailte an tSochair Linbh le híoc i mí na Samhna agus i mí na Nollag 2024 araon
- Bónas costas maireachtála Deireadh Fómhair 2024 íoctha ar an mbonn céanna le bónas na Nollag
- Bónas na Nollag do gach duine a fhaigheann íocaíocht cuardaitheora poist fadtéarmach
- an Scéim um Shochar Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist a thabhairt isteach ón 31 Márta 2025
Bónas na Nollag
Íocfar bónas na Nollag leo siúd a fhaigheann íocaíocht fhadtéarmach leasa shóisialaigh i mí na Nollag 2024. I mbliana, leathnaíodh bónas na Nollag dóibh siúd atá ag fáil Sochar Breoiteachta ar feadh 12 mhí nó níos faide.
Gheobhaidh daoine atá ag fáil na n-íocaíochtaí seo a leanas bónas na Nollag.
- Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas
- Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair
- An Díbhinn Teaghlaigh um Fhilleadh ar an Obair
- Pinsean na nDall
- Liúntas Cúramóra
- Sochar Cúramóra
- Fostaíocht Phobail
- Liúntas Costas Laethúil (fadtéarmach)
- Liúntas Banchéile Thréigthe
- Sochar Banchéile Thréigthe
- Liúntas Míchumais
- Sochar Míthreorach
- Liúntas Cúram Baile
- Cúnamh Feirme
- Íocaíocht Caomhnóra
- Sochar Breoiteachta (fadtéarmach)
- Pinsean Easláine
- Scéim Tionscnaimh Poist
- Liúntas Cuardaitheora Poist (fadtéarmach)
- Íocaíocht Idirthréimhseach Cuardaitheora Poist
- Scéim Choimisiún Magdalen
- Scéim an tSochair Bháis (faoin Scéim Díobhálacha Ceirde)
- Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora
- Sochar Cumais Pháirtigh
- Scéim Shóisialta na Tuaithe
- Pinsean Stáit (Ranníocach)
- Pinsean Stáit (Neamhranníocach)
- Liúntas Leasa Forlíontach (fadtéarmach)
- Tús (tionscnamh socrúcháin oibre pobail)
- Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
- Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamhranníocach)
- An Clár Socrúcháin Taithí Oibre
Bileog Eolais
Táblaí
Íocaíochtaí Árachais Shóisialta
Uas ráta seachtainiúil (ó Eanáir 2025) |
Ráta pearsanta | Méadú d’ Aosach Cáilithe (MAC) |
Íocaíocht Tacaíochta Leanaí* faoi 12 bhliain d’aois |
Íocaíocht Tacaíochta Leanaí* atá 12 bhliain d’aois nó níos sine |
---|---|---|---|---|
Pinsean Stáit (Ranníocach) |
||||
Ráta pearsanta Faoi 80 bliain d’aois |
€289.30 | Féach MAC thíos | €50 | €62 |
Ráta Pearsanta 80 bliain d’aois nó níos sine |
€299.30 | Féach MAC thíos | €50 | €62 |
Méadú d’Aosach Cáilithe Faoi 66 bliana d’aois |
€192.70 | |||
Méadú d’Aosach Cáilithe 66 bliana d’aois nó níos sine |
€259.40 | |||
Pinsean Baintrí/ Baintreach Fir/ Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) / Sochar Banchéile Thréigthe |
||||
Faoi Bhun 66 | €249.50 | €50 | €62 | |
66 bliain d’aois agus faoi bhun 80 bliain |
€289.30 | €50 | €62 | |
80 bliain d’aois agus níos sine |
€299.30 | €50 | €62 | |
Pinsean Easláine | €249.50 | €178.30 | €50 | €62 |
Sochar Cúramóra | €261 | €50 | €62 | |
Sochar Míthreorach | €275 | €50 | €62 | |
Sochar Cuardaitheora Poist/ Breoiteachta/ Sláinte agus Sábháilteachta / Díobhála |
€244 | €162 | €50 | €62 |
Sochar Máithreachais/ Atharthachta/ Tuismitheoirí Uchtála |
€289 | |||
Sochar Báis | ||||
Faoi Bhun 66 | €274.50 | €50 | €62 | |
66 bliain d’aois agus faoi bhun 80 bliain |
€293.70 | €50 | €62 | |
80 bliain d’aois agus níos sine |
€303.70 | €50 | €62 |
- Ar a dtugtaí ‘Méadú do Leanbh Cáilithe’ roimhe seo
Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh
Uas ráta seachtainiúil (ó Eanáir 2025) |
Ráta pearsanta | Méadú d’Aosach Cáilithe (MAC) |
Íocaíocht Tacaíochta Leanaí* faoi 12 bhliain d’aois |
Íocaíocht Tacaíochta Leanaí* atá 12 bhliain d’aois nó níos sine |
---|---|---|---|---|
Pinsean Stáit (Neamhranníocach) |
||||
66 bliain d’aois agus faoi bhun 80 bliain |
€278.00 | €50 | €62 | |
80 bliain d’aois agus níos sine |
€288.00 | €50 | €62 | |
Méadú d’Aosach Cáilithe Faoi 66 bliana d’aois |
€183.60 | |||
Liúntas Cúramóra | ||||
Faoi 66 bliana d’aois | €260.00 | €50 | €62 | |
66 bliana d’aois agus níos sine | €298.00 | €50 | €62 | |
Liúntas Míchumais/ Pinsean na nDall |
€244 | €162 | €50 | €62 |
Pinsean Baintrí/ Baintreach Fir/ Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamhranníocach) |
€244 | |||
Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora/ Liúntas Banchéile Thréigthe |
€244 | €50 | €62 | |
Cúnamh Feirme agus Éisc | €244 | €162 | €50 | €62 |
Liúntas Cuardaitheora Poist | ||||
Faoi bhun 25 | €153.70 | €153.7 | ||
25 bliana d’aois agus níos sine | €244.00 | €162 | €50 | €62 |
Liúntas Forlíontach Leasa |
||||
Faoi 25 bliana d’aois ag maireachtáil go neamhspleách le tacaíocht Stáit |
242.00 | 162 | 50 | 62 |
Faoi 25 bliana d’aois nach bhfuil ag maireachtáil go neamhspleách |
€153.70 | €153.7 | ||
25 bliana d’aois agus níos sine | €242 | €162 | €50 | €62 |
- Ar a dtugtaí ‘Méadú do Leanbh Cáilithe’ roimhe seo
Sochar Linbh
Sochar Linbh | Ráta Míosúil 2025 |
---|---|
Do gach leanbh | €140 |
Cúpla | Íoctar ar oiread go leith an ghnáthráta mhíosúil do gach leanbh |
Gach ilbhreith eile | Íoctar ag dhá oiread an ghnáthráta míosúil do gach leanbh |
Deontas do Naíonáin Nuabheirthe | Íocaíocht Bónais de €280 sa bhreis ar an gcéad mhí den Sochar Linbh (€140) do leanaí a rugadh ar an 1 Nollaig 2024 nó ina dhiaidh sin |
Cláir Fostaíochta
Méadú €12 sa tseachtain ó Eanáir 2025 dóibh siúd atá rannpháirteach sa Chlár Fostaíochta Pobail, sa Scéim Shóisialta Tuaithe agus Tús agus méadú €24 don Chlár Socrúcháin Taithí Oibre.
Tairseacha na hÍocaíochta do Theaghlach i bhFostaíocht
Tairseacha Íocaíochta do Theaghlaigh Oibre |
Teorainn Ioncaim Sheachtainiúil 2025 |
---|---|
1 Leanbh | €705 |
2 Leanbh | €806 |
3 Leanbh | €907 |
4 Leanbh | €998 |
5 Leanbh | €1124 |
6 Leanbh | €1240 |
7 Leanbh | €1376 |
8 Leanbh nó níos mó | €1472 |
Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh Eile
Íocaíocht Leasa Shóisialaigh Eile |
Minicíocht | Ráta 2025 |
---|---|---|
Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocach/Neamhranníocach) |
€227 | Ráta Seachtainiúil |
Liúntais Breosla |
€33 | Ráta Seachtainiúil |
Liúntais do Mhaireachtáil Aonair |
€22 | Ráta Seachtainiúil |
Liúntais Oileáin (oileáin shonraithe amach ón gcósta) |
€20 | Ráta Seachtainiúil |
Liúntas Cúraim Bhaile |
€360 | Ráta Seachtainiúil |
Deontas Tacaíochta Cúramóra |
€2000 | Ráta Bliantúil |
Deontas Baintrí nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh |
€8000 | Íocaíocht aonuaire |
Peannphictiúir
Pinsean Stáit Ranníocach
Tá Michael ina seachtóidí agus ina chónaí leis féin. Faigheann sé an t-uasmhéid den Phinsean Stáit Ranníocach (PSR), faoi láthair faigheann Michael íocaíocht Phinsean Stáit Ranníocach agus an Liúntas Maireachtála Aonair, €299.30 in aghaidh na seachtaine san iomlán, móide an Liúntas Breosla séasúrach de €33 in aghaidh na seachtaine.
Bainfidh sé tairbhe as | Ríomh | Luach |
---|---|---|
Bónas na Nollag 2024 don Phinsean Stáit Ranníocach | 1 | €299.3 |
Méadú ar an ráta seachtainiúil pearsanta | 52 x €12 | €624 |
Maireachtáil Aonair | Cnapshuim | €200 |
Liúntas Breosla | Cnapshuim | €300 |
Bónas Dheireadh Fómhair 2024 don Phinsean Stáit Ranníocach | 1 | €299.3 |
Méadú iomlán iarbhuiséid 2025 | €1423.30 móide bónas na Nollag 2024 |
Teaghlaigh agus Leanaí
Tá triúr leanaí idir 14, 12 agus 8 mbliana d’aois ag Patrick agus Alex. Faoi láthair faigheann siad an Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht (WFP) chomh maith le Sochar Leanaí dá dtriúr leanaí.
Is ionann WFP agus 60% den difríocht idir meánioncam seachtainiúil teaghlaigh agus an tairseach WFP.
- Tiocfaidh méadú € 60 ar theorainn ioncaim sheachtainiúil WFP in 2025 beag beann ar mhéid an teaghlaigh.
Bainfidh siad tairbhe as | Ríomh | Luach |
---|---|---|
Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht | €36 x 52 | €1872 |
Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht | Cnapshuim | €400 |
Sochar Linbh Dúbailte i mí na Samhna agus i mí na Nollag 2024 | 100% x 2 | €840 |
Méadú iar-bhuiséid iomlán 2025 | €3112 |
Teaghlaigh Aontuismitheora
Is tuismitheoir aonair í Julia le beirt leanaí idir ceithre agus sé bliana d’aois.
Faigheann Julia an t-uasíocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora (OFP) faoi láthair le méaduithe dá leanaí arb ionann í agus €324 san iomlán, móide an Liúntas Breosla séasúrach de €33 in aghaidh na seachtaine.
Bainfidh Julie tairbhe as | Ríomh | Luach |
---|---|---|
Bónas na Nollag 2024 don Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora | 1 | €324 |
Méadú ar an ráta seachtainiúil pearsanta | 52 x €12 | €624 |
Íocaíocht Tacaíochta Linbh (ar a dtugtaí ‘Méadú do Leanbh Cáilithe’ roimhe seo) | 52 x €8 | €416 |
Íocaíocht Tacaíochta Linbh | Cnapshuim de €100 do gach leanbh | €200 |
Bónas Deireadh Fómhair 2024 Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora | 1 | €324 |
Liúntas Breosla | Cnapshuim | €300 |
Sochar Linbh Dúbailte i mí na Samhna agus i mí na Nollag 2024 | 100% x 2 | €560 |
Méadú iarbhuiséid iomlán 2025 | €2,424 móide bónas na Nollag 2024 |
Cúramóirí
Tá beirt leanaí ag Orla, atá 13 agus 8 mbliana d’aois agus is cúramóir í do dhuine dá leanaí.
Faigheann Orla Liúntas Cúramóra faoi láthair le méaduithe dá leanaí arb ionann iad agus €348 in aghaidh na seachtaine.
Tá méadú €8 tagtha ar a hÍocaíocht sheachtainiúil Tacaíochta Linbh (CSP)* dá leanbh níos sine agus €4 dá leanbh níos óige.
Bainfidh Orla tairbhe as | Ríomh | Luach |
---|---|---|
Bónas na Nollag 2024 don Liúntas Cúramóra | 1 | €348 |
Méadú ar an ráta seachtainiúil pearsanta | 52 x €12 | €624 |
Íocaíocht Tacaíochta Linbh (CSP) | 52 x €12 | €624 |
CSP | Cnapshuim de €100 do gach leanbh | €200 |
Liúntas Cúramóra + bónas Dheireadh Fómhair 2024 CSP | 1 | €348 |
Deontas Tacaíochta Cúramóra | Méadú ar an ráta móide cnapshuim | €550 |
Sochar Linbh Dúbailte i mí na Samhna agus i mí na Nollag 2024 | 100% x 2 | €560 |
Méadú iar-bhuiséid iomlán 2025 | €2906 | |
móide bónas na Nollag 2024 |
Daoine faoi mhíchumas
Tá Lucas 28 agus ina chónaí leis féin. Tá sé faoi mhíchumas.
Faoi láthair, faigheann Lucas Liúntais do Dhaoine atá faoi Mhíchumas agus do Mhaireachtáil Aonair, €254 san iomlán. Faigheann sé an Liúntas Breosla séasúrach de €33 in aghaidh na seachtaine freisin.
Bainfidh Lucas tairbhe as | Ríomh | Luach |
---|---|---|
Bónas na Nollag 2024 don Liúntas Míchumais | 1 | €254 |
Méadú ar an ráta seachtainiúil pearsanta | 52 x €12 | €624 |
Maireachtáil Aonair | Cnapshuim | €200 |
Liúntas Breosla | Cnapshuim | €300 |
Tacaíocht Mhíchumais | Cnapshuim | €400 |
Bónas Dheireadh Fómhair don Liúntas Míchumais 2024 | 1 | €254 |
Méadú iar-bhuiséid iomlán 2025 | €1778 | |
móide bónas na Nollag 2024 |
Pinsin
Tá Robert agus Anne ina seachtóidí. Faigheann Robert an t-uasmhéid Pinsean Stáit Ranníocach (PSR) le méadú do Anne. Faoi láthair faigheann siad ráta seachtainiúil de €525.90 (€277.30 + €248.60) agus Liúntas Breosla séasúrach de €33 in aghaidh na seachtaine.
Bainfidh siad tairbhe as | Ríomh | Luach |
---|---|---|
Bónas na Nollag 2024 don Phinsean Stáit Ranníocach | 1 | €525.9 |
Méadú ar an ráta seachtainiúil pearsanta | 52 x €12 | €624 |
Méadú ar an ráta seachtainiúil d’Aosach Cáilithe|52 x €10.80|€561.6|
Liúntas Breosla | Cnapshuim | €300 |
Bónas Dheireadh Fómhair 2024 don Phinsean Stáit Ranníocach | 1 | €525.9 |
Méadú iar-bhuiséid iomlán 2025 | €2011.5 | |
móide bónas na Nollag 2024 |