Cáinaisnéis 2021
- Foilsithe: 13 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 8 Nollaig 2022
- Feabhsuithe do Phinsinéirí
- Teaghlaigh agus Leanaí
- Tacaí le Daoine i bhFostaíocht
- Tacú le Cúramóirí agus Daoine faoi Mhíchumas
- Tacaí le Daoine atá dífhostaithe nó ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime
- Bónas na Nollag le híoc le 1.5 milliún duine i mbliana
- Íoslódáil an bhileog fíricí
€25.13 billiún le caitheamh ar an Leas Sóisialach sa bhliain 2021
Feabhsuithe do Phinsinéirí
- Aois Cháiliúcháin an Phinsin Stáit le fanacht ar 66 bliana d’aois ó Mhí Eanáir - an reachtaíocht le cur i bhfeidhm faoi dheireadh na bliana 2020.
- Méadú €5 ó €14 go €19 ar an Liúntas Maireachtála Aonair atá á íoc gach seachtain le daoine atá 66 bliana d’aois agus os a chionn sin agus atá ina gcónaí leo féin - tá os cionn 221,000 pinsinéir, baintreach/baintreach fir agus duine faoi mhíchumas chun tairbhiú de seo.
- Tairbheoidh os cionn 600,000 pinsinéir den Íocaíocht Dhúbailte um Bónas na Nollag.
- Méadóidh an Liúntas Breosla de €3.50 go €28.00 in aghaidh na seachtaine – tá os cionn 375,000 líon tí chun tairbhiú de seo.
- Tá an Liúntas Oileáin (atá á íoc le daoine a chónaíonn ar oileáin áirithe amach ón gcósta) chun méadú go €20 in aghaidh na seachtaine ó Mhí Eanáir – seo méadú €7.30 – an chéad mhéadú ar an Liúntas Oileáin ó tugadh isteach é sa bhliain 2000.
- Íocfar deontas, ar fiú méid suas le €500 é, i dtaca le háiseanna éisteachta gan aon cheanglas ó thaobh an tsuim chéanna a bheith curtha ar fáil ag an gcustaiméir.
- Ní bheidh ceanglas a thuilleadh maidir le maoiniú comhionann ag an gcustaiméir i dtaca le Deisiúchán ar Áis Éisteachta.
Teaghlaigh agus Leanaí
- Clár na mBéilí Teo Scoile – Suim Bhreise €5.5m i gcomhair an chláir a bheidh ag tosú in Mí Eanáir 2021.
- Méadú €5 do chleithiúnaithe ar leanaí cáilithe iad agus atá 12 bhliain d’aois agus níos sine, sna híocaíochtaí seachtainiúla go léir.
- Méadú €2 do chleithiúnaithe ar leanaí cáilithe iad agus atá suas le 12 bhliain d’aois, sna híocaíochtaí seachtainiúla go léir.
- Méadaíonn an Sochar do Thuismitheoirí go 5 seachtaine do thuismitheoirí leanaí a shaolaítear nó a uchtáiltear ó Mhí na Samhna 2019 – arb é atá ann ná méadú 3 seachtaine.
- Méadú €10 ar an tairseach sheachtainiúil ioncaim i leith na hÍocaíochta do Theaghlach i bhFostaíocht i dtaca le teaghlaigh a bhfuil suas le triúr leanaí acu – chun cabhrú le tuismitheoirí i bhfostaíocht atá ar ioncam íseal.
- Ní chaillfidh tuismitheoirí aonair i bhfostaíocht a nÍocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora a thuilleadh nuair a théann a n- ioncam ón bhfostaíocht thar an teorainn reatha €425. Cuirfear deireadh leis an teorainn €425 seo ó Mhí Aibreáin 2021.
- Maidir le tuismitheoirí atá i mbaintreachas le déanaí agus a bhfuil leanaí cleithiúnacha acu, gheobhaidh siad deontas €8,000 ó Mhí Eanáir 2021 – arb é a bheidh ann ná méadú €2,000.
Tacaí le Daoine i bhFostaíocht
- Laghdóidh líon na ‘laethanta feithimh’ i leith an tSochair Bhreoiteachta ó 6 lá go 3 lá oibre, i dtaca leis na héilimh nua go léir ó dheireadh Mhí Feabhra 2021.
- Méadaíonn an Sochar do Thuismitheoirí go 5 seachtaine do thuismitheoirí leanaí a shaolaítear nó a uchtáiltear ó Mhí na Samhna 2019 – seo méadú 3 seachtaine.
- Méadú €10 ar an tairseach sheachtainiúil ioncaim i leith na hÍocaíochta do Theaghlach i bhFostaíocht i dtaca le teaghlaigh a bhfuil suas le triúr leanaí acu – chun cabhrú le tuismitheoirí i bhfostaíocht atá ar ioncam íseal.
- Ní chaillfidh tuismitheoirí aonair i bhfostaíocht a nÍocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora a thuilleadh nuair a théann an- ioncam ón bhfostaíocht thar an teorainn reatha €425. Cuirfear deireadh leis an teorainn €425 seo ó Mhí Aibreáin 2021.
Tacú le Cúramóirí agus Daoine faoi Mhíchumas
- Méadú €5 do chleithiúnaithe ar leanaí cáilithe iad agus atá 12 bhliain d’aois agus níos sine, sna híocaíochtaí seachtainiúla go léir.
- Méadú €2 do chleithiúnaithe ar leanaí cáilithe iad agus atá suas le 12 bhliain d’aois, sna híocaíochtaí seachtainiúla go léir.
- Méadóidh an Liúntas Breosla de €3.50 go €28.00 in aghaidh na seachtaine – tá os cionn 375,000 líon tí chun tairbhiú de seo.
- An Deontas Tacaíochta Cúramóra is airde riamh, is é sin €1,850 in aghaidh na bliana (méadú €150), le híoc sa bhliain 2021 - rud a rachaidh chun tairbhe do bhreis agus 130,000 cúramóir.
- Méadú €5 ó €14 go €19 ar an Liúntas Maireachtála Aonair atá á íoc gach seachtain le daoine faoi mhíchumas agus atá ina gcónaí leo féin - tá os cionn 221,000 chun tairbhiú de seo.
- Tá an neamhaird tuillimh do dhaoine atá ag fáil an Liúntais Mhíchumais agus atá ag obair chun méadú de €20 go €140 in aghaidh na seachtaine.
- Deontas Nua Oiliúna €1,000 chun cabhrú le daoine faoi mhíchumas atá ar lorg fostaíochta.
Tacaí le Daoine atá dífhostaithe nó ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime
- Íocfar Bónas na Nollag 100% ar bhonn eisceachtúil i mbliana le daoine a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime á fáil acu agus le daoine a bhfuil Íocaíochtaí Cuardaitheora Poist ar bhonn coibhéiseach á bhfáil acu le ceithre mhí nó níos mó.
- Beidh oibrithe féinfhostaithe in ann suas le hollmhéid €480 in aghaidh na míosa a thuilleamh agus fós Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime a choimeád.
- Maoiniú i dtaca le Deontas Tacaíochta Fiontraíochta €1,000 um COVID-19 méadaithe faoi dhó go €24 mhilliún.
- Táthar chun an Scéim Dreasachta Poist Pháirtaimseartha a chur ar fáil do dhaoine féinfhostaithe a mbeidh ar intinn acu a ngnó a atosú ach nach mbeidh in ann é sin a dhéanamh ach ar bhonn uaineach nó ar bhonn teoranta/laghdaithe nuair a fhágfaidh siad Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime.
- Tá €10 milliún á chur ar fáil i leith na dtacaí fostaíochta do dhaoine dífhostaithe, ag féachaint go háirithe don dífhostaíocht i measc na n-óg. Tá an tsuim seo mar bhreis ar an €112 mhilliún a cuireadh ar fáil i bPacáiste na Spreagthaí i Mí Iúil.
Bónas na Nollag le híoc le 1.5 milliún duine i mbliana
€349.3 milliún le híoc le faighteoirí fadtréimhseacha leasa shóisialaigh i Mí na Nollag 2020
Íocfar Bónas na Nollag 100% i Mí na Nollag 2020 le daoine a fhaigheann íocaíochtaí fadtréimhseacha Leasa Shóisialaigh (íocaíocht íosta €20).
Is iad na daoine a gheobhaidh an Bónas ná na daoine a fhaigheann na híocaíochtaí seo a leanas:
- Pinsean Stáit agus Pinsean Baintrí/Baintrí Fir/Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh
- Pinsean Easláine, Pinsean na nDall, Liúntas Míchumais, Liúntas Cúramóra, Sochar Cúramóra, Sochar Cumais Pháirtigh, Sochar Míthreorach, Liúntas Cúraim Bhaile agus Íocaíochtaí Caomhnóra.
- Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora, Liúntas Fadtréimhseach Cuardaitheora Poist, Íocaíocht Idirthréimhseach Chuardaitheora Poist, Sochar agus Liúntas do Bhanchéile Tréigthe agus Cúnamh Feirme.
- Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair, Fostaíocht Phobail, Scéim Shóisialta na Tuaithe, TÚS, Tairseach (Gateway) agus Tionscnamh Post, Liúntas Forlíontach Leasa, Liúntas um Chaiteachais Laethúla, Scéim an Choimisiúin Mhaigdiléana.
- Ar bhonn eisceachtúil i mbliana, daoine a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime á fáil acu agus daoine a bhfuil Íocaíochtaí Cuardaitheora Poist ar bhonn coibhéiseach á bhfáil acu le ceithre mhí nó níos mó anuas.