English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Cód Cleachtais maidir le Stádas Fostaíochta a dheimhniú


Cuireann an Cód Cleachtais maidir le Stádas Fostaíochta a Dheimhniú eolas soiléir ar fáil maidir le stádas fostaíochta agus cleachtais reatha i margadh an tsaothair, forbairtí sa reachtaíocht agus sa chásdlí á gcur san áireamh.

Is é sprioc an chóid seo ná tairbhe a dhéanamh d’fhostóirí, d’fhostaithe, do chonraitheoirí neamhspleácha agus do ghairmithe dlí, airgeadais agus acmhainní daonna. Tá sé dírithe freisin ar imscrúdaitheoirí, ar chinnteoirí agus ar bhreithneoirí sa Roinn Coimirce Sóisialaí, in Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, sa Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO), ina gcomhlachtaí achomhairc faoi seach, agus sna cúirteanna.

In Éirinn, tá réimse leathan bealaí ann le bheith ag obair agus le gnólacht a fheidhmiú. Baineann cosaintí reachtacha sonracha d’oibrithe le gach cineál fostaíochta, lena n-áirítear féinfhostaíocht, fostaíocht lánaimseartha, fostaíocht pháirtaimseartha, obair ghníomhaireachta shealadach agus conarthaí ar théarma seasta.

Tá sé tábhachtach go gcinnteofar go bhfuil oibrithe á n-aicmiú ar bhealach atá oiriúnach don fhíorchaidreamh idir an t-oibrí agus an gnólacht. Níor cheart don tsamhail ghnó a bheith ar mhaithe le haon oibrí a eisiamh óna dteidlíochtaí cuí.

Is ábhar imní é an mí-aicmiú a chuireann in iúl gur duine féinfhostaithe é an t-oibrí, cé go dtugann téarmaí agus coinníollacha oibre an oibrithe le fios gur fostaí é i ndáiríre. Laghdaíonn mí-aicmiú ranníocaíochtaí don Chiste Árachais Shóisialaigh agus eisiann sé oibrithe ó Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) iomlán agus ó chosaintí ceart fostaíochta.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara freisin go mbaineann an tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005 le gach oibrí ar áitreabh, is cuma, cad a stádas fostaíochta. Tá dualgais faoin Acht ar fhostóirí agus ar fhostaithe go léir. Is é an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta (HSA) an comhlacht reachtúil a bhfuil sé de chúram air comhlíonadh a chinntiú sa réimse sin.


Stádas fostaíochta a dheimhniú

I bhformhór na gcásanna beidh sé soiléir cibé an bhfuil oibrí fostaithe nó féinfhostaithe.

Mar sin féin, ós rud é nach bhfuil aon sainmhíniú dlíthiúil soiléir aonair ar na téarmaí ‘fostaithe’ nó ‘féinfhostaithe’ i ndlí na hÉireann nó i ndlí an Aontais chun stádas fostaíochta duine a chinneadh, ní mór an conradh i scríbhinn nó ó bhéal agus réaltacht an chonartha araon a chur san áireamh. Cé go dtugtar aird chuí ar rún na bpáirtithe agus ar aon chomhaontú i scríbhinn, ní chinneann siad astu féin an stádas fostaíochta chun críche aicmithe árachais shóisialta, cánach ioncaim nó ceart fostaíochta.

Dá réir sin, cé go bhféadfadh téarmaí conartha a bheith sách soiléir agus é á rá go bhfuil oibrí fostaithe faoi chonradh i gcomhair seirbhíse, is é sin, mar chonraitheoir féinfhostaithe, ní mór do chúirteanna agus do chomhlachtaí reachtúla breithniú a dhéanamh ar chineál an chaidrimh agus aicmiú na n-oibrithe á chinneadh chun críche árachais shóisialta, cánach ioncaim agus ceart fostaíochta. Agus na fíorais iomlána á gcur san áireamh, féadfaidh na húdaráis sin a chinneadh go bhfuil oibrí ag gabháil do chonradh seirbhíse – is é sin, mar fhostaí.


Cén fáth a bhfuil tábhacht le stádas fostaíochta

Chun críocha an Chóid, tagraítear le ‘stádas fostaíochta’ do cibé acu a chinntear nó nach gcinntear duine a bheith ina ‘f(h)ostaí’ nó a bheith ‘féinfhostaithe’. Déantar fostaí a chatagóiriú mar dhuine atá fostaithe ar bhonn ‘conradh seirbhíse’ ach tá duine féinfhostaithe i mbun oibre ar bhonn ‘conradh i gcomhair seirbhísí’.

Tá impleachtaí ag stádas fostaíochta do na nithe seo a leanas:

  • Ranníocaí Árachais Shóisialaigh Pá-Choibhneasa (ÁSPC) agus sochair leasa shóisialaigh ghaolmhara
  • cóireáil cánach
  • ceart fostaíochta - níl a lán cearta fostaíochta reachtúla ar fáil ach ag fostaithe, seachas iad siúd atá féinfhostaithe

Cé a dhéanann an cinneadh i ndáil le stádas fostaíochta

Tá roinnt comhlachtaí reachtúla ann a n-áirítear leo stádas fostaíochta duine a chinneadh mar shainchúram. Déanann gach ceann de na comhlachtaí sin a gcinntí go neamhspleách ar a chéile maidir leis na feidhmeanna ar leith a bhfuil siad freagrach astu.

Is iad na comhlachtaí seo, ná:

  • an Roinn Coimirce Sóisialaí, a chinneann stádas fostaíochta d’fhonn cinneadh a dhéanamh maidir leis an aicme chuí ÁSPC do dhuine aonair
  • Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, i gcás ina gcinneann stádas fostaíochta cóireáil cánach
  • seirbhís bhreithnithe an CCÁO, a chinneann stádas fostaíochta mar réamhcheist agus gearáin ceart fostaíochta á mbreithniú aige

Níl cinntí na Roinne Coimirce Sóisialaí ná an CCÁO ná na gCoimisinéirí Ioncaim ina gceangal ar a chéile.


Ceisteanna le breithniú – An creat cúig chéim

Rinneadh na ceisteanna atá le breithniú, agus stádas fostaíochta á chinneadh, a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise breithiúnas suntasach na Cúirte Uachtaraí a tugadh i gcás Karshan.

Soláthraítear sa chreat cúig chéim atá san áireamh sa bhreithiúnas sin múnla cinnteoireachta soiléir chun stádas fostaíochta gach oibrí a chinneadh agus a bhfíoras agus a gcúinsí á gcur san áireamh.

Is féidir an cheist maidir le cibé an fostaí é an t-oibrí a réiteach trí aird a thabhairt ar dtús ar na ceisteanna ‘scagtha’ seo a leanas:

  • an bhfuil malartú pá nó luach saothair eile ar obair i gceist leis an gconradh?
  • más amhlaidh atá, an bhfuil comhaontú i gceist ina n-aontaíonn an t-oibrí a s(h)eirbhísí féin a sholáthar, seachas na comhaontuithe sin tríú páirtí, don ghnólacht?
  • má tá, an bhfeidhmíonn an gnólacht rialú leordhóthanach ar an oibrí ionas gur féidir leis an gcomhaontú a bheith ina chomhaontú fostaíochta? :

Má fhreagraítear aon cheann de na ceisteanna sin go diúltach ciallaíonn sé nach féidir conradh fostaíochta a bheith ann.

  • má chomhlíontar na trí riachtanas sin, ní mór imthosca an tsocraithe/an chomhaontaithe/an chonartha go léir a bhreithniú. I bhfocail eile, cibé an bhfuil téarmaí an tsocraithe/an chomhaontaithe/an chonartha idir an gnólacht agus an t-oibrí, arna léirmhíniú i bhfianaise na gcoinníollacha praiticiúla/na bhfíorchoinníollacha fostaíochta (an “maitrís fhíorasach”) comhsheasmhach le conradh fostaíochta, nó le conradh de chineál éigin eile ag féachaint do, go háirithe, cibé an dtugann na socruithe le fios go bhfuil an t-oibrí ag obair dó/di féin nó don ghnólacht/don fhostóir
  • ar deireadh, ba cheart a chinneadh an bhfuil aon rud sa réimeas reachtach áirithe atá á bhreithniú a éilíonn cur chuige áirithe a ghlacadh, e.g., d’fhéadfadh duine a bheith ina f(h)ostaí chun críocha árachais shóisialaigh ach féinfhostaithe chun críocha an dlí fostaíochta nó cánach

Ní mór na himthosca ábhartha go léir arna mbunú tríd an gcreat ina iomláine a chur i bhfeidhm a chur san áireamh agus stádas fostaíochta oibrí á chinneadh in aon chás ar leith.


Gnáth-shaintréithe d’fhostaí

Ní mór an creat cúig chéim a mheas ina iomláine agus a chur i bhfeidhm ar fhíorais gach cáis. Mar sin féin, agus céim 4 den chreat á breithniú, cé go bhféadfadh sé nach mbeadh feidhm ag na tosca seo a leanas ar fad, d’fhéadfaí oibrí a mheas mar fhostaí chun críocha chéim 4 i gcás:

  • ina bhfuil sé/sí faoi smacht duine eile a n-ordaíonn dó/di conas atá an obair le déanamh, cén uair atá sí le déanamh agus cén áit a bhfuil sí le déanamh
  • ina soláthraíonn sé/sí saothair amháin
  • ina bhfaigheann sé/sí pá seasta in aghaidh na huaire/na seachtaine/na míosa
  • nach féidir leo lig obair ar fochonradh
  • nach soláthraíonn sé/sí ábhair don phost,
  • nach soláthraíonn sé/sí trealamh seachas uirlisí beaga na ceirde
  • nach bhfuil sé/sí nochta do riosca airgeadais pearsanta agus iad i mbun na hoibre,
  • nach nglacann sé/sí le haon fhreagracht as an infheistíocht agus as an mbainistíocht sa ghnólacht
  • nach bhfuil an deis aige/aici leas a bhaint as bainistíocht fhónta maidir le sceidealú gealltanas nó feidhmíocht tascanna a eascraíonn as na gealltanais
  • ina n-oibríonn sé/sí uaireanta socraithe nó líon áirithe uaireanta an chloig sa tseachtain nó sa mhí
  • ina n-oibríonn sé/sí do dhuine amháin nó do ghnólacht amháin
  • ina bhfaigheann sé/sí íocaíochtaí speansais chun speansais chothaithe agus/nó taistil a íoc
  • ina bhfuil sé/sí i dteideal pá breoiteachta nó pá breise as ragobair

Fainicí tábhachtacha:

  • más féidir an obair a ligean ar fochonradh agus í a ‘íoc as’ an duine a ligeann ar fochonradh an obair, d’fhéadfadh sé go n-aistreofaí caidreamh an fhostóra/an fhostaí go simplí ar aghaidh
  • d’fhéadfadh sé nach mbeadh tionchar suntasach ag soláthar uirlisí nó trealaimh ar an gcinneadh maidir le stádas fostaíochta, ag féachaint do na cúinsí uile cáis ar leith
  • d’fhéadfadh saoirse agus neamhspleáchas nach beag a bheith ag duine aonair agus é/í ag déanamh oibre agus a bheith fós ina f(h)ostaí
  • b’fhéidir nach dtreorófaí duine a bhfuil saineolas aige/aici maidir le conas a dhéanfar an obair agus é/í a bheith fós ina f(h)ostaí
  • féadfar duine aonair a íoctar ar choimisiún, trí scair nó trí thascobair, nó ar bhealach éigin neamhghnách eile, a mheas fós mar fhostaí
  • oibríonn roinnt daoine aonair do níos mó ná fostóir amháin an tráth céanna, agus d’fhéadfaí iad a mheas mar fhostaí fós
  • féadfaidh daoine áirithe a bheith féinfhostaithe freisin i leith oibre eile atá á déanamh aige/aici, agus féadfar é/í a mheas mar fhostaí de chuid gnólachta eile fós
  • oibríonn daoine áirithe ó chian nó ar shlí eile nach bhfuil ar an áitreabh gnó agus meastar iad mar fhostaithe fós
  • féadfaidh fostaithe oibriú ar raon bealaí, lena n-áirítear obair pháirtaimseartha, obair shealadach, obair shéasúrach nó obair ócáide, ach gan a bheith teoranta don obair sin
  • íoctar roinnt fostaithe faoi threoir uaireanta an chloig ar conradh, agus féadfar cuid eile a íoc faoi threoir an méid oibre a rinneadh go hiarbhír
  • féadfaidh uaireanta oibre nó luach saothair fostaí a bheith neamhchinnte

Gnáth-shaintréithe na féinfhostaíochta

Ní mór an creat cúig chéim a mheas ina iomláine agus a chur i bhfeidhm ar fhíorais gach cáis. Mar sin féin, agus céim 4 den chreat á breithniú, cé go bhféadfadh sé nach mbeadh feidhm ag na tosca seo a leanas ar fad, d’fhéadfaí oibrí a mheas mar oibrí féinfhostaithe chun críocha chéim 4 i gcás:

  • ina bhfuil a g(h)nólacht féin aige/aici
  • ina bhfuil sé/sí neamhchosanta ar riosca airgeadais toisc gur gá dó/di an costas a íoc a bhaineann le haon obair lochtach nó obair faoi bhun caighdeáin a rinneadh a chur i gceart
  • ina nglacann sé/sí le freagracht as infheistíocht ina ngníomhaíochtaí oibre agus as iad a bhainistiú
  • ina bhfuil deis aige/aici leas a bhaint as bainistíocht fhónta maidir le sceidealú agus feidhmíocht na ngealltanas agus na dtascanna
  • ina bhfuil smacht aige/aici ar an méid a dhéantar, conas a dhéantar é, cén uair a dhéantar é agus cén áit a ndéantar é agus cé acu an ndéanann sé/sí féin, nó duine eile, an obair
  • ina bhfuil saoirse aige/aici daoine eile a fhostú, ar théarmaí a shonraíonn sé/sí, chun an obair a comhaontaíodh a dhéanamh
  • inar féidir leis/léi na seirbhísí céanna a sholáthar do níos mó ná duine amháin nó gnólacht amháin an tráth céanna
  • ina soláthraíonn sé/sí na hábhair don phost
  • ina soláthraíonn sé/sí an trealamh agus an t-innealra is gá don phost, seachas uirlisí beaga na ceirde nó trealamh nach mbeadh, i gcomhthéacs foriomlán, ina tháscaire duine sa ghnó as a stuaim féin
  • ina bhfuil áit sheasta ghnó aige/aici inar féidir ábhair, trealamh etc. a stóráil,
  • ina ndéanann sé/sí praghas a chostáil ar an bpost agus é a chomhaontú
  • ina bhfuil smacht aige/aici ar na huaireanta oibre chun oibleagáidí an phoist a chomhlíonadh

Fainicí tábhachtacha:

  • Cé go bhfuil duine aonair cláraithe le haghaidh Cáin Ioncaim nó CBL faoi phrionsabail an fhéinmheasúnaithe, ní chiallaíonn sé sin go bhfuil sé/sí féinfhostaithe
  • ní gá go bhfuil duine atá ina chonraitheoir féinfhostaithe i bpost amháin féinfhostaithe i bpost eile - is féidir freisin a bheith fostaithe agus féinfhostaithe ag an am céanna i bpoist éagsúla
  • in earnáil na tógála, ar chúiseanna sláinte agus sábháilteachta, tá gach duine aonair, beag beann ar stádas fostaíochta, faoi stiúir shaoiste/mhaoirseoir an láithreáin

Cúinsí agus forbairtí speisialta sa mhargadh saothair

Eolas mionsonraithe maidir le: tá daoine ar leo cuideachtaí, oibrithe gníomhaireachta, úsáid socruithe idirmheánacha, Cuideachtaí Seirbhíse Pearsanta (CSP), Cuideachtaí Seirbhíse Bainistithe (CSB), agus oibrithe sa gheilleagar digiteach/poistíneachta nó a rialaíonn iad le fáil in Alt 8 den Chód.

Iarmhairtí a eascraíonn as stádas fostaíochta a dheimhniú

Tá tionchar ag stádas oibrí mar fhostaí nó mar dhuine féinfhostaithe ar na nithe seo a leanas:

  • an chaoi a bhfuil cáin, MSU agus ÁSPC iníoctha leis an Ard-Bhailitheoir
  • mar fhostaí, bainfear cáin ioncaim, MSU agus ÁSPC as a (h)ioncam trí chóras párolla a f(h)ostóra
  • tá dualgas ar oibrí féinfhostaithe faoin bhféinmheasúnú réamhcháin a íoc agus a t(h)uairisceáin cánach ioncaim féin a chomhdú, trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)

Teidlíocht ar shochair leasa shóisialaigh:

Tá daoine féinfhostaithe i dteideal an chuid is mó de na sochair agus na teidlíochtaí céanna a fháil lena n-áirítear pinsin, míchumas, cúram agus sochair mháithreachais/atharthachta agus tuismitheora atá ar fáil do dhaoine fostaithe. Tá roinnt eisceachtaí ann, áfach, go háirithe nach bhfuil daoine féinfhostaithe i dteideal Sochar Breoiteachta a éileamh. Chomh maith leis sin, tá socruithe ar leithligh Sochair Cuardaitheora Poist i bhfeidhm.

Cearta agus teidlíochtaí faoi reachtaíocht fostaíochta áirithe

Tá cearta ag fostaí maidir le ham oibre, laethanta saoire, saoire mháithreachais/thuismitheoireachta, cosaint ar dhífhostú éagórach etc. Níl na cearta ná na cosaintí sin ag duine féinfhostaithe. (Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil duine féinfhostaithe i dteideal leas a bhaint as na cosaintí a chuireann na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta ar fáil nuair a bhíonn conradh aige/aici chun aon obair nó seirbhís a chur i gcrích i gcáil phearsanta don duine eile).

  • Dliteanas poiblí i leith na hoibre atá déanta

Go ginearálta, beidh fostaí clúdaithe ag árachas dliteanais phoiblí a f(h)ostóra, ach táthar ag súil go mbeidh a (h)árachas féin ag duine féinfhostaithe.


Doiciméad don Chód Cleachtais maidir le Stádas Fostaíochta a Dheimhniú

Cód Cleachtais maidir le Stádas Fostaíochta a Chinneadh
Samhain 2024
Amharc amharc

Eolas teagmhála

Nuair a bhíonn deacrachtaí ann maidir le cinneadh a dhéanamh ar stádas cuí duine aonair nó grúpaí daoine aonair, is féidir leis na heagraíochtaí seo a leanas cúnamh a sholáthar:

Maidir le nithe a bhaineann le cinntí ar stádas fostaíochta chun críocha ÁSPC:

Scope Section

Seoladh:
Department of Social Protection, Áras Mhic Dhiarmada, Store Street, Dublin 1, D01 WY03
Suíomh Gréasáin:
Ríomhphost:

scope@welfare.ie

Teileafón:
(01) 6732585

Le haghaidh nithe a bhaineann le cáin:

Déan teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim trí M’Fhiosruithe in ROSi MyAccount (moChúrsaí) .

Maidir le hábhair a bhaineann le fostaíocht agus cearta comhionannais:

An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre,

Faisnéis agus Seirbhís do Chustaiméirí,

Bóthar Uí Bhriain

Ceatharlach,

R93 E920.

Uimhir Ghutháin: 059 9178990 Glaoch áitiúil: 1890 808090

Suíomh gréasáin: www.workplacerelations.ie

Maidir le hábhair a bhaineann le Sábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair:

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara freisin go mbaineann an tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005 le gach oibrí ar áitreabh, beag beann ar a stádas fostaíochta. Tá dualgais faoin Acht ar fhostóirí agus ar fhostaithe go léir. Is é an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta (HSA) an comhlacht reachtúil a bhfuil sé de chúram air comhlíonadh a chinntiú sa réimse sin.

Féach Health and Safety Authority (HSA) le haghaidh tuilleadh eolais agus sonraí teagmhála don HSA.