Clárú SAFE agus an Cárta Seirbhísí Poiblí
- Foilsithe: 21 Márta 2020
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025
- An rud is Clárú SAFE ann
- Do choinne Cláraithe SAFE
- Aip MyGovID
- D’ainm a athrú ar do CSP
- Eolas ar thaispeáintí an Chárta Seirbhísí Poiblí
- Custaiméirí Saorthaistil
- Teagmháil
An rud is Clárú SAFE ann
Is ionann Clárú SAFE (Timpeallacht Chreata Fíordheimhniúcháin Chaighdeánaigh) agus an próiseas a úsáideann an roinn chun do chéannacht a dheimhniú.
Nuair a bheidh do chéannacht deimhnithe, eiseoimid Cárta Seirbhísí Poiblí (CSP) duit. Is féidir leat do Chárta Seirbhísí Poiblí a úsáid chun do chéannacht a chruthú agus tú ag teacht ar sheirbhísí poiblí in Éirinn agus chun do chuntas MyGovID a fhíorú. Tugann clárú SAFE agus do CSP cosaint duit ar bhradaíl aitheantais agus tú ag teacht ar na seirbhísí sin.
Ní mór duit a bheith i do chónaí in Éirinn chun clárú le haghaidh SAFE. Ní eiseofar CSP ach do dhaoine a bhfuil seoladh Éireannach acu.
Conas do chéannacht a dheimhniú
Is féidir leat do chéannacht a dheimhniú ar dhá bhealach:
Do choinne Cláraithe SAFE
Tógfaidh sé thart ar 15 nóiméad chun do choinne Cláraithe SAFE a chur i gcrích agus is gnách go mbíonn sé ar siúl in Ionad Clárúcháin CSP/SAFE.
Le linn na coinne:
- glacfar grianghraf díot, agus
- déanfar taifead ar do shíniú
Má tá tú faoi 16 mbliana déag d’aois agus más mian leat CSP a fháil, ní mór duit do thuismitheoir nó do chaomhnóir a thabhairt leat chun do choinne.
Féachconas a fhaightear Cárta Seirbhísí Poiblí (CSP)le haghaidh tuilleadh eolais.
A bhfuil le tabhairt leat chuig an Ionad Clárúcháin CSP/SAFE Registration Centre
Beidh ort na nithe seo a thabhairt leat:
- an litir a dheimhníonn do choinne (má tá ceann faighte agat)
- do Chárta Seirbhísí Sóisialta (má tá ceann agat)
- doiciméid le do chéannacht a chruthú
- doiciméid le do sheoladh a chruthú
- d’fhón póca (má tá ceann agat). Má thugann tú d’fhón póca leat, is féidir leis an roinn d’uimhir fóin a dheimhniú. Is féidir leat d’fhón póca deimhnithe a úsáid ansin chun cuntas MyGovIDa chruthú agus a dheimhniú chun rochtain shlán a fháil ar sheirbhísí poiblí ar líne
Aip MyGovID
Tugann aip MyGovID caoi duit do chéannacht a dheimhniú ar líne ag úsáid d’fhóin chliste.
Is féidir leat aip My GovID a íoslódáil ar d’fhón cliste Apple nó Android.
D’ainm a athrú ar do CSP
Ní mór duit freastal ar Ionad Clárúcháin CSP/SAFE ar an láthair chun d’ainm a athrú mar go mbeidh síniú nua ag teastáil. Beidh ort do Chárta Seirbhísí Poiblí agus fianaise le d’ainm nua a thabhairt leat.
Ainm a athrú trí úsáid agus dea-cháil
Ní mór duit úsáid 2 bhliain as ainm nua a thaispeáint. Chun an méid sin a dhéanamh, ní mór duit ar a laghad péire de na doiciméid seo a leanas a chur isteach, a théann siar 2 bhliain ar a laghad:
- cumarsáid oifigiúil le roinn rialtais
- teastas oideachais
- ráiteas bainc nó cárta
- bille fóntais
- cárta aitheantais mic léinn nó fostaí (nó a macasamhail)
Athrú ar ainm i ndiaidh pósta nó páirtnéireachta sibhialta
Chun d’ainm a athrú ar do CSP tar éis pósta nó páirtnéireachta sibhialta, ní mór duit na nithe seo a leanas a cur isteach:
- aitheantas grianghraif i d’ainm roimh phósadh/pháirtnéireacht shibhialta (mar shampla CSP, pas nó ceadúnas tiomána), agus
- do theastas pósta nó páirtnéireachta sibhialta
Ag filleadh ar d’ainm roimh phósadh nó roimh pháirtnéireacht shibhialta
Má tá CSP agat i d’ainm pósta agus más mian leat filleadh ar d’ainm roimh phósadh nó roimh pháirtnéireacht shibhialta a úsáid, ba chóir duit freastal ar Ionad CSP, agus do CSP reatha a thabhairt leat. Ní gá duit fianaise reatha a sholáthar maidir le húsáid agus clú.
Beidh do shloinne roimhe seo ar eolas ag an roinn cheana féin toisc go mbeidh an próiseas clárúcháin SAFE curtha i gcrích agat cheana féin agus d’ainm pósta á úsáid agat.
Athrú ar ainm trí ghníomhas aonpháirtí
Is doiciméad sínithe é gníomhas aonpháirtí a úsáidtear chun a dhearbhú go bhfuil sé ar intinn agat d’ainm a athrú. Deir gníomhas aonpháirtí an méid seo a leanas:
- go bhfuil tú ag éirí as úsáid a bhaint as do sheanaimn
- go n-úsáidfidh tú d’ainm nua go seasta, agus
- go n-éileoidh tú ar dhaoine d’ainm nua a úsáid
Má d’athraigh tú d’ainm trí ghníomhas aonpháirtí, ní mór duit na nithe seo a leanas a chur isteach:
- Cóip dheimhnithe de do ghníomhas aonpháirtí sínithe atá cláraithe le hArd-Chúirt na hÉireann.
Eolas ar thaispeáintí an Chárta Seirbhísí Poiblí
Taispeáintí d’aghaidh an chárta:
- d’ainm
- do ghrianghraf
- do shíniú
- dáta éaga an chárta
Taispeáintí de chúl an chárta:
- d’uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP)
- uimhir chárta
- stiallacha mhaighnéadacha chun gur féidir íocaíochtaí leasa shóisialaigh ar nós pinsean a bhailiú ag oifigí poist
Custaiméirí Saorthaistil
Má cháilíonn tú le haghaidh saorthaistil, ní mór duit CSP a bheith agat mar go n-úsáidtear é chun rochtain a fháil ar an Scéim Saorthaistil.
Má tá tú i dteideal saorthaisteal, taispeánfaidh do Chárta Seirbhísí Poiblí ceann de na cóid seo a leanas sa chúinne ar thaobh na láimhe clé ar barr:
- FT-P - tá tú i dteideal taisteal saor in aisce go pearsanta
- FT+S - is féidir leat taisteal le do chéile, do pháirtnéir nó do chomhchónaitheoir
- FT+C - is féidir leat taisteal le compánach (os cionn sé bliana déag d’aois)
Teagmháil
Má chailltear do CSP, má ghoidtear é nó má dhéantar damáiste dó, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh láithreach le Deasc Chabhrach na Seirbhíse Poiblí:
Deasc Chabhrach an Chárta Seirbhísí Poiblí
Uimhir ghutháin:
0818 837000