English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Coinníoll an Ghnáthchónaithe



Cad is Coinníoll Gnáthchónaithe (CGC) ann

Ní shainmhínítear an téarma “gnáthchónaí” i ndlí na hÉireann.

Go ginearálta, ciallaíonn sé:

  • go bhfuil dlúthcheangail cruthaithe agat le hÉirinn
  • go bhfuil cónaí ort in Éirinn le tamall anuas
  • go bhfuil sé beartaithe agat fanacht in Éirinn go ceann i bhfad

Ní mór duit a bheith i do ghnáthchónaí in Éirinn chun cáiliú do na híocaíochtaí seo a leanas:

Baineann an coinníoll seo le haon duine a dhéanann iarratas ar na híocaíochtaí leasa shóisialaigh seo, beag beann ar a náisiúntacht.

Má dhéanann tú iarratas ar íocaíocht leasa shóisialaigh lena n-áirítear méadú do dhuine fásta cáilithe nó do leanbh cáilithe, ní mór ach tusa, an t-iarratasóir, a mheas mar ghnáthchónaí sa Stát.

Chun a bheith i dteideal íocaíochta, ní mór duit na coinníollacha cáilitheacha eile go léir a chomhlíonadh.


Conas a dhéantar gnáthchónaí a mheas

Chun an Coinníoll Gnáthchónaithe (CGC) a shásamh ní mór:

  • go mbeadh an ceart agat cónaí sa Stát le cead rochtain a fháil ar sheirbhísí leasa shóisialaigh

agus

  • a thaispeáint go bhfuil gnáthchónaí ort agus úsáid á baint as na cúig thoisc atá leagtha amach sa reachtaíocht.

Is iad na cúig thoisc ná:

  • cé chomh fada agus atá tú i do chónaí in Éirinn nó in aon tír eile agus go bhfuil sé ar intinn agat leanúint ar aghaidh a bheith i do chónaí ann
  • fad agus cúis aon asláithreachta as Éirinn
  • nádúr agus patrún do fhostaíochta
  • do phríomháit spéise
  • do rún chun cónaí in Éirinn amach anseo mar a fheictear ón bhfianaise

Ní mheasfar go bhfuil gnáthchónaí ort ach amháin má shásaíonn tú an dá chuid den choinníoll.

Cé aige a bhfuil sé de cheart cónaí chun críocha an CGC

I measc na ndaoine a bhfuil sé de cheart acu cónaí in Éirinn tá:

  • Náisiúnaigh Éireannacha
  • Náisiúnaigh na RA faoin gcomhaontú um Chomhlimistéar Taistil (CTA)
  • Náisiúnaigh an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) atá fostaithe nó féinfhostaithe in Éirinn
  • Náisiúnaigh neamh-LEE ar deonaíodh stádas dídeanaí nó stádas comhchosúil dóibh
  • Náisiúnaigh neamh-LEE a bhfuil cead cónaithe acu

Chun tuilleadh a fháil amach faoi do chead inimirce a chlárú, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Sheirbhís Inimirce na hÉireann.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gceart chun cónaithe, féach le do thoil ar Threoirlínte Oibriúcháin an CGC.


Imthosca ina bhféadfadh sé nach mbeadh feidhm ag CGC

Tá cúinsí áirithe ann nuair nach gá measúnú CGC a dhéanamh ar íocaíochtaí nuair is gnách go mbíonn ort an CGC a shásamh chun cáiliú.

Tagann na cúinsí seo chun cinn nuair a mheastar íocaíocht mar íocaíocht Sochair Teaghlaigh nó Buntáiste Sóisialta:

  • Chun cáiliú d’íocaíocht sochar teaghlaigh, ní mór duit a bheith i d’oibrí
  • Chun cáiliú d’íocaíocht faoi bhuntáiste sóisialta, ní mór go raibh do stádas oibrí coinnithe agat

Is féidir leat tuilleadh eolais a léamh faoi Shochair Teaghlaigh agus faoi íocaíochtaí Buntáiste Sóisialta anseo.


Conas iarratas a dhéanamh

Más gá duit an Coinníoll Gnáthchónaithe a shásamh le haghaidh íocaíochta, b’fhéidir go n-iarrfar ort an fhoirm HRC1 a chomhlánú.

Foirm iarratais le haghaidh Coinníoll Gnáthchónaithe (HRC1)
2021
Amharc amharc

Achomhairc

Mura bhfuil tú sásta leis an gcinneadh a rinneadh ar do chás, tá ceart athbhreithnithe agus ceart achomhairc agat.

Tá tuilleadh treorach ar conas achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh faoi d’éileamh leasa shóisialaigh ar fáil anseo.


Treoirlínte Oibriúcháin