English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Conas doiciméid a uaslódáil ar MyWelfare



Cad é MyWelfare?

Is é MyWelfare lárionad na seirbhísí leasa ar líne. Tugann sé ar fáil go héasca duit ar réimse seirbhísí, na seirbhísí seo san áireamh:

  • ag déanamh iarratais ar shochar áirithe
  • ag uasdátú do shonraí
  • ag ordú ráitis
  • féach ar d’éilimh agus iad a bhainistiú
  • féach ar do stair íocaíochta
  • cumarsáid sabháilte agus slán a bheith agat leis an roinn
  • rochtain a fháil ar an réimse iomlán de sheirbhísí MyWelfare

Chun MyWelfare a úsáid, tá cuntas MyGovID ag teastáil uait. Tá seirbhísí áirithe ar MyWelfare ar fáil le cuntas bunúsach MyGovID.


Cén fáth go n-uaslódáiltear doiciméid ar MyWelfare?

Nuair a dhéanann tú iarratas ar sheirbhísí leasa shóisialaigh nó nuair atá íocaíochtaí leasa shóisialaigh á fháil agat, tá seans ann go n-iarrfar ort doiciméid tacaíochta a sholáthar. D’fhéadfadh na doiciméid seo a bheith ag teastáil ionas gur féidir leis an Roinn cinneadh a dhéanamh maidir le d’iarratas nó d’éileamh.

Féadtar doiciméid bhreise ábhartha a uaslódáil chuig d’iarratas nó d’éileamh freisin.

Má tá cuntas fíoraithe MyGovID agat, beidh tú in ann na doiciméid seo a uaslódáil ar MyWelfare, in ionad iad a phostáil nó ríomhphost a sheoladh chucu. D’fhéadfadh grianghraif, scáileáin nó scanadh de do dhoiciméid a bheith i gceist leis seo.


Conas do dhoiciméid a ullmhú chun iad a uaslódáil?

Is féidir leat do dhoiciméad a scanadh, grianghraf a ghlacadh nó gabháil scáileáin den doiciméad. Cinntigh le do thoil gur féidir gach eolas ar do dhoiciméad le feiceáil go soiléir. Caithfidh an doiciméad iomlán a bheith le feiceáil. Má tá na híomhánna doiléir nó má tá faisnéis ar iarraidh, b’fhéidir go n-iarrfaimid ort an doiciméad seo a chur isteach arís. Cuirfidh sé seo moill ar d’iarratas nó ar chinneadh d’éilimh.

Ní ghlacfar le do dhoiciméad ach amháin sna cásanna seo a leanas:

  • is é an cineál comhaid JPG, JPEG, PNG, PDF, TIFF, TIF nó BMP
  • tá méid an chomhaid idir 10 KB agus 5 MB
  • ní théann ainm an chomhaid thar 50 carachtar

Mura gcomhlíonann do chomhad na critéir seo, ní bheidh tú in ann é a uaslódáil ar MyWelfare.

Ag glacadh grianghraf de do dhoiciméad

Is féidir leat fón cliste nó ceamara digiteach a úsáid chun grianghraf de do dhoiciméad a ghlacadh. Agus do ghrianghraf á ghlacadh déan cinnte le do thoil:

  • tá tú in áit a bhfuil neart solais ann
  • tá an doiciméad ag díriú ar scáileán do cheamara
  • tá an splanc múchta

Gabháil scáileáin de do dhoiciméad a ghlacadh ar do ghuthán

Lean treoracha an déantóra chun gabháil scáileáin a ghlacadh ar do ghuthán.

Do dhoiciméad a scanadh

Lean treoracha an déantóra ar do scanóir chun do dhoiciméad a scanadh.

Nuair a chruthaíonn tú do scanadh déan cinnte:

  • tá an doiciméad cothrom in aghaidh dhromchla an scanóir
  • níl aon rud a chlúdaíonn an fhaisnéis ar an doiciméad

Do ghrianghraf, do ghabháil scáileáin nó do scanadh a shábháil

Agus do ghrianghraf, do ghabháil scáileáin nó do scanadh á shábháil agat, tabhair ainm tuairisciúil dó ag cinntiú nach dtéann tú thar 50 carachtar, mar shampla, ‘ráiteas bainc 2023’

Sábháil do dhoiciméid mar JPG, JPEG, PNG, PDF, TIFF, TIF nó BMP. Sábhálann formhór na ngléasanna grianghraif nó doiciméid go huathoibríoch mar cheann de na cineálacha comhaid seo.

Má ghlac tú grianghraf, gabháil scáileáin nó scanadh de do dhoiciméad ag baint úsáide as an ngléas céanna atá á úsáid agat chun rochtain a fháil ar MyWelfare, ba cheart go mbeifeá in ann é a uaslódáil go díreach ar MyWelfare.

Má ghlac tú grianghraf, gabháil scáileáin nó scanadh de do dhoiciméad ag baint úsáide as gléas difriúil leis an gceann atá á úsáid agat chun rochtain a fháil ar MyWelfare beidh ort do ghrianghraf a aistriú chuig an ngléas sin. Is féidir leat é seo a dhéanamh de ghnáth trí:

  • an grianghraf, an gabháil scáileáin nó an scanadh a sheoladh chugat féin trí ríomhphost agus é a oscailt ar do ghléas eile
  • cábla a úsáid chun do ghléasanna a nascadh
  • an íomhá a sheoladh trí Bluetooth

Má ghlac tú grianghraf le ceamara digiteach, beidh ort do ghrianghraf a aistriú ón gceamara chuig an ngléas atá in úsáid agat chun rochtain a fháil ar MyWelfare. Is féidir leat é seo a dhéanamh de ghnáth trí:

  • an cárta cuimhne (ar a dtugtar cárta SD uaireanta) a thógáil amach as an gceamara agus é a chur isteach i ríomhaire deisce nó ríomhaire glúine
  • cábla a úsáid chun do cheamara a nascadh le do ghléas eile.

Conas do dhoiciméid a uaslódáil ar MyWelfare?

Agus iarratas á dhéanamh ar líne

Má tá cáipéisíocht ag teastáil nuair atá tú ag cruthú d’iarratas ar MyWelfare, tabharfar chuig rannán “Doiciméid” thú. Anseo, is féidir leat cliceáil ar an gcnaipe “roghnaigh comhad” chun doiciméad a uaslódáil nó comhad a tharraingt agus a scaoileadh isteach sa rannán.

Más mian leat níos mó doiciméad a chur leis, cliceáil ar an gcnaipe “Cuir comhad eile leis”. Is féidir leat iliomad doiciméid a uaslódáil má cheapann tú go mbaineann siad le d’iarratas.

Más mian leat comhad atá uaslódáilte agat a scriosadh, cliceáil ar an gcnaipe “Scrios” in aice le hainm an chomhaid.

Nuair a bheidh do dhoiciméid roghnaithe agat, feicfidh tú ainm an chomhaid ar an scáileán, má uaslódáladh go rathúil é.

Murar oibrigh sé, feicfidh tú teachtaireacht earráide i dtéacs dearg. Inseoidh an teachtaireacht earráide seo duit cén fáth nár glacadh leis an doiciméad ar MyWelfare. Nuair a shocraíonn tú an earráid, is féidir leat triail a bhaint as an doiciméad a uaslódáil arís.

Má tá deacracht agat do dhoiciméad a uaslódáil, seiceáil an Do Dhoiciméad a ullmhú le haghaidh tuilleadh eolais.

Agus d’éileamh nó do chúinsí á nuashonrú

Má iarradh ort doiciméid bhreise a chur ar fáil le haghaidh éilimh reatha, nó más gá duit comhairle a chur ar an Roinn maidir le hathrú ar do chúinsí, is féidir leat do dhoiciméid a uaslódáil trí MyWelfare go díreach chuig d’éileamh. Beidh cuntas fíoraithe MyGovID ag teastáil uaidh seo.

Le do thoil, ná huaslódáil foirmeacha Leasa Shóisialaigh a bhfuil barrachód acu ar leathanach ar bith, toisc go mbeidh moill maidir le d'íocaíocht a phróiseáil nó le d'éileamh a nuashonrú mar thoradh. Ní mór foirmeacha barrachódaithe a sheoladh ar ais tríd an bpost.

Nuair a bheidh tú logáilte isteach ag baint úsáid as do chuntas fíoraithe MyGovID, feicfidh tú d’éilimh reatha go léir ar do dheais MyWelfare. Cliceáil ar an gcnaipe “Bainistigh m’éileamh” in aice leis an íocaíocht leasa shóisialaigh ar mhaith leat doiciméid a uaslódáil chuici. Taispeánfaidh sé seo duit na gníomhartha agus na hathruithe is féidir leat a dhéanamh ar an éileamh sin. Chun doiciméid a uaslódáil, cliceáil ar an gcnaipe “Uaslódáil doiciméid”.

Iarrfar ort freisin a mhíniú cén fáth a bhfuil an doiciméad/na doiciméid á n-uaslódáil agat le d’éileamh. Beidh ort ansin an doiciméad a uaslódáil. Cliceáil ar an gcnaipe “roghnaigh comhad” chun doiciméad a uaslódáil nó comhad a tharraingt agus a scaoileadh isteach sa rannán. Is féidir leat níos mó ná doiciméad amháin a uaslódáil trí chliceáil ar “Cuir comhad eile leis”

Is féidir leat iliomad doiciméid a uaslódáil má cheapann tú go mbaineann siad le d’iarratas.

Más mian leat comhad atá uaslódáilte agat a scriosadh, cliceáil ar an gcnaipe “Scrios” in aice le hainm an chomhaid.

Nuair a bheidh do dhoiciméid roghnaithe agat, feicfidh tú ainm an chomhaid ar an scáileán, má uaslódáladh go rathúil é.

Murar oibrigh sé, feicfidh tú teachtaireacht earráide i dtéacs dearg. Inseoidh an teachtaireacht earráide seo duit cén fáth nár glacadh leis an doiciméad ar MyWelfare. Nuair a shocraíonn tú an earráid, is féidir leat triail a bhaint as an doiciméad a uaslódáil arís.

Má tá deacracht agat do dhoiciméad a uaslódáil, seiceáil an Do Dhoiciméad a ullmhú le haghaidh tuilleadh eolais.

Cad a tharlaíonn tar éis do dhoiciméid a uaslódáil?

Nuair a bheidh do dhoiciméid roghnaithe agat, feicfidh tú ainm an chomhaid ar an scáileán, má uaslódáladh go rathúil é.

Murar oibrigh sé, feicfidh tú teachtaireacht earráide i dtéacs dearg. Inseoidh an teachtaireacht earráide seo duit cén fáth nár glacadh leis an doiciméad ar MyWelfare. Nuair a shocraíonn tú an earráid, is féidir leat triail a bhaint as an doiciméad a uaslódáil arís.

Más mian leat níos mó doiciméad a chur leis, cliceáil ar an gcnaipe “Cuir comhad eile leis”. Is féidir leat iliomad doiciméid a uaslódáil má cheapann tú go mbaineann siad le d’iarratas.

Más mian leat comhad atá uaslódáilte agat a scriosadh, cliceáil ar an gcnaipe “Scrios” in aice le hainm an chomhaid.

Seol doiciméid tríd an phoist

Is féidir leat aon doiciméad breise a mheasann tú a d’fhéadfadh a bheith ábhartha do d’iarratas a sheoladh tríd an bpost laistigh de 7 lá oibre freisin. Ba cheart duit do dhoiciméid a sheoladh chuig an oifig atá ag déileáil le d’iarratas.

Seirbhísí agus Scéimeanna Leasa Shóisialaigh

Má tá cabhair ag teastáil uait

Má theastaíonn cabhair uait chun do dhoiciméid a uaslódáil, déan teagmháil le:

Ríomhphost: support@MyWelfare.ie

Uimhir theileafóin:0818 625625

An chaoi a mbaineann MyWelfare úsáid as do shonraí

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a n-úsáidtear do shonraí ar fhógra Príobháideachais na Roinne Coimirce Sóisialaí.