English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Conas obair a aimsiú san Eoraip

Comhairle a sholáthar do Chuardaitheoirí Poist maidir le post a aimsiú san Eoraip

Bhunaigh an Coimisiún Eorpach an gréasán EURES chun cabhrú le saoránaigh Eorpacha obair a aimsiú i dtíortha eile de chuid an Aontais Eorpaigh (AE)/ Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE).

Tá gréasán comhairleoirí ag EURES agus is féidir leo eolas agus comhairle a thabhairt do dhaoine maidir le post a aimsiú san Eoraip agus cabhrú leo teagmháil a dhéanamh le fostóirí Eorpacha. Chomh maith leis sin, is féidir leis na comhairleoirí comhairle réamhimeachta nó teachta a chur ar fáil, nó eolas ginearálta praiticiúil a thabhairt maidir le cúinsí maireachtála agus oibre i dtíortha eile de chuid an AE/LEE, mar shampla, eolas i ndáil le cúrsaí slándála sóisialta, leibhéil pá, cánacha, cleachtais earcaíochta.

Má tá suim agat dul ag obair nó obair a lorg laistigh den AE/LEE, déan coinne leis an gcomhairleoir EURES is cóngaraí leat nó déan teagmháil le d’Ionad Intreo áitiúil chun tuilleadh eolais a fháil.

EURES – An Tairseach Eorpach um Shoghluaiseacht ó Phost go Chéile

Le EURES, an Tairseach Eorpach um Shoghluaiseacht ó Phost go Chéile, tugtar rochtain ar thart ar mhilliún folúntas ar fud an AE/LEE. Is féidir folúntais a chuardach i réimse leathan gairmí agus earnálacha ar fud thíortha uile de chuid an AE/LEE. Nuair is iomchuí, is féidir teagmháil a dhéanamh go díreach leis an teagmhálaí (fostóir) nó tríd an Oifig Seirbhísí Fostaíochta Poiblí a thugtar le gach folúntas ar leith. De rogha air sin, is féidir teagmháil a dhéanamh le duine de na Comhairleoirí Eorpacha de chuid EURES a chuirfidh comhairle níos mionsonraithe ar fáil maidir le deiseanna fostaíochta, post a chuardach ina t(h)ír féin, nó féadfaidh sé/sí duine a mholadh d’fhostóirí féideartha.

Tabhair cuairt ar www.eures.europa.eu chun:

  • rochtain a fháil ar bhreis agus milliún deis oibre ar fud na hEorpa agus ar na mílte fostóirí cláraithe freisin
  • do CV a chruthú ar líne agus é a chur ar fáil d’fhostóirí Eorpacha
  • sonraí a fháil maidir le cúinsí maireachtála agus oibre i dtíortha uile de chuid an AE/LEE
  • seiceáil a dhéanamh ar fhéilire imeachtaí EURES chun sonraí a fháil i ndáil le haonaigh post Eorpacha agus imeachtaí eile i dtíortha uile de chuid an AE/LEE.

Scéim Soghluaisteachta Spriocdhírithe na hEorpa

Is scéim Eorpach um shoghluaiseachta post í Scéim Soghluaisteachta Spriocdhírithe na hEorpa trína sholáthraíonn cúnamh airgeadais do shaoránaigh de chuid an AE atá 18+ mbliana d’aois chun iad féin a athshuí i dtír eile de chud an AE, an Iorua an Íoslainn ar chúiseanna oibre nó chun taisteal chuig Agallamh i dtír eile de chuid an AE, san Iorua nó san Íoslainn.


Eolas agus naisc úsáideacha

EURES – Eolas agus Naisc Úsáideacha chun post a aimsiú san Eoraip.


Comhchistíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí agus Ciste Sóisialta na hEorpa EURES mar chuid de Chlár CSE um Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim, 2014-2020.