Conas teacht ar Sheirbhísí Leasa Pobail
- Foilsithe: 17 Meitheamh 2022
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025
- Líne Fóin Náisiúnta do Sheirbhísí Leasa Pobail
- Cad atá i gceist le Seirbhísí Leasa Phobail
- Déan iarratas ar íocaíochtaí faoin tSeirbhís Leasa Pobail
Líne Fóin Náisiúnta do Sheirbhísí Leasa Pobail
National Phone Line for Community Welfare Services
- Suíomh Gréasáin:
- Teileafón:
-
0818 607080
Cad atá i gceist le Seirbhísí Leasa Phobail
Cuireann an tSeirbhís Leasa Pobail cúnamh airgeadais ar fáil do dhaoine nach bhfuil dóthain acmhainní acu chun freastal ar a gcuid riachtanas, nó a bhfuil costas suntasach dosheachanta orthu nach féidir leo a íoc lena ngnáthfhoinsí ioncaim.
Feidhmíonn an tSeirbhís Leasa Pobail go náisiúnta i ngach ceantar den tír agus tá sí ar fáil chun cabhrú le custaiméirí atá i ngátar.
Ní gá i gcónaí bualadh le hOifigeach Leasa Pobail (OLP) chun éileamh a dhéanamh. Is féidir foirmeacha iarratais a phostáil nó a fhágáil isteach i d'Ionad Intreo áitiúil nó d'Oifig Bhrainse áitiúil.
Is féidir láithreacha go léir na Seirbhíse Leasa Pobail a fháil ar an léarscáil seo.
Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tSeirbhís Leasa Pobail freisin tríd an ríomhphost tiomnaithe atá ar fáil ar gach liostú Ionaid Intreo agus Oifige Brainse.
Tá OLPanna ar fáil i 51 Ionad Intreo ar fud na tíre chun bualadh le custaiméirí agus cabhrú leo le linn uaireanta gnó, cúig lá sa tseachtain.
Is féidir leo cruinnithe pearsanta agus éigeandála a éascú:
- ar an bhfón
- in aon Ionad Intreo/Oifig Bhrainse nó
- más gá, is féidir coinne dhíreach le haghaidh cuairt bhaile a shocrú
I measc na n-íocaíochtaí atá ar fáil trí Sheirbhísí Leasa Pobail tá:
- Íocaíocht um Riachtanais Bhreise
- Bunliúntas Leasa Forlíontach
- Forlíontaí Liúntais Leasa Fhorlíontaigh
- Forlíonadh Cíosa
Seirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (SBCA)
Is féidir leat comhairle neodrach a fháil ón SBCA maidir le conas:
- do bhuiséad a bhainistiú
- smacht a fháil ar fhiachas agus ar riaráistí morgáiste
Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin SBCA nó ar d'oifig áitiúil SBCA chun tuilleadh faisnéise a fháil
Déan iarratas ar íocaíochtaí faoin tSeirbhís Leasa Pobail
Déan iarratas ar Íocaíochtaí um Riachtanais Bhreise ar líne
Is féidir iarratas a dhéanamh ar Íocaíochtaí um Riachtanais Bhreise ar líne ag MyWelfare.ie
Déan iarratas ar íocaíochtaí eile faoin tSeirbhís Leasa Pobail
Chun iarratas a dhéanamh ar íocaíochtaí eile faoin tSeirbhís Leasa Pobail, is féidir leat:
- foirm iarratais a bhailiú in aon Ionad Intreo nó Oifig Bhrainse
- iarratas a dhéanamh le foirm iarratais a chur chugat tríd ár bhfoirm ar líne anseo
- an fhoirm SWA1 a íoslódáil:
Ba chóir an fhoirm a sheoladh ar ais tríd an bpost nó go pearsanta, chuig d'Ionad Intreo áitiúil nó d’Oifig Bhrainse.
Chun cabhrú le d'éileamh a phróiseáil, ba chóir duit an méid seo a leanas a chur san áireamh:
- Uimhreacha Pearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) duit féin, do do chéile, do pháirtí sibhialta nó do chomhchónaitheoir agus do leanaí
- cruthúnas ar sheoladh
- cruthúnas cónaitheachta (nuair is cuí)
- cruthúnas aitheantais ag teastáil mura bhfuil aon Chárta Seirbhísí Poiblí agat, mar shampla pas, ceadúnas tiomána, cead oibre, cead cónaithe Éireannach.
- doiciméid chun d'ioncam agus do staid airgeadais a thaispeáint, amhail duillíní pá agus ráitis bhainc
Déanfaidh Oifigeach Leasa Pobail teagmháil leat má tá aon eolas breise ag teastáil le haghaidh d'iarratais.
Déan Iarratas ar Fhorlíonadh Cíosa
Tá faisnéis maidir le hiarratas a dhéanamh ar an bhForlíonadh Cíosa ar fáil anseo.
Má tá ceist agat maidir le héileamh ar Fhorlíonadh Cíosa reatha nó iarratas nua, déan teagmháil le:
National Rent Supplement Section
- Seoladh:
- National Rent Supplement Section, PO Box 12188, Freepost FDN7609, Dublin 2
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
0818 607080