Dátaí Íocaíochta na Nollag agus Bónas 2024
- Foilsithe: 30 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 24 Nollaig 2024
- Dátaí íocaíochta na Nollag agus na hAthbhliana
- Eolas tábhachtach
- Cad atá le déanamh agat má tá tú ag fágáil an stáit
- Bónas Nollag
- Uaireanta oscailte na Nollag agus na hAthbhliana
Dátaí íocaíochta na Nollag agus na hAthbhliana
Má fhaigheann tú íocaíocht leasa shóisialaigh, d’fhéadfadh go n-athródh an dáta ar a bhfaigheann tú d’íocaíocht le linn thréimhse na Nollag agus na hAthbhliana. Tá sonraí na socruithe íocaíochta go léir don tréimhse seo ar fáil thíos.
Íocaíochtaí seachtainiúla
Má fhaigheann tú íocaíocht leasa shóisialaigh sheachtainiúil, gheobhaidh tú d’íocaíocht mar is gnách le linn na seachtaine dar tús Dé Luain an 16 Nollaig, chomh maith le réamhíocaíocht don tseachtain ina dhiaidh sin. Baineann sé sin le híocaíochtaí a dhéantar ag oifigí poist, le seic nó go díreach isteach i do chuntas institiúid airgeadais.
Dáta dlite na híocaíochta | Déanfar íocaíocht ar an | |
16, 17, 18, 19, 20 Nollaig 2024 | Gan athrú | |
23, 24, 25, 26, 27 Nollaig 2024 | an tseachtain dar tús an 16 Nollaig | |
1 Eanáir 2025 | go 31 Nollaig 2024 | |
Eolas tábhachtach
Má tá íocaíocht cuardaitheora poist shealadaigh nó pháirtaimseartha á fáil agat, ní mór duit duillíní a sholáthar roimh ré mar a moladh lena chinntiú go leanfar le híocaíochtaí leat thar thréimhse na Nollag.
Tar éis dúinn na duillíní a fháil, íocfar thú mar a leanas:
- I gcás Liúntas Cuardaitheora Poist, gheofar dhá íocaíocht Dé hAoine, an 20 Nollaig lena gclúdófar na **seachtainí sínithe dar gcríoch an 17 agus an 24 Nollaig
- Le Sochar Cuardaitheora Poist, gheofar dhá íocaíocht Dé hAoine, an 20 Nollaig lena gclúdófar na **seachtainí sínithe dar gcríoch an 18 agus an 25 Nollaig
- tosóidh na gnáthshocrúcháin íocaíochta arís Dé Máirt, an 7 Eanáir 2025 le haghaidh na **seachtaine sínithe dar críoch an 31 Nollaig agus an 1 Eanáir
** i gcomhthéacs na scéimeanna seo, tagraítear don tseachtain íocaíochta riaracháin le ‘seachtain sínithe’
Chun a chinntiú go bhfaighidh tú d’íocaíocht go tráthúil an mhí seo, lean na treoracha ar MyWelfare.ie maidir le conas do phátrúin oibre a chur isteach i gceart.
Custaiméirí an tSochair Breoiteachta: lean ort le do ‘Dheimhniú Éagumais chun Oibre’ a sheoladh isteach thar thréimhse na Nollag agus na hAthbhliana.
Cad atá le déanamh agat má tá tú ag fágáil an stáit
Má tá liúntas tacaíochta ioncaim á fháil agat ón Roinn Coimirce Sóisialaí ba chóir duit a chur in iúl dúinn go mbeidh tú as láthair roimh thaisteal, is féidir leat é seo a dhéanamh ach cuairt a thabhairt ar d’Ionad Intreo nó d’Oifig Brainse áitiúil.
Bónas Nollag
Féadfaidh tú an bónas a fháil má fhaigheann tú:
- Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas *
- Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair
- Díbhinn Teaghlaigh um Fhilleadh ar Obair
- Íocaíocht Sheachtainiúil do Thairbhí de Chosaint Shealadach
- Íocaíocht Sochair do Dhaoine 65 Bliain d’Aois
- Pinsean na nDall
- Liúntas Cúramóra
- Sochar Cúramóra
- Clár Fostaíochta Pobail
- Liúntas Costais Laethúla *
- Scéim an tSochair Bháis (faoin Scéim Díobhálacha Ceirde)
- Sochar Banchéile Thréigthe agus Liúntas Banchéile Thréigthe
- Liúntas Míchumais
- Sochar Míchumais
- Liúntas Cúraim Baile
- Cúnamh Feirme
- Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocach agus Neamhranníocach)
- Sochar Breoiteachta *
- Pinsean Easláine
- Liúntas Cuardaitheora Poist *
- Rannpháirtithe Tionscnaimh Jabanna
- Íocaíocht Idirthréimhseach do Lucht Cuardaigh Fostaíochta
- Scéim Choimisiún Magdalen
- Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora
- Sochar Cumais Pháirtigh
- Scéim Shóisialta na Tuaithe
- Pinsean Stáit (Ranníocach) agus Pinsean Stáit (Neamhranníocach)
- Scéim an Liúntais Leasa Fhorlíontaigh (LLF) *
- Tús (tionscnamh pobail um shocrúcháin oibre)
- Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) agus Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamhranníocach)
** Ní íocfar Bónas na Nollag leat ach amháin má tá íocaíocht incháilithe á fáil agat le 12 mhí ar a laghad.
Uaireanta oscailte na Nollag agus na hAthbhliana
Beidh gach oifig roinne dúnta, lena n-áirítear Ionaid Intreo agus Oifigí Brainse, ar an 25 agus an 26 Nollaig 2024 agus an 1 Eanáir 2025.
Guíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí Nollaig Shona agus Athbhliain faoi Mhaise oraibh.