English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Déan iarratas ar Ráiteas Ranníocaíochta



Céard is Ráiteas Ranníocaíochta ann?

Achoimre de do thaifead árachais shóisialaigh pá choibhneasa (ÁSPC) in Éirinn is ea ráiteas ranníocaíochta. Tugann sé sonraí duit maidir leis an méid ranníocaíochtaí ÁSPC atá agat suas go deireadh na bliana cánach is deireanaí agus cé mhéad creidmheasanna a fuair tú.


Cén fáth ar cheart dom mo Ráiteas Ranníocaíochta a sheiceáil?

Cabhróidh do Ráiteas Ranníocaíochta leat do theidlíochtaí pinsin stáit a ríomh agus a thuiscint.

Má dhéanann tú do ráiteas a sheiceáil chun a chinntiú go bhfuil do ranníocaíochtaí nó do chreidmheasanna go léir i gceart, beidh an próiseas níos tapúla duit agus d'éileamh á dhéanamh agat.

Déan do ráiteas a sheiceáil chun a chinntiú go bhfuil na ranníocaíochtaí agus/nó na creidmheasanna go léir á dtaispeáint do na blianta a d'oibrigh tú nó a d'éiligh tú sochair ionas nach gcuirfear aon mhoill ar do tharraingt anuas pinsin nuair a shocraíonn tú d'éileamh a dhéanamh.


Conas a fhaightear an Ráiteas Ranníocaíochta?

Is é an bealach is tapúla agus is éasca le hiarratas a dhéanamh ar ráiteas ná trí MyWelfare.ie:

Leis an seirbhís ar líne sin is féidir leat:

  • iarratas a dhéanamh ar ráiteas ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh a fuarthas, amhail sochair, liúntais agus pinsin
  • iarratas a dhéanamh ar ráiteas ar do stair agus ar thaifead ar na ranníocaíochtaí atá íoctha agat

Céard is Ranníocaíocht ann?

Faigheann tú ranníocaíocht amháin in aghaidh gach seachtain a oibríonn tú i bhfostaíocht inárachais. Úsáidtear an téarma ‘fostaíocht inárachais’ chun cur síos a dhéanamh ar fhostaíocht atá faoi dhliteanas ranníocaíochtaí ÁSPC.

Tugtar ÁSPC (Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa) ar do ranníocaíochtaí ÁSPC in Éirinn. Uaireanta, cloistear daoine ag baint úsáide as an bhfocal stampaí agus iad ag tagairt do ranníocaíochtaí ÁSPC.

Má tá tú féinfhostaithe, íocann tú ranníocaíochtaí ÁSPC Aicme S go díreach leis na Coimisinéirí Ioncaim. Tá tuilleadh eolas maidir le ÁSPC do dhaoine féinfhostaithe ar fáil anseo.


Cad is Ranníocaíocht do Chúramóirí Fadtéarmach ann?

Féadfaidh an Scéim Ranníocaíochta do Chúramóirí Fadtéarmacha é a dhéanamh níos éasca do dhuine a thug cúram fadtéarmach do dhuine éagumasaithe cáiliú don Phinsean Stáit (Ranníocach) nuair a shroicheann siad aois an phinsin.

Faoin scéim sin, cuirfear tréimhsí ama a chaithtear ag tabhairt aire lánaimseartha do dhuine éagumasaithe san áireamh mar Ranníocaíocht do Chúramóirí Fadtéarmacha ar do thaifead ranníocaíochta ÁSPC.

Tá sé tábhachtach go dtabharfar faoi deara nach féidir Ranníocaíochtaí do Chúramóirí Fadtéarmacha a úsáid ach do Phinsean Stáit (Ranníocach) agus nach féidir iad a úsáid go dtí go bhfuil íosmhéid de 1040 seachtain cúraim (20 bliain) déanta agat.

Is é an bealach is tapúla chun iarratas a dhéanamh ar Ranníocaíochtaí do Cúramóirí Fadtéarmacha ná ar líne ag MyWelfare.ie.

Is féidir tuilleadh eolais maidir le Ranníocaíochtaí do Chúramóirí Fadtéarmacha a fháil anseo.


Céard is creidmheas ann?

Is éard is creidmheasanna (ranníocaíochtaí creidiúnaithe) ann ná ranníocaíochtaí ÁSPC ar féidir a bhronnadh ar dhaoine faoi árachas nach bhfuil in ann leanúint ar aghaidh le ranníocaíochtaí ÁSPC ó fhostaíocht a íoc.

Bronntar iad ar chustaiméirí i gcúinsí áirithe amhail:

  • le linn tréimhsí éagumais chun oibre nó tréimhsí de dhífhostaíocht chruthaithe
  • ar liúntais nó sochair ÁSPC ar leith a fháil
  • ar pháirt a ghlacadh i scéim fostaíochta aitheanta
  • ar pháirt a ghlacadh i gcúrsa oiliúna nó oideachais faofa

Má tá briseadh ag duine ina t(h)aifead árachais mar gheall ar bhreoiteacht, dífhostaíocht nó cás incháilithe eile, féadfar creidmheas a bhronnadh (faoi réir coinníollacha cáilitheacha eile) le haghaidh gach seachtain chun an bhearna idir tréimhsí fostaíochta inárachais a líonadh.

Cabhraíonn na creidmheasanna sin leis an taifead árachais a choinneáil gan sos agus is féidir leo cabhrú le duine cáiliú do shochair leasa shóisialaigh eile ag céim níos déanaí. Ní chruthaíonn creidmheasanna teidlíocht ina n-aonar, ach is féidir leo cuidiú le teidlíochtaí a choimeád agus a fheabhsú.

Tá tuilleadh eolais maidir le creidmheasanna ar fáil anseo.


Cén fáth ar cheart dom mo Ráiteas Ranníocaíochta a léamh?

Tá do ráiteas ranníocaíochta roinnte i gcolúin éagsúla. Mínítear gach colún thíos:

  • Bliain (Colún 1): An bhliain ábhartha
  • Ranníocaíochtaí Íoctha (Colún 2): Sa cholún seo tá sonraí faoi do ranníocaíochtaí íoctha a sheol d'fhostóir ar ais nó aon ranníocaíochtaí féinfhostaíochta íoctha do gach bliain ábhartha
  • Ranníocaíochtaí Creidiúnaithe (Colún 3): Sa cholún seo tá sonraí faoi do ranníocaíochtaí creidiúnaithe atá nasctha le haon íocaíochtaí leasa shóisialaigh a fuair tú
  • Ranníocaíochtaí do Chúramóirí Fadtéarmacha (Colún 4): Sa cholún seo tá sonraí faoi ranníocaíochtaí d'aon tréimhse fhaofa a thug tú cúram lánaimseartha do dhuine éagumasaithe. Ní mór 1040 tréimhse/seachtain (20 bliain) de chúram a bheith sa cholún seo agat, sular féidir iad a úsáid i gColún 5
  • Ranníocaíochtaí Ináirithe le haghaidh Pinsin (Colún 5): Sa cholún seo tá sonraí faoi do ranníocaíochtaí a áirítear i dtreo an Phinsin Stáit (Ranníocach)
  • Ranníocaíochtaí Ináirithe le haghaidh Pinsin (Colún 6): Sa cholún seo tá sonraí faoi do ranníocaíochtaí creidiúnaithe a d'fhéadfadh a bheith san áireamh i leith an Phinsin Stáit (Ranníocach)
  • Ranníocaíochtaí Iomlána Ináirithe agus Ranníocaíochtaí Creidiúnaithe (Colún 7): Sa cholún seo tá figiúr iomlán de do ranníocaíochtaí ináirithe agus do chreidmheasanna ináirithe